An difríocht idir athruithe ar: "Ailtéarnú na nglún"

Content deleted Content added
cata
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
Dul chun cinn timthriall beatha [[planda]] trí dhá fhoirm atáirgthe. Sa ghlúin ghnéasach (an [[Gaiméitifít|ghaiméitifít]]), táirgtear gaiméití haplóideacha. Comhcheanglaíonn siad seo chun spóraifítí dhioplóideacha a dhéanamh. Sa ghlúin neamhghnéasach, táirgeann siad seo spóir haplóideacha, agus uathu sin fasann gaiméitifítí nua. In algaí is í an ghaiméitifít an phríomhghlúin a shealbhaíonn mórchuid den timthriall bheatha, bíodh is go bhfuil an dá ghlúin do-aitheanta óna chéile ó thaobh struchtúir. I mbrifítí bíonn an ghaiméitifít ceannasach freisin, ach bíonn struchtúir na ngaimifítí is na spóraifítí éagsúil amach is amach óna chéile. I [[pteridophyta|raithneach]], [[gimnispeirmeacha]] is plandaí bláfara, bíonn an [[spóraifít]] ceannasach, agus i bplandaí bláfara léiríonn an pailinfheadán is sac an tsutha an ghaiméitifít. Tarlaíonn ailtéarnú na nglún in [[Ainmhí|ainmhithe]] ar leith. Mar shampla, i gcéalantrátaigh ailtéarnaíonn an staid ghnéasach meidiúsa le staid neamhghnéasach cosúil le polaip.
 
{{Fréamh an Eolais}}