An difríocht idir athruithe ar: "Agaistínigh"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 36 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q214528 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Íomhá:Tiffany_Window_of_St_Augustine_-_Lightner_Museum.jpg|thumb|270px|[[Naomh Agaistín|Naomh Aibhistín]] i bhfuinneog le [[Louis Comfort Tiffany]] sa [[Lightner Museum]], [[St. Augustine, Florida]].]]
 
Is [[Ord Rialta|ord rialta]] de chuid [[Eaglaiseaglais Chaitliceach Rómhánach|na hEaglaise Caitlicí]] na '''hAgaistínigh''' ([[An Laidin|Laidin]]: ''Ordo Sancti Augustini'' '''OSA'''), dream atá ar oird na mbráthar. Cé go bhfaigheann siad inspioráid ó [[Naomh Agaistín|Naomh Aibhistín]] Hippo (354-430), bunaíodh iad sa bhliain 1256. Ba iad [[Martin Luther]] agus [[Gregor Mendel]] an dá bhall ba chailiúla den ord.
 
Tar éis dó a iompú ina Chríostaí, chum Naomh Aibhistín riail do chumann fíréan, agus í faoi anáil Naomh Antóin na hÉigipte. Chuaigh an cumann seo i neart agus i méid san Afraic Thuaidh, ach níl fianaise ann lena thaispeáint go raibh baint idir an cumann a bhunaigh Naomh Aibhistín agus an t-ord atá inniu ann. Aithnítear, mar sin féin, go raibh a lán manach agus eirimíteach a thug Agaistínigh orthu féin i ndeisceart na hEorpa leathchéad bhliain i ndiaidh bháis Aibhistín sa bhliain 430. Is cosúil gur fhág siad an Afraic Thuaidh de bharr na creiche a rinne na Vandail sna bólaí úd.