An difríocht idir athruithe ar: "An Amáiris"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 84 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q28244 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 15:
Is í an '''Amairis''' (አማርኛ ''āmariññā'') an teanga is tábhachtaí san [[An Aetóip|Aetóip]] agus an t-aon teanga amháin a bhfuil stádas oifigiúil aici ar fud na tíre. Is í an dara [[Teangacha Seimíteacha|teanga Sheimíteach]] is mó cainteoirí. Is é an córas a úsáidtear le Amairis a bhreacadh ar pár ná cineál aibítir shiollach ar a dtugtar ''abugida''. San [[aibítir]] seo, seasann gach litir d'aon siolla amháin, ionas go bhfuil comhartha an chonsain agus comhartha an ghuta cumasctha le chéile sa litir; san am céanna, is féidir a aithint i gcónaí, cén chuid den litir a sheasann don ghuta nó don chonsan.
 
Mar theanga Sheimíteach, tá an Amairis gaolmhar leis an [[An Araibis|Araibis]], leis an [[An Aramais|Aramais]], agus leis an [[An Eabhrais|Eabhrais]]. Is iad na gaolta is dlúithe atá aici i Leathinis na hAraibe, áfach, na teangacha a bhí á labhairt ag muintir Dheisceart na hAraibe sula ndeachaigh an Araibis (nach raibh inti ach teanga an Tuaiscirt ar dtús) ina n-áit le teacht an Ioslaim.
 
Murab ionann agus an Araibis is an Eabhrais (nó an Ghaeilge), cuireann an Amairis an aidiacht roimh an ainmfhocal (cosúil leis an mBéarla). Tionchar ó theangacha neamh-Sheimíteacha an réigiúin is cúis leis an athrú seo, is dócha. Ceann eile de shaintréithre na dteangacha Séimíteacha nach bhfuil chomh coitianta san Amairis is ea iad na "hiolraí briste", a úsáidtear go minic san Araibis - is é sin, cuirtear uimhir iolra an ainmfhocail in iúl tríd na gutaí taobh istigh den fhocal a athrú. Ní féidir a rá go mbeadh na hiolraí briste seo imithe go hiomlán as an Amairis, ach tá sé i bhfad bhfad níos tipiciúla iarmhír iolra a chur leis an ainmfhocal. Na hiolraí briste a úsáidtear i gcónaí, is iasachtaí iad go minic as an teanga [[Ge'ez]]. Is éard atá i gceist leis an teanga Ge'ez ná seanteanga chlasaiceach na hAetóipe a mbaintear úsáid éigin aisti i gcónaí san eaglais. Tá sí gaolmhar leis an Amairis, ach is dócha go bhfuil an gaol leis an Tigrinis níos dlúithe.