An difríocht idir athruithe ar: "An Caimileon"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 53 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q10457 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 29:
I measc lucht [[an Astráil|na hAstráile]] tugtar "an Friochtán" ar chuid na réaltbhuíne seo go coitianta toisc go bhfuil scothchosúlacht friochtáin air (féach fosta [[an Phéacóg]]).
 
Tugtar '''Chamaeleon''' mar ainm [[An Laidin|Laidine]]e ar an gCaimileon.
 
== Príomhghnéithe ==
Líne 48:
 
== Stair ==
Ba iad an bheirt mhairnéalach [[An OllainnÍsiltír|Ollannacha]] [[Pieter Dirkszoon Keyser]] agus [[Frederick de Houtman]] a chruthaigh réaltbhuíon an Chaimileoin idir na blianta [[1595]] agus [[1597]]. Ar an [[2 Aibreán]] [[1595]] chuir ceithre long chun na farraige ó [[Texel]] san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge ''Hollandia'' sa loingeas.
 
Roimhe sin, áfach, rinne an ministir [[Flóndras|Pléimeannach]] [[Petrus Plancius]] teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí [[Comhlacht Dúitseach na hIndia Thoir|Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir]], ach bhí sé ina [[Réalteolaíocht|réalteolaí]] agus a [[Cairtghrafaíocht|chairtghrafaí]] chomh maith. Sa bhliain [[1589]] rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.
Líne 54:
Fuair Keyser bás sa bhliain [[1596]], ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain [[1597]] tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an learscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain [[1592]] rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. [[an Colm]]). Sa bhliain [[1603]] tháinig na réalthbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas ''[[Uranometria]]'' de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh [[Johann Bayer]].
 
Sa lá atá inniu ann, glacann an [[Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta|tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Chaimileoin san áireamh. Is é an t-ainm [[An Ollainnis|Ollainnise]]e a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná '''Het Chameljoen''', ach d'aistrigh Plancius go [[An Laidin|Laidin]] é mar '''Chamaeleon'''.
 
== Miotaseolaíocht ==