An difríocht idir athruithe ar: "An Dealbhóir"

m
Bot: Fixing redirects
m (Bot: Migrating 53 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q9286 (translate me))
m (Bot: Fixing redirects)
 
nótaí=}}
 
Tá '''an Dealbhóir''' ar cheann de na [[Réaltbhuíon|réaltbhuíonta]] miona atá le feiceáil ar an [[Sféar neamhaí|leathsféar neamhaí theas]]. An tAb [[Nicolas Louis de Lacaille]] a chruthaigh an réaltbhuíon seo. Ar dtús d'ainmnigh sé as ceárta dhealbhóra – ''L'Atelier du Sculpteur'' as [[An Fhraincis|Fraincis]], nó ''Apparatus Sculptoris'' as [[An Laidin|Laidin]] – ach giorraíodh an t-ainm go '''Sculptor''' (sin le rá, "an Dealbhóir") idir sin is tráthas.
 
Tá [[pol theas an Réaltra]] le feiceáil ar réaltbhuíon an Dealbhóra.
 
== Stair ==
Ba é an réalteolaí Francach an tAb [[Nicolas Louis de Lacaille]] a chruthaigh réaltbhuíon an Dealbhóra. Chaith Lacaille na blianta [[1751]] agus [[1752]] san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] agus é ag clárú réaltaí [[Sféar neamhaí|an leathsféir theas]]. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain [[1756]] ach ní raibh ann ach [[plánaisféar]] agus é sa teanga [[FraincisAn Fhraincis|Fraincise]]e. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain [[1763]], bliain amháin tar éis bhás Lacaille. '''Coelum Australe Stelliferum''' an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an [[An Laidin|Laidin]], agus chuir sé trí réaltbhuíon [[An Chíle|na Cíle]], [[na Seolta]] agus [[Deireadh na Loinge|Dheireadh na Loinge]] in áit [[An Long|Argo Navis]] (nó '''Le Navire''', mar a thug sé air sa chéad eagrán).
 
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Dealbhóir ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an [[an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
 
== Miotaseolaíocht ==
Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Dealbhóra go dtí an [[18ú haois|18ú aois]], níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
 
== Réaltaí ==
19,799

edits