An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"

Content deleted Content added
m Robot: tt:Беренче бөтендөнья сугышы is a featured article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 5:
|dáta = [[28 Iúil]] [[1914]] – [[11 Samhain]] [[1918]]
|áit = [[An Eoraip]], [[an Afraic]] agus [[an Meánoirthear]]
|toradh = Bua na [[Entente Triarach|Chomhghuaillithe]]. Cuireadh [[Conradh na Náisiún]] ar bun. Deireadh le h[[Impireacht na Gearmáine]], h[[An Ostair-Ungáir|Impireacht na hOstaire-Ungáire]], srl.
|comhraiceoir1=An [[Entente Triarach]]
|comhraiceoir2=Na [[Cumhachtaí Láir]]
Líne 18:
Is éard a bhí i gceist leis '''an gCéad Chogadh Domhanda''' nó '''an Cogadh Mór''' ná [[cogadh domhanda|coimhlint dhomhanda]] a mhair ón mbliain [[1914]] go dtí an bhliain [[1918]]. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh [[an Dara Cogadh Domhanda]]. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san [[An Eoraip|Eoraip]]. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.
 
Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], [[Impireacht na Rúise]], agus [[an Fhrainc]], is é sin, an ''Entente'' Triarach, chomh maith leis [[an Iodáil]] nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an Iodáil leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na Cumhachtaí Láir ná [[Impireacht naAn hOstaireOstair-UngáireUngáir|Démhonarcacht na hOstaire is na hUngáire]] agus [[Impireacht na Gearmáine]], [[an Bhulgáir]] agus [[An Tuirc|an Tuirc Otamánach]].
 
Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na saighdiúirí sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón Muir Thuaidh go teorainn na hEilvéise. Bhí cathanna farraige agus aeir ann chomh maith. Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith.
 
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na hOstaire, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Go bunúsach, tharraing an Ostair agus an tSeirbia a gcuid comhghuaillithe isteach sa chogadh, agus bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh. Chuir an cogadh deireadh leis na himpireachtaí ilnáisiúnta san Eoraip agus tháinig stáit nua ar an bhfód: an tSeicslóvaic, an Iúgslaiv, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia, an Pholainn agus an Liotuáin.
 
Ba é [[Conradh Versailles]] a chuir deireadh leis an gcogadh go hoifigiúil. Sa bhliain 1919 a síníodh é.
Líne 47:
=== Impiriúlachas eacnamaíochta ===
 
Cheap [[Vlaidímír Leinín|Vladimir Lenin]] go raibh cúis an chogaidh ag baint leis an impiriúlachas domhanda. Mar fhianaise d'úsáid sé tuairimí [[Karl Marx]] agus [[John A. Hobson]], a dúirt níos luaithe go mbrisfeadh cogadh domhanda amach dá leanfaí ar aghaidh leis an [[impiriúlachas]]. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc shaibhre taobh thiar den rialtas i stáit áirithe. An rud faoin tuairim seo ná: Cén fáth nach raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana? Bhí an bheirt acu ag leathadh amach a n-impireachtaí san Aifric agus san Áise, agus ba bheag nár thosaigh cogadh i Fashoda. Chun an fhírinne a rá, thosaigh impiriúlachas na hOstair-Ungáire agus na Rúise i dtaobh na mBalcán.
 
=== Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht , sean agus nua ===
Líne 72:
 
== Torthaí ==
Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin. Thosaigh [[Réabhlóid na Rúise 1917|Reabhlóid na Rúise]] go gairid ina dhiaidh, agus athraíodh an [[An Eoraip|Eoraip]] ón bhunús. Sa socrú síochána, cuireadh tús le deich dtír nua, agus tógadh a lán talaimh ón [[An Ghearmáin|Ghearmáin]]. Cuireadh deireadh le an-chuid monarcachtaí freisin agus tús len a lán tíortha beaga daonlathacha. Níor éirigh le mórán de na tíortha seo, áfach, mar gheall ar a neamhchobhsaíocht. Thosaigh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] agus [[Cogadh Cathartha na Spáinne]] go hindíreach mar thoradh, agus scriosadh an geilleagar in a lán tíortha de dheasca ghéarchéim na heacnamaíochta.
 
{{stumpa}}