An difríocht idir athruithe ar: "An Béar Beag"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 23:
mí = Meitheamh |
nótaí=}}
Is é '''an Béar Beag''' an [[réaltbhuíon]] is faide ó thuaidh ar an [[Sféar neamhaí|leathsféar neamhaí thuaidh]]. '''Ursa Minor''' an t-ainm [[An Laidin|Laidine]]e a thugtar air, a chiallaíonn ''an [[béar]] níos lú''. Tá an réaltbhuíon seo ar na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus is ceann í freisin de na 48 seanréaltbhuíon ar [[Catalóg Tholamaes|chatalóg]] [[Tolamaes|Tholamaes]]. Is suntasach í mar shuíomh an [[pol neamhaí thuaidh|phoil neamhaí thuaidh]], ach tiocfaidh athrú ar an gcás seo i gceann dhá chéad bliain nó mar sin mar gheall ar torthaí na [[luainíocht]]a (nó ''réamhtheachtas na n-eacaineachtaí'').
 
== Príomhghnéithe ==
[[Íomhá:Ursamajor-guide.jpg|260px|right]]
* [[an Liach Bheag]]: ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig a fhaightear an [[astaireacht (réalteolaíocht)|astaireacht]] sin dá ngairtear go comhráitheach '''an Liach Bheag''' toisc go bhfuil cruth léiche ar na seacht [[réalta]] is gile dá cuid. Is í [[Polaris]], nó an '''[[Réalta Thuaidh]]''', an réalta atá ar cheann lámh na léiche. I ré na [[An Róimh|Sean-Róimhe]] tugadh ''Septentriones'' go coitianta ar na seacht réalta a chomhrinne an Liach Mhór, ach uaireanta thugtaí an t-ainm céanna freisin ar seacht réalta na Léiche Bige. As [[An Laidin|Laidin]], ciallaíonn ''Septentriones'' "seacht ndamh an chéachta" go litriúil, ach "an tuaisceart" ab fhíorbhrí leis.
 
* [[Polaris]] (α UMi): [[ollfhathach]] buí ar [[aicme speictreach]] F7 agus ar [[amharcmhéid|méid]] 2.02. Is féidir Polaris a aimsiú trí leanúint den líne a théann idir na [[Réaltaí Treoracha]] (.i. an dá réalta ar réaltbhuíon [[an Béar Mór|an Bhéir Mhóir]] dá ngairtear [[Dubhe]] agus [[Merak]], a chomhdhéanann i dteannta cúig réalta eile astaireacht [[an Liach Mór|na Léiche Móire]]). Féach an íomhá ar dheis.
Líne 43:
: Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
:* [[Polaris|1/α¹ UMi]] 1.97: '''[[Polaris]]''' nó '''an Réalta Thuaidh''' nó '''Lodestar''' nó '''Alruccabah''' nó '''Alruccaba''' nó '''Cynosura''' nó '''Cynosure''' nó '''Phoenice''' nó '''Tramontana''' nó '''Angel Stern''' nó '''Navigatoria''' nó '''Star of Arcady''' nó '''Yilduz''' nó '''Mismar''' nó '''Polyarnaya'''
:*: < [[An Laidin|Laidin]] ''Stella Polaris'' = Réalta an Phoil
:*: < [[An Béarla|Béarla]] ''Lodestar'' = an Réalta Adhmainte
:*: < [[An Ghréigis|Gréigis]] κυνόσουρα (''cynosūra'') = Eireaball an Mhadra [.i. Eireaball an Bhéir Bhig]
:*: < [[An Béarla|Béarla]] ''Star of Arcady'' = Réalta [[an Arcáid|na hArcáide]] (luaite ar ''Comus'' de chuid [[John Milton]])
:*: < [[An Tuircis|Tuircis]] ''yıldız'' = Réalta
 
:* [[Beta Ursae Minoris|7/β UMi]] 2.07: '''Kochab''' nó '''Kokab''' nó '''Kochah'''
:*: < [[An Araibis|Araibis]] الكوكب الشمالي (''az-kawkab aš-šamāliyy'') = an Réalta Thuaidh (''go beacht'' Rinn Neimhe) [mar a thugtaí uirthi nuair a bhí an réalta seo ar an Réalta Thuaidh míle bliain roimh Chríost]
 
:* [[Gamma Ursae Minoris|13/γ UMi]] 3.00: '''Pherkad''' nó '''Pherkad Major'''
:*: < [[An Araibis|Araibis]] فرقد (''farqad'') = Gamhain < ? (''alifa al farkadayn'') = an Ceann is Doiléire den Dá Ghamhain [i dteannta an réalta is gile Kochab]
 
:* [[Delta Ursae Minoris|23/δ UMi]] 4.36: '''Yildun''' nó '''Gildun''' nó '''Yilduz''' nó '''Vildiur'''
:*: < [[An Tuircis|Tuircis]] ''yıldız'' = Réalta
 
:* [[Zeta Ursae Minoris|16/ζ Umi]] 4.29: '''Alifa al Farkadain'''
:*: < [[An Araibis|Araibis]] ? (''alifa al farkadayn'') = an Ceann is Doiléire den Dá Ghamhain [ainm a tugadh ar dtús ar Pherkad]
 
:* [[Eta Ursae Minoris|21/η UMi]] 4.95: '''Anwar al Farkadain''' nó '''Alasco'''
:*: < [[An Araibis|Araibis]] ? (''anwar al-farkadayn'') = an Ceann Geal den Dá Ghamhain [ainm a tugadh ar dtús ar Kochab]
 
:* [[11 Ursae Minoris|11 UMi]] 5.02: '''Pherkad Minor'''
:*: < [[An Araibis|Araibis]] فرقد (''farqad'') & [[An Laidin|Laidin]] ''minor'' = an Gamhain Beag
 
: Réaltaí a bhfuil [[ainm Bayer|ainmneacha]] [[Johann Bayer|Bayer]] orthu: