An difríocht idir athruithe ar: "An Chorr"

Content deleted Content added
m Robot: en:Grus (constellation) is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 26:
nótaí=}}
 
[[Réaltbhuíon]] dheisceartach is ea '''an Chorr''', ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh [[Pieter Dirkszoon Keyser]] agus [[Frederick de Houtman]] idir na blianta [[1595]] agus [[1597]] ar son an réalteolaí [[Pléimeanach|Phléimeanaigh]] [[Petrus Plancius]]. Thug an réalteolaí amaitéarach [[An Ghearmáin|Gearmánach]] [[Johann Bayer]] isteach ina léarscáil neamhaí ''[[Uranometria]]'' í sa bhliain [[1603]]. I [[Sasana]] le tamaillín sa [[17ú haois]] bhí '''[[an Lasairéan|Phoenicopterus]]''' (.i. "[[lasairéan]]" as [[An Laidin|Laidin]]) mar ainm eile ar an réaltbhuíon seo. '''Grus''', a chiallaíonn "corr", an t-ainm Laidine a thugtar ar an gCorr sa lá atá inniu ann.
 
== Príomhghnéithe ==
Líne 40:
 
== Stair ==
Ba iad an bheirt mhairnéalach [[An OllainnÍsiltír|Ollannacha]] [[Pieter Dirkszoon Keyser]] agus [[Frederick de Houtman]] a chruthaigh réaltbhuíon na Coirre idir na blianta [[1595]] agus [[1597]]. Ar an [[2 Aibreán]] [[1595]] chuir ceithre long chun na farraige ó [[Texel]] san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge ''Hollandia'' sa loingeas.
 
Roimhe sin, áfach, rinne an ministir [[Flóndras|Pléimeannach]] [[Petrus Plancius]] teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí [[Comhlacht Dúitseach na hIndia Thoir|Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir]], ach bhí sé ina [[Réalteolaíocht|réalteolaí]] agus a [[Cairtghrafaíocht|chairtghrafaí]] chomh maith. Sa bhliain [[1589]] rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.
Líne 46:
Fuair Keyser bás sa bhliain [[1596]], ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain [[1597]] tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an learscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain [[1592]] rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. [[an Colm]]). Sa bhliain [[1603]] tháinig na réalthbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas ''[[Uranometria]]'' de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh [[Johann Bayer]].
 
Sa lá atá inniu ann, glacann an [[Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta|tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Chorr san áireamh. Is é an t-ainm [[An Ollainnis|Ollainnise]]e a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná '''De Reygher''', a chiallaíonn ''an Chorr Éisc'', ach d'aistrigh Plancius go [[An Laidin|Laidin]] é mar '''Grus''', a chiallaíonn ''an Chorr Mhóna''.
 
== Miotaseolaíocht ==