An difríocht idir athruithe ar: "An Afganastáin"

Content deleted Content added
m Robot: de:Afghanistan is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 10:
|dnlc=34|dnln=30|dnlNS=N|dnfc=69|dnfn=10|dnfEW=E|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thiar
|cathair_is_mó= [[Cabúl]]
|teangacha_oifigiúla=[[An Phaistis|Paistis]], [[An Pheirsis|Peirsis]]
|cineál_rialtais=[[Poblacht Ioslamach]]
|teidil_na_gceannairí=[[Uachtarán na hAfganastáine]]
Líne 43:
|fonótaí=}}
 
Tír [[An Áise|Áiseach]] í '''an Afganastáin''' ([[An Phaistis|Paistis]]/Dairi-Pheirsis: افغانستان, Afğānistān). Tá sí suite i lár na hÁise agus í teorainn ar theorainn leis [[an Iaráin]], [[an Phacastáin]], [[an Tuircméanastáin]], leis [[an Úisbéiceastáin]], leis [[an Táidsíceastáin]] agus leis [[Daon-Phoblacht na Síne|an tSín]]. Is é [[Cabúl]] an phríomhchathair. Tá 31.4 milliún duine ina gcónaí sa tír.
 
== Stair ==
Tá iarsmaí daonna ar na sléibhte atá níos sine ná caoga míle bliain, agus léiríonn iontaisí plandaí gur thosaigh an fheirmeoireacht i gceantar an Hindu Kush timpeall an ama sin. Creidtear gur ann a rinneadh cré-umha den chéad uair. Bhí bailte á dtógáil thart faoi chúig mhíle bliain ó shin. Meastar gur bunaíodh Cabúl timpeall 1,500 RC.
 
Timpeall 600 RC bhunaigh [[Sorastar|Zoroaster]] creideamh nua aon Dé i m[[Baictria]]. I gceann tamaill tháinig cuid mhór den tír faoi smacht impireacht na Peirse. Tar éis d'[[Alastar Mór]] an Pheirse a ghabháil chuir sé smacht ar an Afganastáin, agus bhí na Gréagaigh faoi réim ar feadh cúpla céad bliain. D'fhás cultúr ar leith sa tuaisceart a raibh rian an Bhúdachais agus na Gréige air. Impireacht Kushan a tugadh ar an tréímhse sin, ach thit an impireacht as a chéile i 220 AD. Ghlac na Hunaigh seilbh ar an tír i 400 AD agus rinne siad slad; tháinig na Peirsigh i réim arís i 550 AD ach is iomaí éirí amach a bhí ann. Thug na hArabaigh an t[[Ioslamachas]] chun na tíre i 652.
 
Bunaíodh impireacht Ioslamach [[Ghaznavid]] ([[962]]-[[1140]]) agus bhí príomháit ag an Afganastáin i sibhialtacht na Muslamach. Nuair a cailleadh [[Machmad Ghazni]] i [[1030]] thit a ríocht as a chéile agus ní raibh cosaint ar bith ag na hAfganastánaigh ar [[Geingeas Cán|Gheingeas Cán]] nuair a rinne sé ionradh ar an tír i [[1219]]. Scrios Geingeas Cán an córas uiscithe agus rinne fásach buan de cheantair a bhí an-torthúil tráth.
Líne 54:
Bhí [[Timour-i-Lang]] i réim ó [[1370]] go [[1404]].
 
Ghlac Afganastánach darbh ainm Buhlul seilbh ar [[Delhi|Deilí]] na h[[An India|India]] gur bhunaigh sé ríshliocht [[Lodi]]. Rinneadh ionradh ar an Afgánastáin ón India ina dhiaidh sin agus bhí dreamanna éagsúla faoi réim ann go dtí gur éirigh le [[Ahmad Shah]] [[Kandahar|Candahar]] a ghabháil i [[1747]] agus críocha na hAfgánastáine a aontú. Bhí sé i gcumhacht go dtí [[1773]] agus impireacht thréan aige. Ach ba mhinic daoine i mbun ceannairce san 18ú haois, agus rinne an Pheirs ionsuithe gan rath.
 
==== An 19ú hAois ====
 
Bhí aicmí éagsúla ag dul in adharca a chéile ar feadh na mblianta, agus chaill an Afganastáin smacht ar cheantar na [[Sind]]e. I [[1833]] ghabh na Peirsigh cúige [[Khurasan|Churasan]], ach bhí na hAfganastánaigh ábalta [[Herat|Heireat]] a chosaint. Ghabh na [[An Saíceachas|Saícigh]] [[Peshawar|Peiseabhar]] i [[1834]] agus ní raibh na hAfganastánaigh ábalta iad a ruaigeadh in ainneoin bhua chath [[Jamrud|Sheamrud]].
 
Tháinig [[Dost Mohammad Khan]] i gcumhacht in [[1836]] agus é ag athaontú na tíre nuair a d'ionsaigh na [[Sasana]]igh é. Lean an cogadh ar feadh trí bliana nó gur ghéill Dost Mohammad Khan agus gur chuir na Sasanaigh Shah Shuja i gcoróin. Maraíodh é siúd i mí Aibreáin [[1842]] agus bhí cogadh arís ann. Bhuaigh Akbar Khan ar na Sasanaigh agus níor tháinig ach fear amháin den 16,600 saighdiúir d'arm na Breataine slán. Bhí an Afganastáin neamhspleách arís ach ghabh na Sasanaigh [[Baluchistan|an Bhalúitseastáin]], rud a d'fhág an Afganastáin gan chladach gan chósta riamh ó shin.
Líne 68:
Bhí achrann sa tír ar feadh na mblianta agus ceannairí éagsúla ag iarraidh an tír a chur faoina smacht. D'fhan an Afganastáin neodrach le linn an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Chogadh Domhanda]]. Nuair a d'fhág an Bhreatain an India bunaíodh an [[An Phacastáin|Phacastáin]] ach mhaígh an Afganastáin gur léise cuid den stát nua. Aird níor tugadh uirthi, agus chuaigh sí i bpáirt leis an Rúis i 1955 cheal cabhair a fháil ó na Meiriceánaigh. Ba bheag nach raibh ina chogadh idir í féin agus an Phacastáin faoi chúrsaí teorann. Cuireadh Páirtí Cumannach ar bun go rúnda i [[1965]] agus faoi [[1973]] bhí de neart aige dul chun ceannairce: briseadh an Rí agus bunaíodh Poblacht. I [[1978]] síníodh conradh cairdis leis an Aontacht Shóivéideach ach an bhliain chéanna thosaigh éirí amach Ioslamach.
 
Bhris cogadh cathartha amach i [[1979]] agus tháinig fórsaí na hAontachta Sóivéidí thar teorainn isteach. Thug na [[S.A.M.Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánaigh]] an-chabhair do na ceannarcaigh Ioslamacha. I Mí na Feabhra [[1989]], tar éis naoi mbliana den ár, b'éigean do na Sóivéidigh cúlú, rud nár chuir deireadh leis an chogaíocht. Ghabh na [[Mujahideen|Muitsidíní]] Cabúl ar [[15 Aibreán]] [[1992]] agus bhunaigh stát Ioslamach. Bhí an Phacastáin agus [[an Iaráin]] ag cur a ladair i ngnóthaí na tíre i rith an ama agus lean an chogaíocht ar aghaidh.
 
==== Na Talaban ====
Líne 76:
Tugadh na Talaban dídean do threallchogaithe Ioslamacha as tíortha eile, agus cuireadh smachtbhannaí ar a rialtas as tearmann a thabhairt d'[[Osama bin Laden]], deargnamhaid Mheiriceá.
 
Tar éis do ghrúpa bin Ladin, [[Al-Qaeda|al-Qaida]], a mhaíomh gurb iadsan a d'ionsaigh [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] ar [[11 Meán Fómhair]] [[2001]] thosaigh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag buamáil áiteanna san Afganastáin a síleadh a raibh al-Qaida ann. Rinne [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|NATO]] ionradh ar an tír agus faoi [[2003]] bhí an phríomhchathair gafa acu. Ó shin i leith tá fórsaí [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|ECAT]] (NATO) sa tír ach tá feachtas treallchogaíochta ar bun ag an Talaban agus ag dreamanna eile i gcónaí.
 
[[Catagóir:An Afganastáin| ]]