An difríocht idir athruithe ar: "An Chasacstáin"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 205 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q232 (translate me) |
m Bot: Fixing redirects |
||
Líne 10:
|príomhchathair = [[Astana]] |dnlc=51|dnln=10|dnlNS=N|dnfc=71|dnfn=30|dnfEW=E|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thoir
|cathair_is_mó=[[Almaty]]
|teangacha_oifigiúla=[[An Chasaicis|Casaicis]] agus [[An Rúisis|Rúisis]]
|cineál_rialtais =[[Poblacht]]|
|teidil_na_gceannairí =[[Uachtarán na Casacstáine|Uachtarán]]<br />[[Príomhaire na Casacstáine|Príomhaire]]|ainmneacha_na_gceannairí=[[Nursultan Nazarbayev]]<br />[[Karim Massimov]]
Líne 41:
|fonótaí=}}
Is í '''an Chasacstáin''' ([[An Béarla|Béarla]]: ''Kazakhstan'', [[An Chasaicis|Casaicis]]: ''Қазақстан/Qazaqstan'', [[An Rúisis|Rúisis]]: ''Казахстан/Kazakhstán'') an tír is mó i lár na hÁise. Is í [[Astana]] príomhchathair na tíre. Cathair nua atá ann nach bhfuil ina príomhchathair ach ón mbliain [[1997]] anuas. Is í [[Almaty]] an iar-phríomhchathair. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain [[1991]], agus is é Nursultan Nazarbayev atá ina Uachtarán ón am sin anuas. Sna toghcháin i Mí na Nollag 2005, fuair Nazarbayev níos mó ná 90 % de na vótaí, ach má fuair féin, cháin na monatóirí idirnáisiúnta an toradh seo, agus iad den bharúil nár comhlíonadh an caighdeán idirnáisiúnta ó thaobh an daonlathais de.
Is í an [[
== Tíreolaíocht ==
Líne 57:
Sa naoú haois déag, thosaigh [[Impireacht na Rúise]] ag cúngú isteach ar na Casacaigh. Sna blianta 1813-1907, bhí an Rúis agus Impireacht na Breataine araon ag iarraidh tionchar polaitiúil a imirt ar Lár na hÁise - b'í sin tréimhse an Chluiche Mhóir, mar a thugtaí uirthi. I mblianta an Chluiche Mhóir, chuir na Rúisigh trúpaí armtha ar garastún ar fud na Casacstáin, agus thosaigh siad ag coilíniú na tíre agus ag cur a gcóras riaracháin féin i bhfeidhm uirthi. Níor thaithin seo leis na Casacaigh ar aon nós, nó bhí siad den tuairim gur chuir an míntíreachas isteach ar a seanbhealach maireachtála mar threibheacha fáin. Bhí na coilínithe agus na Casacaigh ag iomaíocht faoi uisce is faoi thailte, agus iad in achrann a chéile go minic. Sa bhliain [[1916]], d'éirigh na Casacaigh amach, agus iad ag marú Rúisigh gan an sibhialtach a aithint thar an saighdiúir. D'agair na Rúisigh díoltas cruálach orthu. Tháinig fórsa mór saighdiúirí a cuir d'fhiachaibh ar na Casacaigh cúlú go dtí na sléibhte agus a fhad leis an tSín, agus nuair a d'fhéach cuid acu filleadh abhaile sa bhliain a bhí chugainn, mharaigh na saighdiúirí Rúiseacha na mílte acu. Sna blianta 1921-22, bhí gorta mór sa tír, agus fuair milliún Casacach bás le hocras.
Nuair a thit Impireacht na Rúise as a chéile, bhí cineál féinrialtais nó neamhspleáchais ag na Cosacaigh ar feadh tamaill, ach ansin, b'éigean dóibh glacadh le forlámhas na Rúise Sóivéadaí. Sa bhliain 1920, bronnadh stádas na Poblachta Féinrialaithí uirthi taobh istigh den stát Sóivéadach. Rinne na Sóivéadaigh sléacht ar na scothaicmí traidisiúnta agus chomhshealbhaigh siad na tailte, rud a rinne praiseach den churadóireacht, ionas gur tháinig gorta nua ar an tír. Sna blianta 1926-1939, glactar leis gur cailleadh beagnach duine as gach ceathrar de dheasca an fhoréigin, an ocrais agus na himirce. Mar sin féin, ghlac na daoine leor leis an gcumhacht Shóivéadach, agus chrom an brainse áitiúil de Pháirtí [[Cumannachas|Cumannach]] an [[
Sna tríochaidí agus sna daichidí, tháinig na milliúin de dhaoine go dtí an Chasacstáin ó na poblachtaí Sóivéadacha ní b'fhaide siar. Daoine a bhí ina lán acu a díbríodh as iarthar na tíre ar chúiseanna polaitiúla nó creidimh - b'fhéidir go raibh baint acu le grúpa eitneach éigin nach raibh ag taithneamh le Stailín, b'fhéidir go raibh siad ina mbaill de sheict reiligiúnda éigin a bhí ródhíograiseach ag cur in aghaidh aindiachas oifigiúil an Stáit Shóivéadaigh - agus is iomaí duine acu a coinníodh i mbraighdeanas sna [[GULag|campaí daorbhroide]]. Bhí campaí móra den chineál sin sa Chasacstáin, cosúil le Kengir, áit ar [[Éirí Amach Kengir|éirigh na príosúnaigh amach sa bhliain 1954]], nó Ekibastuz, áit ar chaith [[Aleksandr Solzhenitsyn]] cuid mhaith dá théarma príosúnachta féin.
Líne 63:
Sa bhliain 1947, bunaíodh ionad tástála buamaí adamhacha in aice le Semipalatinsk (inniu, Semey). B'é an t-ionad tástála ba tábhachtaí den chineál sin san Aontas Sóivéadach. Pléascadh an chéad bhuama adamhach Sóivéadach ansin sa bhliain 1949, agus thit cuid mhaith den astitim núicléach anuas ar shráidbhailte Casacacha nach raibh a muintir aslonnaithe.
I ndiaidh bhás [[Iósaf Stailín|Stailín]], chrom [[Nikita Khrushchev]] ar scéim uaillmhianach mhíntíreachais le steip na Casacstáine a iompú ina machaire méith curadóireachta. Níor éirigh leis an scéim ach go lagmheasartha, ach mar sin, ba tús é don fhorbairt mhór a rinneadh ar earnáil na talmhaíochta sa Chasacstáin ina dhiaidh sin, agus is í an talmhaíocht an tslí bheatha is tábhachtaí sa tír i gcónaí.
Sna hochtóidí, bhí an mhíshástacht ag dul i méadaíocht sa tír, agus an ghlúin óg, ach go háirithe, ag cur in aghaidh an rialtais Shóivéadaigh. I Mí na Nollag 1986, d'iompaigh léirsithe na mac léinn in Almaty ina scliúchais, agus chuir na trúpaí Rúiseacha an míshuaimhneas faoi chois go míthrócaireach. Fuair níos mó ná céad duine óg bás, agus cimíodh cuid mhór eile. Is gnách "Zheltoqsan" a thabhairt ar an gceannairc seo, ós é sin an focal Casaicise a chiallaíonn "[[
== Timpeallacht ==
Tá a lán truailliú tar éis tarlú i gCasacstáin thar na mblianta ach go háirithe sa 20ú haois faoi cheannasaíocht an [[An tAontas Sóivéadach|A.P.S.S.]] Cheann de na fadhbanna ba shoiléire atá tar éis teacht chun cinn le déanaí[[Íomhá:Aral Sea 1989-2008.jpg|mionsamhail|deis|An Mhuir Aral]] ná an laghdú ollmhór ar méid an uisce sa [[Muir Aral|Mhuir Aral]], i 1993 bhí laghdú 60% tar éis teacht ar méid an uisce sa loch. Mar gheall ar seo tá an tionscal iascaireachta sa réigiúin tar eis theipeadh go hiomlán go fíor tapaidh. Tharla seo nuair a méidigh [[Nikita Khrushchev|Nikita Kruschev]] agus [[Leonid Brezhnev]] méid feirmeoireachta gCasacstáin toisc go raibh an chóras uisciú ag teacht go huil is go hiomlán ón Syr Darya agus Amu Darya, an dá abhaineacha a raibh ag líonadh an loch ar feadh na mílte bliain. Anois tá fadhb mór sa réigiún le stoirm deannaigh ag loite na háite toisc go bhfuil méid mhór sallann a raibh san uisce ach anois atá ag meascadh le hithir na háite, mar gheall ar seo níl siad ábalta iascaracht nó feirmeoireacht a dhéanamh.
Ag an am chéanna tá An Mhuir Chaisp ag méadú gan chúis chinnte dar le heolaithe agus tá a lán tuillte ag tarlú thart timpeall ar an Mhuir ag scriosadh bailte iascaireachta na háite. Deirtear go mbeidh chuid is mó den talamh timpeall an mhuir, 88 bailte agus cathracha móra agus chuid mhaith olacheantaracha ina measc, faoi uisce i gceann tamall.
Fadhb eile timpeallachta ollmhór ná na buamaí núicléacha a phléasc na Sóivéadaigh sa fásaigh i Casacstáin gan fiú rá le muintir na háite cad a raibh á dhéanamh acu. Phléasc siad beagnach 500 buamaí sa réigiúin idir 1944 agus 1990 ag scriosadh talamh na háite agus saoil muintir na háite mar gheall ar na ghalair atá siad tar éis tabhairt dóibh ar nós nimhiú raidíochta agus leoicéime.
|