An difríocht idir athruithe ar: "Airiasachas"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
 
Líne 1:
Is éard a bhí i gceist leis an '''Airiasachas''' (''eiriceacht Áiris'' an leagan a thugann foclóir de Bhaldraithe) ná an teagasc diagachta a luaitear le hAirias ([[250]]-[[336]] AD), preispitéir Críostaí a bhí ag obair i g[[Cathair Alastair]] san [[An Éigipt|Éigipt]]. Bhí Airias barúlach nach cuid de Dhia a bhí in Íosa, ach neach ar leith agus é cruthaithe ag Dia. Bhí tionchar nár bheag ag an Airiasachas le lá Airiais agus go gairid i ndiaidh a bháis, nó ba Airiasaigh iad na hImpirí Rómhánacha [[Valens]] agus [[Constantius a Dó]]. Uaireanta, tugtar "Airiasachas" ar fhoirmeacha neamh-Thríonóideacha eile den chreideamh Chríostaí seachas an tAiriasachas sa chiall chúng.
 
[[Catagóir:Eiriceachtaí]]