An difríocht idir athruithe ar: "An Bhealarúisis"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 13:
|iso3=bel
}}
'''Bealarúisis''' nó ''Bílearúisis'' - teanga Shlavach Oirthearach a labhraítear sa [[An Bhealarúis|Bhealarúis]] agus i gceantair áirithe na Liotuáine agus na Polainne. Ós rud é nach bhfuil teorainn na dteangacha róshoiléir, is gnách canúintí gaolmhara sa [[An Rúis|Rúis]] nó san [[An Úcráin|Úcráin]] a láimhseáil mar chanúintí [[An Rúisis|Rúisise]]e agus [[An Úcráinis|Úcráinise]]e.
 
== Stair ==
 
I mblianta tosaigh Aontas na Polainne agus na Liotuáine, ba nós "Liotuáinis" a thabhairt ar na canúintí Slavacha Oirthearacha a bhí á labhairt sa leath Liotuánach den Aontas, nó bhí cainteoirí na gcanúintí seo i bhfad níos líonmhaire san Aontas ná cainteoirí na fíor-[[An Liotuáinis|Liotuáinise]]e, nach teanga Shlavach í ar aon nós. Bhí Bealarúisis na linne seo, nó "an teanga seansailéireachta Iar-Rúiseach" (''Ruthenian chancellery language''), mar a thugann lucht an léinn Shlavaigh air ó am go ham, in úsáid mar theanga oifigiúil sa Liotuáin, agus bhláthaigh sí mar theanga chultúrtha freisin san tséú haois déag. Sa chéad aois eile, áfach, rinne na cogaí an-ródach ar an Liotuáin, agus ina dhiaidh sin, tháinig teanga na leithe iartharaí den Aontas, an Pholainnis, go mór chun tosaigh mar theanga chultúrtha sa Liotuáin féin, agus an Bhealarúisis agus an Liotuáinis féin ag géilleadh don fhorlámhas cultúrtha agus teanga seo i measc na scothaicmí. San ochtú haois déag, is beag a bhí fágtha de thraidisiún scríbhneoireachta na Bealarúisise, agus ní raibh ann a thuilleadh ach dornán de chanúintí labhartha. Is féidir, mar sin, cás na Bealarúisise a chur i gcomparáid le cás na Gaeilge.
 
Mar sin féin, d'fhan dream beag de mhaithe is de mhóruaisle áitiúla ag baint úsáide as an teanga lena ndlúthpháirtíocht leis an gcosmhuintir a chur in iúl. Tháinig athrú iomlán air seo nuair a thit oirthear na Polainne, is é sin, an Liotuáin agus an Bhealarúis, leis an Rúis, agus an chríochdheighilt ag dul ar an bPolainn i ndeireadh na hochtú haoise déag. B'é an tuiscint oifigiúil a bhí ag údaráis na Rúise ar an scéal nach raibh sa Bhealarúisis ach canuint de chuid na Rúisise, agus í truaillithe le focail iasachta Polainnise. Thairis sin, ní rabhthas ag labhairt mórán Bealarúisise sna cathracha riamh - b'í teanga na tuaithe í sa Bhealarúis féin, agus na cathracha ag roghnú na Polainnise, mura raibh siad ag dul leis an Rúisis in imeacht na mblianta.
Líne 29:
Inniu féin, tá lucht leanúna an dá leagan den teanga in adharca a chéile. Mar sin, tá dhá leagan Bealarúisise den Vicipéid ann: [http://be.wikipedia.org an ceann sa cheartlitriú Narkomaǔka] agus [http://be-x-old.wikipedia.org an ceann i gcaighdeán Branisłaǔ Taraškievič].
[[Íomhá:Belarus Census 2009 - languages spoken at home Belarusian&Russian.png|thumb|320px|left|Bealarúisis (dearg) mar chéad teanga (2009)]]
I ndiaidh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], cuireadh an leath Pholannach den Bhealarúis leis an mBealarúis Shóivéadach. Anois, bhí an chuid ba mhó de na Bealarúisigh in aon stát amháin, mura raibh ann ach an stát Sóivéadach. Níor chuidigh an t-athrú seo leis an teanga, áfach. D'fhan an Bhealarúisis ag saothrú an bháis faoi thionchar uileghabhálach na Rúisise, go dtí gur tháinig an [[peireastráice]]. B'ansin a cuireadh spéis sa Bhealarúisis arís.
 
Sa bhliain 1990, tháinig rialtas úr náisiúnaíoch i gceannas ar an mBealarúis, agus chrom sé ar an teanga a athbheochan go fairsing. Ní raibh ádh leis na hiarrachtaí, áfach. Bhí cuid mhór de mhuintir na Bealarúise féin den bharúil nach teanga a bhí ann ar aon nós ach canúint, agus í á labhairt ag na trudairí tuaithe. I ndiaidh cheithre bliana, d'éirigh leis na sean-Chumannaigh ruaigeadh a chur ar na náisiúnaithe, agus thosaigh siadsan ag cur na Rúisise chun cinn arís. Tá uachtarán na Bealarúise, Alaksandr Łukašenka, go tréan in aghaidh an náisiúnachais, agus é an-díspeagúil i leith athbheochan na teanga náisiúnta. Mar sin, siúd is go bhfuil an teanga ag cuid mhór de na Bealarúisigh i gcónaí, caithfidh an ghluaiseacht athbheochana oibriú ar chúla téarmaí.