An difríocht idir athruithe ar: "An Albainis"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 6:
|cainteoirí=200,000[http://www.ethnologue.com/show_language.asp?code=sco]
|rang=-
|líne_ghinealaigh=[[LíneNa ghinealaighteangacha Ind-EorpaiseEorpacha|Ind-Eorpais]]<br />
&nbsp;[[Gearmáinic]]<br />
&nbsp;&nbsp;[[Gearmáinic an Iarthair]]<br />
Líne 18:
|iso3=sco
}}
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] Gearmáinice is ea í an '''Albainis''' nó an '''Lallainnis''' (is é an chéad téarma an ceann is minicí a úsáidtear inniu, ach is é an téarma úd ''Lallainnis'' a bhí i g''Ciste Cúrsaí Reatha''; ''Scots'' an t-ainm sa teanga féin) a labhraítear in [[Albain]] agus i g[[Cúige Uladh]]. Tugtar ''Lallainnis'' uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Is é an t-ainm a úsáidtear i nGaeilge na hAlban ná ''a' Bheurla Ghallda'', is é sin, "an Béarla Gallda". Inniu, úsáidtear an téarma ''[[An Ultais|Albainis Uladh]]'' go hoifigiúil le tagairt don chineál Albainise a labhraítear i g[[Cúige Uladh]], go háirithe i dTuaisceart Éireann.
 
Is deacair a rá, cé acu teanga inti féin nó canúint de chuid an Bhéarla í an Albainis. Ón taobh amháin de, glactar leis gur ceann de sheanchanúintí an Bhéarla í an Albainis, ach tá canúintí traidisiúnta seanbhunaithe dá cuid féin ag an Albainis chomh maith. Is féidir dearcadh ar an Albainis freisin mar chuid den [[An Béarla|Bhéarla]] mar a labhraítear in Albain é, ach tá sí an-difriúil le [[Béarla na hAlban]], is é sin, an leagan den Bhéarla Chaighdeánach a chleachtaítear in Albain.
 
Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná ''Scots'' nó ''braid Scots'' - is ionann ''braid'' agus ''broad'' an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le ''Doric'' nó ''Buchan Claik'' - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é ''Scotch'', ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm ''Lallans'' bunaithe ar ''Lowlands'' an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd ''Ciste Cúrsaí Reatha'' úsáid as an leagan Gaeilge ''Lallainnis''. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le [[Robert Burns]] agus [[Robert Louis Stevenson]], cuir i gcás.
Líne 35:
== Stair ==
 
Go dtí an [[15ú haois]], b'ionann ''Scottis'' agus Gaeilge na hAlban, agus lucht labhartha na hAlbainise ag tabhairt ''Inglis'' ar an teanga a bhí acu féin. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé coitianta ''Erse'', is é sin, teanga na h[[ÉireannÉire]]ann, a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban, agus an t-ainm ''Scottis'' nó ''Scots'' ag tagairt don Albainis feasta.
 
Ón tseachtú haois ar aghaidh, bhí seanchanúint Nortumbrach an Bhéarla á labhairt in Oir-Dheisceart na hAlban. Bhí an teanga teorannaithe don cheantar seo go dtí an 13ú haois, a fhad agus a bhí Gaeilge na hAlban á labhairt i gcúirt Rí na hAlban. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh an teanga in úsáid i mbuirgeanna na hAlban. Is éard a bhí i gceist leis na buirgeanna ná sórt cathracha a bhí curtha ar bun ag Dáibhí Mac Maol Coilm (Dáibhí a hAon), agus é ina Rí ar Albain sna blianta 1124-1153. An meas a bhí ag na daoine ar an Albainis mar theanga, chuaigh sé i méadaíocht, go háirithe nuair a bhí an [[FraincisAn Fhraincis|Fhraincis]] ag imeacht go tiubh. Mar sin, bhí an Albainis á labhairt go forleathan i gcuid mhór d'Oirthear na hAlban ón 14ú haois ar aghaidh.
 
Mar sin, tá an Albainis bunaithe ar na canúintí a bhí á labhairt sa Nortumbarlainn sna [[An Mheánaois|Meánaoiseanna]]. Cosúil le canúintí na Nortumbarlainne, bhí sí breac le hiasachtaí Fraincise agus Lochlainnise. Níos deireanaí, fuair an Albainis focail ar iasacht ón Íseal-Ghearmáinis agus ón [[An Ollainnis|Ollainnis]], ó bhí muintir na hAlban ag trádáil le mairneálaigh ó thuaisceart na Gearmáine agus ón [[An Ísiltír|Ísiltír]]. Fuair an Albainis cuid mhór focal ón nGàidhlig chomh maith, ní nárbh ionadh. Go háirithe na téacsaí dlíthiúla ó na Meánaoiseanna, tá siad breac le hiasachtaí Gàidhlig.
 
== Stádas ==
Sa bhliain 1707, chuaigh [[Sasana]] agus Albain le chéile in aon [[an Ríocht Aontaithe|ríocht aontaithe]] amháin. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag na daoine ar an Albainis sa dá thír gur teanga ar leith a bhí i gceist leis an Albainis. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: inniu, is minic a labhraíonn na hAlbanaigh canúintí atá idir eatarthu idir an chanúint Albanach agus an Béarla caighdeánaithe. Bíonn na hAlbanaigh ábalta, ina lán cásanna, [[códmhalartú]] a dhéanamh ó Bhéarla caighdeánaithe go canúint Albanach, de réir mar a theastaíonn uathu. Contanóid atá ann, agus níl sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir "Albainis faoi thionchar an Bhéarla" agus "Béarla faoi thionchar na hAlbainise", ná a rá, cé acu canúintí de chuid Bhéarla na hAlban nó canúintí de chuid na hAlbainise atá i gceist le caint na ndaoine in Albain an lae inniu.
 
{{síol}}