An difríocht idir athruithe ar: "Albany, Nua-Eabhrac"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 17:
|líonláithreán = www.albanyny.org
}}
Príomhchathair [[Nua-Eabhrac (stát)|Stát Nua-Eabhrac]] i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|SAM]] is ea '''Albany''', suite 150 míle slí (240 km) ó thuaidh de [[Nua-Eabhrac (cathair)|Chathair Nua-Eabhrac]] ar an mbruach thiar den [[Abhainn Hudson]]. Bhí 93,539 duine ina gcónaí in Albany sa bhliain 2008 de réir meastachán Bhiúro an Daonáirimh, a mheas freisin (2009) go raibh 857,592 duine ina gcónaí sa cheantar uirbeach ar fad. Ceantar an Phríomhbhaile ("Capital District") a thugtar ar Albany in éineacht le roinnt cathracha atá ina aice, dála Troy agus Schenectady.
 
Chuir na chéad Eorpaigh fúthu san áit a bhfuil Albany anois sa bhliain 1614, sular bunaíodh Nua-Amstardam (Cathair Nua-Eabhrac inniu). Tá Albany ar na bailte is sine de chuid lonnaíochtaí na 13 coilíneacht i Meireacá. Na hOllannaigh a bhunaigh Albany mar ionad trádála leis na hIndiaigh Mheireacánacha, ag cur Dúnfort Nassau ar bun sa bhliain céanna úd agus Dúnfort Oráiste sa bhliain 1624. Spreag trádáil na bhfionnadh fás daonra timpeall Dúnfort Oráiste; Beverwijck a tugadh ar an tsráidbhaile seo. Nuair a ghabh na Briotanaigh an baile sa bhliain 1664, bhaist siad as an nua é in onóir Diúc Albany ([[Séamas III, Rí na nAlbanach]] ní ba dhéanaí). As "Albain" a tháinig an t-ainm "Albany".