An difríocht idir athruithe ar: "An Airméin"
Content deleted Content added
m Robot: sr:Јерменија is a featured article |
m Bot: Fixing redirects |
||
Líne 11:
|dnlc=40|dnln=16|dnlNS=N|dnfc=44|dnfn=34|dnfEW=E|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thoir
|cathair_is_mó=[[Eireaván]]
|teangacha_oifigiúla=[[An Airméinis|Airméinis]]<ref>http://www.president.am/library/constitution/eng/?chapter=1&pn=1</ref>
|cineál_rialtais=Poblacht|
|teidil_na_gceannairí=[[Uachtaráin]]<br />[[Príomh-Aire|Príomh-aire]]
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Serzh Sargsyan]]<br /> [[Tigran Sargsyan]]
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleáchas]]
|tarluithe_bunaithe=ón [[An tAontas Sóivéadach|APSS]]
|dátaí_bunaithe= <br />1991
|achar_km=29,800
Líne 58:
=== Teacht na Críostaíochta ===
Sa bhliain [[301]], ghlac na hAirméanaigh leis an g[[An Chríostaíocht|Críostaíocht]] mar reiligiún oifigiúil. Inniu féin, tá [[Eaglais Aspalda na hAirméine|Eaglais Náisiúnta]] dá gcuid féin ag na hAirméanaigh agus í neamhspleách ar [[an Róimh]] agus ar Eaglais an Oirthir araon, cé go bhfuil Eaglais Chaitliceach Náisiúnta ag na hAirméanaigh freisin - eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Airméanacha, cé go dtugann sí urraim don [[Pápa|Phápa]].
Rinne na Peirsigh iarracht i lár na cúigiú haoise i ndiaidh bhreith Chríost a reiligiún féin - an [[An Sorastrachas|Sorastrachas]] - a thabhairt isteach sa leath Pheirseach den Airméin. D'éirigh na hAirméanaigh amach in aghaidh na Peirse, agus mhair siad i bhfad ag cur [[treallchogaíocht|treallchogaidh]] ar na Peirsigh, go dtí go raibh an rítheaghlach Sasánach sásta a gcreideamh a ligean leo sa bhliain [[484]].
Sa séú haois, rinneadh cnámh spairne den Airméin idir na Sasánaigh agus na Biosántaigh. Sna blianta [[591-640]], bhí na Biosántaigh in ann an chuid ba mhó den Airméin a choinneáil, ach má bhí, chuir na huaisle Airméanacha go mór ina n-aghaidh.
Líne 66:
=== Na Meánaoiseanna ===
[[Íomhá:Armenia Garni side.jpg|thumb|220px|Garni, Kotayk (1ú haois)]]
I ndeireadh na [[7ú haois|seachtú haoise]], tháinig na hArabaigh i gceannas ar an Airméin, tar éis dóibh frithbheartaíocht na n-uasal Airméanach a chloí. Nuair a bhí an Chailifeacht [[
=== An Aois Nua ===
Líne 82:
Ar an seachtú lá de Mhí na Nollag sa bhliain [[1988]], rinne [[Crith talún|talamhchrith]] millteanach an-léirscrios i Mori, réigiún i dtuaisceart na hAirméine. Fuair 25,000 duine bás san olltubaiste seo, agus fágadh cuid mhaith daoine amuigh gan fáras gan dídean i lár an gheimhridh. Ansin, d'fháiltigh an rialtas isteach lucht fortachta ó na tíortha Iartharacha, agus tháinig na sluaite móra acu, rud nach bhfacthas a leithéid roimhe sin sa stát Sóivéadach. Cé go bhfuair bunadh na háite cuidiú uathu, níor éirigh leis an Airméin riamh caoi cheart a chur ar infreastruchtúr an cheantair arís, agus cuireann iarsmaí an léirscriosta seo isteach ar fhorbairt eacnamaíoch an réigiúin i gcónaí.
Sa bhliain [[1991]], bhain an Airméin amach a saoirse, nuair a thit an tóin as an [[
== Daonra ==
Líne 93:
Tá an chuid is mó d'Airméanaigh an domhain ina gcónaí taobh amuigh dá máthairthír inniu. Deirtear, fiú, go bhfuil ocht milliún Airméanaigh ar deoraíocht. Tá pobail Airméanacha le fáil ar fud an domhain, go háirithe sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], i g[[Ceanada]], sa [[An Rúis|Rúis]], san [[An Fhrainc|Fhrainc]], san [[An Iaráin|Iaráin]], agus sa [[An Liobáin|Liobáin]].
Is í an Chríostaíocht an [[creideamh|reiligiún]] is mó san Airméin. Bunaíodh Eaglais na hAirméine chomh fada siar leis an gcéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, agus deirtear gur beirt Aspal de chuid an t[[Íosa Críost|Slánaitheora]] féin, Parthalán agus [[Naomh Iúdás Tadáias|Iúdás Tadáias]], a chuir tús léi, nuair a bhí siad ag misinéireacht san Airméin i lár na haoise. Sin é an tuige, fosta, go dtugtar "Eaglais Aspalda na hAirméine" ar eaglais náisiúnta na tíre. Baill den Eaglais seo is ea iad 93 % de mhuintir na hAirméine. Eaglais Ortadocsach Oirthearach atá ann, agus í an-tugtha dá cuid deasghnátha agus dá seanfhoirceadal. D'fhéadfá a rá go bhfuil sí cosúil leis an Eaglais Choptach agus leis an Eaglais Shíreach. Tá Caitlicigh ann chomh maith. Tá dhá chineál Caitliceach ann dháiríre, idir Chaitlicigh Rómhánacha agus Chaitlicigh Airméanacha. An dara dream acu, tugann siad urraim don Phápa, ach san am céanna, cloíonn siad leis na deasghnátha Airméanacha. Tá dornán beag Airméanach ag dul leis na heaglaisí beaga Protastúnacha freisin. Maidir leis na Coirdínigh in iarthar na tíre, tá creideamh traidisiúnta - ''Yazideachas'' - dá gcuid féin acu.
Ní mhaireann ach an corr-Mhoslamach san Airméin inniu. Moslamaigh ab ea iad na hAsarbaiseánaigh a raibh cónaí orthu sa tír roimh an gcogadh, chomh maith le cuid de na Coirdínigh, ach theith siad lena n-anam nuair a d'éirigh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin.
Líne 140:
== Cultúr ==
Tá [[an Airméinis|teanga]] agus [[aibítir Airméanach|aibítir]] dá gcuid féin ag na hAirméanaigh, agus ba é [[Movses Khorenatsi]] sa chúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost a chuir bun leis an litríocht Airméanach. Chum sé saothar mór staraíochta a d'fhéadfá a chur i gcomparáid le [[Foras Feasa ar Éirinn]] le [[Seathrún Céitinn]]. Cur síos a bhí ann ar réamhstair na nAirméanach, agus dearcadh criticiúil ag an scríbhneoir ar na foinsí eile. Is iomaí craiceann a chuir litríocht na nAirméanach di ina dhiaidh sin. Sa naoú haois déag, tháinig an Nua-Airméinis in áit na hAirméinise Clasaicí, agus bhí scríbhneoirí ar nós [[Mikael Nalbandian]] ag iarraidh cuma na nua-aoise a chur ar an litríocht.
Tá níos mó ná sé mhíle déag de shaothair ealaíne ó na Meánaoiseanna i dtaisce i nDánlann Náisiúnta na hAirméine, chomh maith le saothair le healaíontóirí comhaimseartha Eorpacha. Thairis sin, tá sraith mhaith dánlann eile le fáil i bpríomhchathair na tíre, ar nós Músaem na hEalaíne Nua-Aimseartha, Ailéar Pictiúirí na bPáistí, agus Músaem Martiros Saryan, chomh maith lena lán ailéar príobháideach.
|