An difríocht idir athruithe ar: "An Chóiréis"

Content deleted Content added
m Robot: th:ภาษาเกาหลี is a former featured article
m Bot: Fixing redirects
Líne 14:
 
== An Chóiréis mar Theanga ==
Is deacair a rá, an bhfuil gaol ar bith ag an gCóiréis le haon teanga eile. Tá cuid de na teangeolaithe den tuairim go bhfuil a leithéid d'fhine teangacha ann agus na [[teangacha Altaecha]], agus an Chóiréis ina ball den fhine seo. Creideann cuid eile, áfach, gur teanga aonaránach í, cosúil leis an m[[An Bhascais|Bascais]]. Teanga tháite is ea í an Chóiréis, cosúil leis na [[teangacha Tuircice]] - is é sin, baintear úsáid as an iliomad iarmhíreanna gramadúla, agus iad á gcur leis na focail ceann i ndiaidh a chéile. Is é an gnáth-ord focal a bhíonn ann ná SOV, nó Ainmní-Cuspóir-Briathar (is é an t-ord focal is dual don Ghaeilge ná VSO, nó Briathar-Ainmní-Cuspóir). Cosúil leis an t[[An tSeapáinis|Seapáinis]], fuair an Chóiréis cuid mhór focal ar iasacht ón t[[An tSínis|Sínis]] i rith na gcéadta bliain, agus chuaigh cuid mhór acu chomh greamaithe i struchtúr na teanga is nach n-aithníonn na Cóiréigh mar fhocail iasachta iad a thuilleadh. Focail iasachta ón tSínis dhá fhocal as gach triúr sa Chóiréis. Thairis sin, leis na blianta beaga anuas, tháinig dornán iasachtaí isteach ón m[[An Béarla|Béarla]] agus ó na teangacha Eorpacha eile. An chuid eile den stór focal, nó focal as gach triúr, is focail dhúchasacha Chóiréacha iad.
 
== Scríbhneoireacht na Cóiréise ==
Líne 29:
Is iad na príomhchanúintí eile ná:
 
* Canúint [[Súl|Seoul]]. Ar an gcanúint seo atá caighdeán an Deiscirt bunaithe. Lasmuigh de Seoul féin, labhraítear an cineál seo Cóiréise in Incheon agus i Gyeonggi sa Chóiré Theas agus i Kaesŏng sa Chóiré Thuaidh.
 
* Canúint [[Pyongyang|P'yŏng'an]]. Is í an chanúint seo is bunús do chaighdeán an Tuaiscirt. Labhraítear í i bP'yŏngyang (príomhchathair na Cóiré Thuaidh), i gcúige P'yŏng'an agus i gcúige Chagang.