An difríocht idir athruithe ar: "An Choptais"

Content deleted Content added
m Robot: de:Koptische Sprache is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 4:
|cainteoirí=Chuaigh an Choptais in éag mar theanga dhúchais le fada. Mar theanga shearmanais is mó a úsáidtear inniu í.|rang= ~
|líne_ghinealaigh=[[Teangacha Afráiseacha|Afráiseach]]<br />
&nbsp;[[An Éigipt|Éigipteach]]<br />
&nbsp;&nbsp;'''Coptais'''<br />
|teanga_oifigiúil_ginideach=''Níl stádas oifigiúil ag an gCoptais in aon tír''
|rialtóir=''Níl údarás teanga ann''
|iso1=-|iso2=cop|iso3=cop}}
Is í an '''Choptais''' an chéim dheireanach i bhforbairt stairiúil na h[[An Éigiptis|Éigiptise]]e. Go bunúsach, tháinig an Choptais ar an bhfód mar theanga nuair a thosaigh na [[An Éigipt|hÉigiptigh]] ag scríobh a dteanga dhúchais leis na litreacha Gréagacha. Ó nach raibh an [[aibítir Ghréagach]] oiriúnach don Éigiptis mar a bhí sí, cuireadh roinnt litreach as aibítir Dheamótach na hÉigiptise leis an gcóras Gréagach. Mar sin a cruthaíodh an [[aibítir Choptach]].
 
Mhair an Choptais á labhairt agus á scríobh ag [[CríostaíochtAn Chríostaíocht|Críostaithe]] na hÉigipte go dtí an [[17ú haois|seachtú haois déag]], nuair a chuaigh sí in éag mar theanga labhartha. Ón naoú haois déag, áfach, tá sí á saothrú mar theanga léannta ag na Coptaigh, go háirithe san Eaglais Choptach.
 
Na téacsaí Coptaise atá fágtha againn, is féidir difríochtaí áirithe a aithint eatarthu a thugann le fios go raibh canúintí éagsúla ó dhúchas ag na scríbhneoirí. Is iad an chanúint Shaithídeach agus an ceann Bohaerach an dá cheann is tábhachtaí. Is í an chanúint Shaithídeach an ceann is mó litríochta, ach más amhlaidh féin, is í an chanúint Bhohaerach atáthar ag iarraidh a athbheochan mar theanga labhartha.
 
Tá an Choptais breac le focail iasachta ón n[[An Ghréigis|Gréigis]], ó bhí siad riachtanach leis an gcreideamh Críostaí a phlé. Ón taobh eile de, áfach, nuair a bhí sí ina neart, d'fhág an Choptais a lán focail iasachta sna teangacha eile a bhí á labhairt timpeall na hÉigipte, go háirithe sa tSean-Núibis agus san [[An Araibis|Araibis]] Éigipteach. Is féidir, áfach, focail Choptaise a fháil san Eabhrais agus san Araibis Chlasaiceach féin.
 
[[Íomhá:Coptic&Arabic.jpg|thumb|left|Coptais agus Araibis - Séipéal i g[[Caireo]].]]