An difríocht idir athruithe ar: "An Domhnach"

30 bytes added ,  8 mbliana ó shin
m
Bot: Fixing redirects
m (Bot: Migrating 179 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q132 (translate me))
m (Bot: Fixing redirects)
Is é '''An Domhnach''' an chéad lá den tseachtain de réir an traidisiúin Chríostaí, ach mar gur lá saoire é is é an dara lá den deireadh seachtaine é go coitianta. Rinneadh lá saoire de ionas go mbeadh Críostaithe in ann freastal ar an Aifreann ([[CaitliceachasEaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceach]]) agus comaoineach a ghlacadh.
 
De réir na [[féilire Greagórach|féilire Greagóraí]], ní thosaíonn aois nua ar an Domhnach. De réir na féilire Eabhraí, ní thosaíonn aon bhliain ar an Domhnach. Bíonn [[Aoine 13]] le fáil in aon mhí a thosaíonn ar an Domhnach.
De réir seantraidisiúin [[giúdachasAn Giúdachas|Ghiúdaigh]] is é an Satharn an tSabóid. Ina lán teangacha is ionann na focail atá ar 'Shatharn' agus ar ‘Shabóid,' cé go ndéanann eaglaisí ceartchreidmheacha idirdhealú idir an Satharn agus lá na Sabóide. Is annamh a thugann Caitlicigh an tSabóid ar an lá, ach is nós le go leor [[An Protastúnachas|Protastúnach]] 'an tSabóid' a thabhairt ar an Domhnach.
 
Sa chuid is mó den [[An Eoraip|Eoraip]] agus i [[Meiriceá Theas]] (seachas [[An Bhrasaíl|sa Bhrasaíl]]) is é an Domhnach an lá deireanach den tseachtain. I dtíortha eile, dála [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|SAM]], is é an chéad lá é, barúil thraidisiúnta a tháinig anuas ó na [[Seanghiúdaigh]], ó na [[Seanéigiptigh]] agus ón [[Impireacht Naofa Romhánach]]. De réir an ISO 8601, is é [[Luan|an Luan]] an chéad lá agus is é an Domhnach an seachtú lá.
 
Dar le haicmí áirithe Críostaí a bhfuil dearcadh ceartchreidmheach nó piúratánach acu, ní dhéantar obair ar bith Dé Domhnach, cé is moite de chúrsaí adhartha nó de ghníomh práinne.
20,290

edits