An difríocht idir athruithe ar: "An Caoláire Rua"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 9 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1741345 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Íomhá:Killary Harbour.jpg|thumb|An Caoláire Rua]]
Is é '''an Caoláire Rua''' an t-aon inbhear in [[Éire|Éirinn]] den chineál a dtugann na geolaithe [[caolsáile|fiord]] air. Creideann cuid acu gurbh iad na hoighearshruthanna san Oighearaois a ghearr é, cé go bhfuil an dá bh'fhéidir ann. Is é an Caoláire an teorainn nádúrtha idir [[Contae na Gaillimhe]] agus [[Contae Mhaigh Eo]]. Tá sé sé chiliméadar déag ar fad agus, sa lár, tá an t-[[uisce]] ansin breis is cúig mhéadar is dhá scór ar doimhneacht.
 
Tá Cnoc Maol Réidh, agus é ocht gcéad seacht méadar déag ar airde, suite ar an gcladach thuaidh. Trasna an Chaoláire uaidh atá an Ros Rua agus [[An Óige|brú Óige]] atá as úsáid inniu. Tá clú áirithe ar an bhfoirgneamh. I dtús báire, ní raibh ann ach teach beag tuaithe, ach b'ansin a bhí cónaí ar [[Ludwig Wittgenstein]], an [[fealsúnacht|fealsamh]] Ostarach, ó theastaigh áit chiúin uaidh díreach i ndiaidh [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. Nocht an [[Máire Mhic Róibín|tUachtarán Máire Mhic Róibín]] plaic cuimhneacháin san áit sa bhliain 1993 leis an tréimhse a cheiliúradh a chaith Wittgenstein anseo.
 
Ritheann an Bóthar Glas in aice leis an gCaoláire Rua, bóthar a gearradh i mblianta [[an DrochshaolGorta Mór|an Drochshaoil]], nuair a fuair lucht an ocrais rilíf ó na húdaráis má bhí siad sásta obair den chineál seo a dhéanamh. Ritheann an bóthar naoi gciliméadar síos an t-inbhear ón Líonán.
 
{{commons|Category:Killary Harbour|An Caoláire Rua}}