An difríocht idir athruithe ar: "An Bhealarúis"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Bot: Fixing redirects
Líne 9:
|príomhchathair = [[Minsc]] |dnlc=53|dnln=55|dnlNS=N|dnfc=27|dnfn=33|dnfEW=E|dnlNSgael=|dnfEWgael=
|cathair_is_mó=[[Minsc]]
|teangacha_oifigiúla=[[An Bhealarúisis|Bealarúisis]], [[An Rúisis|Rúisis]]
|cineál_rialtais=|Poblacht
|teidil_na_gceannairí=[[Uachtarán]]<br />[[Príomh-Aire|Príomhaire]]
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Alaksandr Łukašenka]]<br />[[Siarhiej Sidorski]]
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleáchas]]
Líne 42:
|fonótaí=}}
 
Is tír í '''an Bhealarúis''' (''an Bhílearúis'' an leagan Gaeilge eile a fheictear i bhfoclóirí áirithe; thugtaí ''an Fhionnrúis'' uirthi freisin) atá suite in [[Oirthear na hEorpa]], agus í ag críochantacht leis an [[An Rúis|Rúis]], leis an [[An Liotuáin|Liotuáin]], leis an [[An Úcráin|Úcráin]], agus leis an [[An Laitvia|Laitvia]]. Is í [[Minsc]] an phríomhchathair, agus cathracha tábhachtacha eile is ea iad [[Biareście]], [[Hrodna]], [[Homiel]], [[Mahiloŭ]], agus [[Viciebsk]]. Is é an t-ainm oifigiúil ''Poblacht na Bealarúise'' ([[An Bhealarúisis|Bealarúisis]]: ''Рэспубліка Беларусь/Respublika Biełaruś''), ach is gnách ''An Bhealarúis'' (''Беларусь/Biełaruś'') a thabhairt ar an tír go simplí. Tá an tír lán [[Coill|coillte]], agus 9,775,000 duine ina gcónaí ansin.
 
Sna laethanta a bhí, bhain an Bhealarúis lena lán tíortha éagsúla, ar nós [[Diúcacht Połack]], [[Ard-Diúcacht na Liotuáine]], [[Comhlathas na Polainne is na Liotuáine]], agus [[Impireacht na Rúise]]. Sa bhliain 1922, roinneadh an Bhealarúis idir Poblacht na Polainne agus an tAontas Sóivéadach. An leath den tír a thit leis an Aontas Sóivéadach, hiompaíodh ina Poblacht Shóivéadach í, is é sin, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Sa bhliain 1939, nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an leath thiar den Bhealarúis ón bPolainn, cuireadh leis an leath thoir í, agus ansin, bhí an Bhealarúis iomlán ina Poblacht Shóivéadach. Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa 1990, d'fhógair an Phoblacht seo a ceannasacht go hoifigiúil, agus nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, bhain Poblacht na Bealarúise amach a neamhspleáchas ar an 25ú lá de Mhí Lúnasa 1991. Tá [[Alaksandr Łukašenka]] ina Uachtarán ar an mBealarúis ón mbliain 1994 i leith. Faoi láthair, tá an Bhealarúis agus an Rúis i mbun comhchainteanna le h[[Aontas na Rúise agus na Bealarúise]] a bhunú, is é sin, an dá thír a athaontú arís, ach tá na comhchainteanna sin in abar leis na blianta anuas.
Líne 49:
 
== Stair ==
Tháinig na [[Slavaigh]] go dtí an Bhealarúis idir an séú agus an ochtú haois. De réir a chéile, tháinig na Luath-Shlavaigh Oirthearacha i dteagmháil leis na ''Væringjar'' nó na hUigingigh Oirthearacha - is é sin, [[lochlannaigh|na Lochlannaigh]] a tháinig ón [[An tSualainn|tSualainn]] go dtí an Rúis. B'iad na hUigingigh seo a bhunaigh an chéad stát a dtugtaí "An Rúis" air, is é sin, Rúis Chíév. Sa [[13ú haois]], áfach, bhí na prionsachtaí Slavacha thíos go mór le hionradh na [[An Mhongóil|Mongólach]], agus b'í Ard-Diúcacht na Liotuáine a shealbhaigh iarsmaí na bprionsachtaí seo ina dhiaidh sin. San am seo, bhí an Liotuáin ag cur cogaidh ar a lán naimhde éagsúla, idir na Mongólaigh agus na Ridirí Teotanacha, a bhí ag iarraidh an taobh seo de Mhuir Bhailt a shealbhú le haghaidh coilíniú agus míntíreachais. Faoi dheireadh, bhris an Pholainn agus an Liotuáin an cath ar na Ridirí i g[[Cath Grunwald]] (a dtugann na Gearmánaigh [[Cath Tannenberg]] air) sa bhliain 1410, agus ón lá sin ar aghaidh, ní raibh na Ridirí ábalta bagairt ar chumhacht na Liotuáine sa Bhealarúis a thuilleadh.
 
Nuair a bhí an Liotuáin ag rialú na Bealarúise, bhí an tSean-Bhealarúisis - nó teanga seansailéireachta na Rúise Thiar, teanga ar féidir Sean-Úcráinis nó Sean-Bhealarúisis a thabhairt uirthi - ina teanga oifigiúil sa chuid den Liotuáin ina raibh cónaí ar na Slavaigh. Le fírinne, b'é ba chiall leis an "Liotuánach" san am seo ná "Bealarúiseach", ós rud é nach raibh cónaí ar na fíor-Liotuánaigh ach in iarthuaisceart na tíre, agus na Bealarúisigh i bhfad ní ba líonmhaire ná iadsan.
Líne 55:
I ndeireadh na cúigiú haoise déag, thosaigh na Rúisigh - is é sin, muintir Ard-Diúcacht [[Moscó|Mhoscó]] - ag cúngú isteach ar thailte na Liotuáine. Thairis sin, bhí na Tataraigh ag foghlaíocht sa tséú haois déag, agus rinne siad an-chreachadh agus an-ródach. Nuair a tháinig deireadh na hochtú haoise déag, áfach, rinne an Rúis, an Phrúis, agus an Ostair críochdheighilt ar [[An Pholainn|an bPolainn]] agus ar an Liotuáin, agus thit an Bhealarúis leis an Rúis.
 
Sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]], shealbhaigh arm na Gearmáine an Bhealarúis. Ar an 25ú Márta 1918, i ndiaidh Chonradh Síochána Brest-Litovsk, d'fhógair an Bhealarúis neamhspleáchas mar Phoblacht Náisiúnta na Bealarúise. Ní raibh fad saoil i ndán don Phoblacht seo, nó nuair a tharraing na Gearmánaigh ar ais, shealbhaigh na Boilséivigh an tír, agus bhaist siad Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise uirthi. Nuair a d'fhorghabh na Boilséivigh an Liotuáin chomh maith, bhunaigh siad Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Liotuáine is na Bealarúise. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh idir an Rúis Shóivéadach agus an Pholainn sa bhliain 1921, arís, rinne an dá thír seo críochdheighilt ar an mBealarúis. Bhunaigh na Boilséivigh Poblacht Shóivéadach na Bealarúise arís sa leath thoir, agus bhí an Phoblacht seo ina ballstát den [[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]] ón tús.
 
I Mí Mheán Fómhair 1939, i ndiaidh Conradh Ribbentrop agus Molotov a shíniú leis an nGearmáin [[Naitsíochas|Naitsíoch]], d'ionsaigh [[Iósaf Stailín|Stailín]] an Pholainn. D'fhorghabh a chuid saighdiúirí oirthear na Polainne, an chuid den tír a bhí dlite don stát Shóivéadach de réir an Chonartha. Stáitsíodh "reifreann" sna tailte úrghafa, agus ní nárbh ionadh, b'é toradh an reifrinn go raibh lucht oibre Oirthear na Polainne ar bís ar fad dul san Aontas Sóivéadach. Mar sin, cuireadh na gabháltais seo le Poblacht Shóivéadach na Bealarúise agus le Poblacht Shóivéadach na hÚcráine.
 
[[Íomhá:Victory-square.jpg|thumb|280px|left|Minsc an lae inniu]]
Sa bhliain 1941, d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, agus ní raibh na Naitsithe i bhfad ag teacht i seilbh na tíre seo. Bhí siad ag rialú na tíre go dtí an bhliain 1944, agus idir an dá linn, maraíodh dhá mhilliún Bealarúiseach. Rinne an t[[Uileloscadh]] éirleach uafásach ar an mBealarúis. Roimh [[an Dara Cogadh Domhanda]], bhí cultúr beo breabhsánta ag na [[An Giúdachas|Giúdaigh]] ansin, agus an Bhealarúis ar an gceann ba mhó Giúdachais san Aontas Sóivéadach ar fad. Fuair formhór mór na nGiúdach seo bás san Uileloscadh, agus níor tháinig an cultúr áitiúil Giúdach chuige arís ina dhiaidh sin. Maidir leis an daonra Bealarúiseach féin, níor shroich sé a leibhéal réamhchogaidh roimh an mbliain 1971.
 
Cé nach raibh sa Bhealarúis ach "poblacht" de chuid an Aontais Shóivéadaigh i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, tá sí ina ballstát sna [[Náisiúin Aontaithe]] ó bhunú na heagraíochta sin i leith. I ndiaidh an chogaidh, rinne na húdaráis Shóivéadacha forbairt chuimsitheach ar an tionsclaíocht sa Bhealarúis, agus na mílte oibrithe ag tonnadh isteach ó Phoblacht Shóivéadach na Rúise, ó bhí jabanna ar fáil.
Líne 66:
Chuaigh blianta an tSóivéadachais go mór mór chun dochair do theanga náisiúnta na tíre. I dtúsbhlianta idéalacha an Aontais Shóivéadaigh, bhí polasaí na "dúchasaíochta" i bhfeidhm, is é sin, bhí iarrachtaí á ndéanamh go hoifigiúil le teangacha na bpoblachtaí beaga a athbheochan agus a fhorbairt. Mar sin, rinne an Bhealarúisis an-dul chun cinn mar theanga oifigiúil sa Bhealarúis sna fichidí. Nuair a tháinig Stailín i gcumhacht, áfach, d'athraigh an port go hiomlán. Ansin, cuireadh srianta le húsáid oifigiúil na Bealarúisise arís, agus thosaigh an stát ag brú na Rúisise anuas ar chách mar "theanga chomhchumarsáide an lucht oibre". Níor thaise do [[Nikita Khrushchev]] é, ach an oiread. B'é a thuairimsean ná go gcaithfeadh muintir an Aontais Shóivéadaigh glacadh leis an Rúisis mar theanga a gcomhdhúchais, ó chuideodh sé leo an Cumannachas a thógáil ní ba luaithe.
 
Nuair a thosaigh [[Míchail Gorbaitsov|Mikhail Gorbachev]], ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, ar pholasaithe an [[Peireastráice|pheireastráice]] agus an [[Gleasnast|ghleasnaist]], sheachaid muintir na Bealarúise achainí chuige i Mí na Nollag 1986, agus iad ag déanamh a ngearáin faoin ródach a rinneadh ar a gcultúr náisiúnta. Níos luaithe sa bhliain chéanna, thit radachur ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise i ndiaidh phléascadh stáisiún cumhachta [[Chernobyl]] san Úcráin in aice leis an mBealarúis. I Meitheamh 1988, tháinig an seandálaí Zianon Paźniak ar shlua-uaigheanna in aice le cathair Kurapaty, uaigheanna a raibh timpeall is 250 míle duine marbh ó bhlianta Stailín. Ba dóigh le cuid de na Bealarúisigh gur fianaise a bhí ann go raibh an rialtas Sóivéadach d'aonturas ag iarraidh náisiún na mBealarúiseach a chur de dhroim an tsaoil, agus ba spreagadh é, mar sin, do na Bealarúisigh neamhspleáchas a éileamh.
 
== Polaitíocht ==
Líne 84:
Ba é [[Janka Kupała]] a chuir tús le saothrú na litríochta nua-aoisí, áfach. Ainm cleite é "Janka Kupała" a chiallaíonn "[[Eoin Baiste]]"; Ivan Lucevič a fhíorainm. Rugadh sa bhliain 1882 é, agus d'éag sé i Moscó sa bhliain 1942, díreach nuair a bhí na Gearmánaigh ag forghabháil na Bealarúise. File a bhí ann, ach scríobhadh sé drámaí agus ailt iriseoireachta chomh maith. D'aistrigh sé cuid mhaith litríochta ón bPolainnis agus ón Rúisis.
 
File tábhachtach eile a bhí i [[Jakub Kołas]], fíorainm Kanstancin Mickievič (1882-1956). Scriobh sé a lán filíochta agus drámaí. Is dócha gurbh eisean an chéad scríbhneoir a dhírigh ar na páistí, nó scríobh sé cuid mhaith dánta do na páistí, agus bhailigh sé scéalta béaloidis mar lón léitheoireachta dóibh. Rinne sé a lán aistriúchán ón bPolainnis ([[Adam Mickiewicz]], mar shampla), Úcráinis ([[Taras Shevchenko]]), agus ón Rúisis ([[Alexander Pushkin|Aleksandr Pushkin]]).
 
Duine acu siúd a fuair bás i bpurguithe an Aontais Shóivéadaigh a bhí in [[Ǔladzimier Žyłka]] (1900-1933), file tábhachtach eile. I mblianta Chogadh Cathartha na Rúise, chuaigh sé ar imirce go Prág sa tSeicshlovaic, áit a raibh sé ag foilsiú irise ina theanga féin. Nuair a shocraigh na cúrsaí síos sa Rúis, agus an rialtas nua Boilséiveach ag dul i gceannas ar an tír, d'fhill sé abhaile, agus dóchas aige as an gcóras nua. Ar dtús, bhí na Cumannaigh ag cur na dteangacha áitiúla chun cinn, agus ghlac Žyłka páirt i gcomhdháil na n-intleachtóirí Bealarúiseacha le litriú na teanga a chaighdeánú. Nuair a tháinig athrú ar an bpolasaí, áfach, thosaigh na Cumannaigh ag lochtú na n-intleachtóirí náisiúnta faoi "náisiúnachas buirgéiseach", agus díbríodh Žyłka as an mBealarúis go dtí an Rúis. Fuair sé bás i ndiaidh chúpla bliain le heitinn.