Difference between revisions of "An Araibis"

96 bytes added ,  5 years ago
m
Bot: Fixing redirects
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
m (Bot: Fixing redirects)
|líne_ghinealaigh=[[Teangacha Afráiseacha|Afráiseach]] <br />&nbsp;[[Teangacha Seimíteacha|Seimíteach]]<br />&nbsp;&nbsp;Láir<br />
&nbsp;&nbsp;&nbsp;Deisceart<br />&nbsp;&nbsp;&nbsp; '''Araibis'''
|teanga_oifigiúil_ginideach=[[Náisiúin Aontaithe|Na Náisiúin Aontaithe]]
|rialtóir=[[An Éigipt]]: Acadamh na Teanga Araibise
|iso1 = ar |iso2 = ara |iso3=ara |macratheanga=is ea}}
Faoin mbliain 2000 roimh bhreith Chríost a thosaigh an Acáidis ag titim as a chéile, agus gach canúint ag dul a bealach féin. B'iad an Aisiris agus an Nua-Bháibileoinis an dá chanúint ba tábhachtaí acu seo, ach má bhí féin, chuaigh an chéad cheann acu in éag faoin am a rugadh Críost. Ní léir go fóill cad é an gaol a bhí acu seo le dhá sheanteanga eile ar baisteadh Éablaítis agus Úgáirítis orthu. Tá scríbhinní sa chéad teanga le fáil i dTeill Máirdít (Ebla) faoi thrí scór ciliméadar ó dheas d'Aileapó, agus iarsmaí an dara ceann faighte amach ag lucht na seandálaíochta i Rais Seamra (Ugarit) láimh le Lataicia.
 
Tá muid níos eolaí ar chinniúint na dteangacha Séimíteacha Iar-Thuaisceartacha, mar atá, an [[An Aramais|Aramais]] agus an [[An Eabhrais|Eabhrais]] thar aon cheann eile. Dealraíonn sé go dtéann na teangacha seo siar go dtí an Amóirítis, teanga nach bhfuil mórán fágtha di thar na hainmneacha pearsanta i gcartlanna Acáideacha. Bhí an Aramais an-difriúil leis an Eabhrais cheana nuair a breacadh an dá theanga síos an chéad uair riamh, ach tá aon dlúthghaol amháin, ar a laghad, ag an Eabhrais - an Fhéinícis. Cuid de na canúintí Féiníceacha, tá siad comh cosúil leis an Eabhrais agus nach féidir a rá cé acu den dá theanga seo atá i gceist dáiríribh.
 
Ó thaobh an chultúir de, is í an Eabhrais an ceann is tábhachtaí de na teangacha seo. Baineann Eabhrais an Bhíobla leis na blianta 1200-200 roimh bhreith Chríost, ach tá an teanga bheo ar fáil ina lán caipéisí ó na blianta ina dhiaidh sin freisin - go háirithe sa [[Talmúd]]. Bailiúchán de litríocht saíochta, fealsúnachta agus teagaisc is ea é an Talmúd. Chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha faoin am a rugadh Críost, agus an Aramais á leitheadú mar a bheadh loscadh sléibhe ann. Ar ndóighe, níor éirigh lucht léinn an Ghiúdachais riamh as a seanteanga a shaothrú sna scríbhinní; agus san fhíchiú haois thosaigh na [[Siónachas|Siónaigh]] ag labhairt Eabhrais lena gclann leis an teanga a athbheochan mar ghnáthurlabhra phobail.
=== Meán-Araibis na nGiúdach ===
 
Ba nós leis na Giúdaigh riamh a n-aibítir féin a chur i bhfeidhm ar gach teanga dá labhróidís - mar seo a cruthaíodh an [[GiúdaisAn Ghiúdais|Ghiúdais]], an cineál Meán-Ghearmáinise a chleachtaíodh Giúdaigh Oirthear na hEorpa roimh [[uileloscadh]] [[Adolf Hitler|Hitler]]. D'imir siad an cleas céanna ar an Araibis. Tá an chuid is mó de na téacsanna Giúdacha Araibise sách cóngarach don chaighdeán Chlasaiceach. Dealraíonn sé, ar a laghad, nár thug na scríbhneoirí Giúdacha aon iarracht riamh ar eilimintí gnáthchainte a ligean isteach sa teanga scríofa d'aon ogham. San am chéanna, tá cuid mhór Eabhraise, idir fhocail agus abairtí iomlána measctha tríd an Araibis a scríobhadh siad.
 
=== Meán-Araibis na gCríostaithe ===
Nuair a d'fhorghabh na Normannaigh Málta, chuaigh an Araibis Chlasaiceach i léig san oileán, agus na Muslamaigh a bhí ina gcónaí ansin, murar maraíodh iad, cuireadh d'fhiachaibh orthu iompú chun Críostaíochta. Ós rud é gurbh ionann an Araibis Chlasaiceach agus Araibis an Chórain, ní fhéadfá í a shaothrú mar theanga chultúrtha a thuilleadh, agus tú ag iarraidh gothaí an dea-Chríostaí a chur ort féin. Déanta na fírinne, is iomaí Máltach nach n-admhaíonn sa lá atá inniu ann gur canúint Araibise atá á labhairt aige: is fearr leis a áitiú air féin gur sean-[[Féinícis|Fhéinícis]] - teanga Shéimíteach atá níos cosúla leis an Eabhrais ná an Araibis, mar a chonaic muid thuas - a bhí ag a shinsir ar tús, agus nach raibh ag an Araibis ach tionchar láidir ar an teanga seo. Ní ghéilleann lucht na teangeolaíochta don chineál seo cainte, áfach. Is léir go raibh Féinícis ag muintir an oileáin ó thús, agus gur chuidigh an teanga ghaolmhar seo leo a gcuid féin a dhéanamh den Araibis nuair a tháinig orthu - ach sin a raibh ann.
 
Ní raibh sa [[MáltaisAn Mháltais|Mháltais]] go ceann i bhfad ach canúint labhartha, agus í á forbairt ina treo féin beag beann ar dhomhan mór na hAraibise. Fuair sí na mílte focal ar iasacht ón [[An Iodáilis|Iodáilis]], agus nuair a tháinig [[An Ríocht Aontaithe|na Sasanaigh]] i seilbh an oileáin, thosaigh na focail Bhéarla ag sileadh isteach.
 
Maidir le hAraibis na Cipre, tá sí ar tí dul in éag ar fad, faraoir géar. Ní raibh sí á labhairt riamh ach in aon sráidbhaile amháin, Kormakiti, agus nuair a d'ionsaigh na Turcaigh an Chipir le tuaisceart an oileáin a ghabháil sa bhliain 1974, scaipeadh an chuid ba mhó de bhunadh an tsráidbhaile ar fud na leithe Gréagaí den oileán, agus iad ar a dteitheadh ó na Tuircigh.
 
Canúint chónaitheach ón tSír í Araibis Khormakiti go bunúsach. Ar a laghad, sin iad an cineál canúintí is cosúla léi. Inniu, áfach, tá sí breac le hiasachtaí [[GréigisAn Ghréigis|Gréigise]]e, agus is ar éigean a bheifeá ag súil lena mhalairt. Nó is teanga í nach mbreactar síos de ghnáth. Má scríobhtar an-chorruair í, is dócha gurb iad na litreacha Gréigise a chuirtear i bhfeidhm uirthi, nó is í an Ghréigis a úsáideann muintir Khormakiti mar theanga liteartha shibhialta.
 
== Litríocht na hAraibise ==
De réir a chéile, meascadh an dá ghné trí chéile, i gcruth is gur fáisceadh dán grá de chineál úr astu - filíocht atá níos cosúla leis na hamhráin a chluinfeá ó thrúbadóirí na hEorpa sna meánaoiseanna. Déanta na fírinne, creidtear go raibh tionchar éigin ag filíocht na nArabach ar an trúbadóireacht san Eoraip.
 
Nuair a tháinig Clann Abbáis - nó na hAbásaidigh - i seilbh na cailifeachta, bhí malairt cuma ar an bhfilíocht ghrá cheana. Bhí filíocht gháirsiúil á saothrú ag filí áirithe, ach is léir nach raibh aon ghlacadh oscailte ag an saol mór lena leithéid i sochaí an Ioslaim. B'í an fhilíocht [[homaighnéasachas|homaighnéasach]] a tháinig chun tosaigh i dtréimhse na nAbásaideach. B'iad coinbhinsiúin agus comhghnása na filíochta Peirsí ba bhunsiocair leis seo; ach i mbreis ar an tionchar sin, dá n-úsáidfeá fíorainm mná i ndán anghrách, is féidir go sílfeadh athair cailín éigin ar comhainm le cailín an dáin, - go sílfeadh sé gur ag maslú a iníne-sean nó ag cur mígheanmnaíocht ina leith-se a bheifeá. Mar sin, bhí sé ní ba sábháilte cloí leis an ngrá homaighnéasach mar ghnás liteartha, beag beann ar an chineál craicinn ab fhearr leis an bhfile ina shaol phríobháideach féin. Dealraíonn sé, áfach, go raibh Abú Nubhás, máistir an chineál seo filíochta, - go raibh sé féin ina fheileacán dháiríre.
 
Cuid den fhilíocht ghrá a scríobhadh i dtús ré na nAbásaideach, ní fíordhánta grá a bhí iontu ach dánta diaga misticiúla a bhí ag tabhairt cur síos ar an tsirtheoireacht reiligiúnda, ar an dóigh a raibh an Muslamach fíréanta ag iarraidh a bhealach a dhéanamh a fhad le Dia. Fuair go leor filí misticiúla an oiread sin múnlaí is gnása ar iasacht ó na dánta grá is go gcaithfidh tú saineolas éigin a tharraingt ort leis an gciall reiligiúnda a bhaint as an sórt seo filíochta. (Mar sin féin, tá an chiall sin ann. Bhíodh an tAyatollah Khomeiní féin - an fear céanna a theilg Salman Rushdie chun báis - ag scríobh filíocht faoi "aoibhneas an fhíona sa tábhairne", nach n-aithneofá aon tseach-chiall dhiaganta uirthi - go dtí go gcluinfeá cé a chum an dán...)
19,799

edits