An difríocht idir athruithe ar: "An Daingean"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) m ainm sráide |
m Bot: Fixing redirects |
||
Líne 13:
}}
[[Baile]] is ea '''an Daingean''' nó '''Daingean Uí Chúis''' (''Dingle'' i m[[An Béarla|Béarla]]) atá suite in iarthar [[
== An baile ==
Líne 23:
== Ainm ==
D'éirigh aighneas sa bhaile i [[2005]] maidir le hainm Béarla an bhaile a ligeadh i léig agus an t-ainm [[An Ghaeilge|Gaeilge]] a úsáid i nGaeilge agus i mBéarla. D'fhógair an t[[Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta|Aire Gnóthaí Gaeltachta]], [[Éamon Ó Cuív]], nach mbeadh logainmneacha galldaithe (ar nós 'Dingle') á n-úsáid a thuilleadh ar cuaillí eolais oifigiúla, agus athraíodh ainm an bhaile go Gaeilge i dtús na bliana 2005. Is conspóideach an socrú é seo sa bhaile ós rud é go bhfuil an [[turasóireacht]] mar phríomhthionscal sa cheantar, agus tá imní ar roinnt daoine go gcuirfear turasóirí amú agus iad ag lorg ar an Daingean; tá sráidbhaile eile i g[[Contae Uíbh Fhailí]] darb ainm [[
== Bailte fearainn ==
Líne 49:
Sa bhliain 1829, tháinig Siúracha na Toirbhirte i mbun scolaíochta sa bhliain 1848 bunaíodh Meánscoil na mBráthar.
I lár na haoise sin, bhuail [[an Gorta Mór|an Drochshaol]] buile marfach ar phobal an cheantair de bharr gur theip ar an bpráta. Sa bhliain 1852, tógadh Tigh na mBocht. Tugadh cúnamh do 6,068 duine ann i rith na bliana sin. Le linn na tréimhse sin bhí muintir an cheantair fé bhrú chíosa troma agus muna ndíolfaidís iad deintí iad a dhíshealbhú go minic. Mar shampla, i mí Aibreáin na bliana 1885 ruaig Tiarna Fionntrá dhá theaghlach déag as a gcuid gabhaltaisí i gCaisleán Ghriaire.
Bunaíodh craobh de [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]] i nDaingean Uí Chúis sa bhliain 1888. Ba é Patrick Moore an chéad rúnaí agus ba é Patrick Gould an chéad chaptaen ar an gcumann agus d’imir na foirne fén ainm ''The Dingle Shamrocks''. Bhunaigh Thomas Kelliher, Michael McDonnell, John Lee, Michael Dissette, agus Patrick Foley craobh de Chumann na Talún i nDaingean Uí Chúis. Tháinig príomhioncam mhuintir an cheantair as an iascaireacht agus as an bhfeirmeoireacht le linn na tréimhse seo. Bhí an imirce mar thoradh ar [[na Trioblóidí]] agus ar an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|gCogadh Cathartha]]. Thug na Dubhchrónaigh fén mbaile a dhódh sa bhliain 1920 ach níor éirigh leo mar chuir muintir an cheantair go tréan ina gcoinne.
Líne 55:
Tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Dhaingean Uí Chúis sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1956 deineadh athdhaingniú ar an stádas sin. Bhí “[[Pádraig Ó Siochfhradha|An Seabhac]]”, Pádraig Ó Siochrú, ar dhuine do bhunaitheoirí an chéad choláiste Gaeluinne in Éirinn sa bhliain 1908. I dtús báire, tionóladh ranganna an choláiste i dTigh John O Donnell, mar a bhfuil tigh mhuintir Bhambaire agus tigh tábhairne Uí Fhlaithbheartaigh ar Shráid a’ Droichid anois.
Bhuaigh an Daingean an phríomhdhuais i gComórtas Ghlór na nGael 1980 – 81 fé stiúir an chathaoirligh Jed Budhlaeir. Athbhunaíodh Craobh an Ághasaigh de [[Comhaltas Ceoltóirí Éireann|Chomhaltas Cheoltóirí Éireann]] agus é mar fheidhm ceol sa bhliain 1981. Reachtáladh Fleadh Cheoil Chiarraí cúig n-uaire ar an mbaile sna blianta 1984–89 agus d'eagraigh an chraobh áitiúil [[An Fhleadh Cheoil|Fleadh Cheoil]] na Mumhan sna blianta 1990 agus 1996. Reachtáladh Oireachtas na Gaeilge ar an mbaile sna blianta 1987, 1992 agus 2001.
[[Catagóir:Bailte i gContae Chiarraí|Daingean, An]]
|