An difríocht idir athruithe ar: "Adam Mickiewicz"

Content deleted Content added
m Robot: en:Adam Mickiewicz is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Íomhá:Adam Mickiewicz.jpg|thumb|200px|Adam Mickiewicz]]
B'é '''Adam Bernard Mickiewicz''' (Zaosie [[24 Nollaig]] [[1798]] - Cathair Chonstaintín [[26 Samhain]] [[1855]]) [[filíocht|file]] náisiúnta na [[An Pholainn|Polainne]]. In éineacht le [[Juliusz Słowacki]] agus [[Zygmunt Krasiński]], áirítear é ar an bhfile is mó de chuid an Rómánsachais Pholannaigh, agus é á chur i gcomparáid le [[George Gordon, Lord Byron|Byron]] féin ó am go ham.
 
== A Óige ==
Uaisle ab ea iad muintir Mickiewicz ó thaobh na dtaobhann. Mikołaj Mickiewicz a bhí ar a athair, agus b'í Barbara ''née'' Majewska a mháthair. D'fhás sé suas sa [[An Liotuáin|Liotuáin]] stairiúil, i gceantar ar cuid den [[An Bhealarúis|Bhealarúis]] é inniu. Chuaigh sé ag staidéar in ollscoil [[Vilnias|Vilnius]] (Wilno), agus ansin, chuir sé suim sa [[náisiúnachas]] agus sa réabhlóideachas. San am seo, bhí críochdheighilt tar éis dul ar an bPolainn agus ar an Liotuáin, agus theastaigh ó na Polannaigh a dtír a shaoradh ó bhráca na Prúise, na [[An Ostair|hOstaire]] is na [[An Rúis|Rúise]]. Mar sin, bhí cumainn rúnda ag obair go gníomhach i measc an aos léinn.
 
== Mickiewicz mar Scríbhneoir ==
Líne 10:
Sa bhliain 1828, d'fhoilsigh sé dán mór eipiciúil - ''Konrad Wallenrod''. Tugann an mórshaothar seo cur síos ar na Ridirí Teotanacha, agus iad ag cur cogaidh ar na Liotuánaigh Phágánta. Fáthscéal atá ann a fuair spreagadh ó choimhlint na bPolannach agus na Rúiseach, ach níor aithin cinsirí an tSáir é, agus mar sin, cuireadh an dán i gcló.
 
Nuair a fuair Mickiewicz cead taistil arís, thréig sé an Rúis agus chuaigh sé ar imirce go dtí [[an Ghearmáin]], agus ina dhiaidh sin, go dtí an Iodáil. B'ansin a chum sé an chéad dá dhán eipiciúla eile, mar atá, ''Dziady'' ("Oíche Shamhna") agus ''Pan Tadeusz'' ("An Tiarna Tadeusz"). [[Úrscéal]] iomlán i bhfoirm véarsaíochta is ea é ''Pan Tadeusz'', agus is é an saothar is faide a tháinig as a pheann. Cur síos atá ar shaol na tuaithe is na n-uasal sa Liotuáin (is é sin, i sean-Ard-Diúcacht na Liotuáine, - le fírinne, tá fód dúchais Mickiewicz sa Bhealarúis inniu), agus é suite sa bhliain 1812, faoin am ar fhéach na Polannaigh is na Liotuánaigh lena sean-neamhspleáchas a bhaint amach arís, le cuidiú [[Napoléon Bonaparte|Napoleon]].
 
Sa bhliain 1832, thréig Mickiewicz [[an Iodáil]] agus d'aistrigh sé go [[Páras]]. Chaith sé cupla bliain i mbochtanas, agus phós sé Celina Szymanowska, bean Pholannach de phór Ghiúdach. Níor iompaigh an pósadh amach rathúil, nó buaileadh Celina breoite le galar intinne go gairid ina dhiaidh sin. Fuair Adam Mickiewicz post léachtóireachta sa ''Collège de France'', ansin, mar Ollamh le Léann Slavach. San am seo, áfach, bhí sláinte a intinne ag teip air féin, agus an cruachás a ndeachaigh sé tríd. Níor éirigh an léachtóireacht leis, nó bhí sé ag tarraingt cúrsaí polaitíochta agus creidimh chuige nuair ba chóir dó bheith ag tabhairt cuntais ar an litríocht. Sa bhliain 1844, i ndiaidh trí bliana léachtóireachta, d'éirigh sé as an bpost. Bhí sé faoi thionchar fhealsúnacht Mheisiasach Andrzej Towiański, smaointeoir mistiúil reiligiúnda ón bPolainn a bhí ag cur faoi san [[An Fhrainc|Fhrainc]] i dtús na [[1840idí]], agus ní raibh smaointeachas Towiański ag taithneamh le rialtas na Fraince ná fiú le cuid mhaith de na himirceoirí Polannacha i bPáras.
Líne 18:
 
== Deireadh a shaoil ==
Fuair Adam Mickiewicz bás sa bhliain 1855. San am sin, bhí na Sasanaigh agus na Rúisigh ag cur [[Cogadh na Crimé|cogaidh]] ar a chéile faoin gCrimé, agus theastaigh ó Mickiewicz saighdiúirí Polannacha a earcú ina Léigiún Polannach le páirt a ghlacadh sa chogadh. Nuair a bhí sé ag tabhairt cuairte ar champa míleata sa [[An Tuirc|Tuirc]], tholg sé calar, agus stiúg sé leis an aicíd seo go luath. hAdhlacadh i bPáras é, ach tugadh a chnámha go dtí [[Kraków|Cracó]] sa Pholainn sa bhliain 1900.
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Polannacha|Mickiewicz, Adam]]