An difríocht idir athruithe ar: "An Bhratasláiv"

Content deleted Content added
m Robot: zh:布拉迪斯拉发 is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 20:
|líonláithreán = www.bratislava.sk
}}
Is í '''an Bhratasláiv''' ([[An tSlóvaicis|Slóvaicis]]: ''Bratislava'', seanainm Slóvaicise: ''Prešporok'', [[An Ungáiris|Ungáiris]]: ''Pozsony'', [[An Ghearmáinis|Gearmáinis]]: ''Pressburg'', [[An Laidin|Laidin]]: ''Posonium'') príomhchathair na [[An tSlóvaic|Slóvaice]], agus í ar an gceann is mó de chathracha na Slóvaice fosta, ó tá cónaí ar 450,000 duine ansin. Is í lárionad polaitíochta, cultúir agus eacnamaíochta na tíre í. Tá sí suite ar an dá thaobh den [[An Danóib|Danóib]], agus í an-chóngarach do theorainn na h[[An Ostair|Ostaire]] agus na h[[An Ungáir|Ungáire]]. Is í an t-aon phríomhchathair amháin ar fud an domhain atá ag críochantaíocht le dhá thír choimhthíocha, agus níl sí ach faoi chaoga ciliméadar ó phríomhchathair na hOstaire, [[Vín]].
 
== Stair ==
 
Tá áitreabh daonna anseo ó laethanta na Clochaoise Neoilití anuas, ach is dócha gurb iad na ''Boii'', an treibh Cheilteach a bhronn a hainm ar an mBoihéim i bPoblacht na Seice, a chuir tús leis an gcéad "chathair" san áit seo tá dhá chéad bliain [[RCroimh Chríost|roimh bhreith Chríost]]. Ní raibh ann ach ''oppidum'', mar a thugann an [[An Laidin|Laidin]] ar a leithéid, nó ráth. Bhí muileann airgid ag na ''Boii'' san áit, agus is díol suntais iad na boinn airgid a bhí á mbualadh ansin: is gnách ''biatec'' a thabhairt orthu, toisc gurbh é sin ainm an taoisigh a bhí le feiceáil ar na boinn.
 
Thit an áit leis na [[An tSean-Róimh|sean-Rómhánaigh]] sa chéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, agus ba chuid de chóras cosanta na gcríoch Rómhánach í go dtí an [[4ú haois|ceathrú haois]]. B'iad na Rómhánaigh freisin a chuir tús le déantús an fhíona.