An difríocht idir athruithe ar: "An Ghuaráinis"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
m Bot: Fixing redirects |
||
Líne 10:
|rialtóir=N/A
|iso1=gn|iso2=grn|iso3=gug}}
Is [[teanga (cumarsáid)|teanga]] í an '''Ghuaráinis''' (''Guaraní'' a thugtar uirthi as Spáinnis, ach is é ''avañe'ẽ'' an téarma a úsáidtear sa Ghuaráinis féin), a labhraítear i [[Meiriceá Theas]]. Ceann de na teangacha Tupi í, agus aicmítear san fhoghrúpa Tupi-Ghuaraní í. Tá [[Teanga oifigiúil|stádas oifigiúil]] aici i b[[Paragua]], agus í ó dhúchas ag formhór mhuintir na tíre sin. Labhraítear sna tíortha eile timpeall ar Pharagua í fosta, agus aitheantas oifigiúil aici mar dhara teanga oifigiúil i gcúigí Corrientes agus Misiones s[[an Airgintín]]. Ceann de theangacha oifigiúla Chómhargadh na Coirceoige Theas í freisin. Is é Cómhargadh na Coirceoige Theas, nó MERCOSUR, an cómhargadh [[eacnamaíocht]]a a bhunaigh [[an Bhrasaíl]], Paragua, [[Uragua]], agus an [[An Airgintín|Airgintín]] sa bhliain 1991. Ñemby Ñemuha an t-ainm Guaráinise ar an eagraíocht idirnáisiúnta seo.
Is í an Ghuaráinis an t-aon teanga bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas a chuaigh in úsáid go forleathan i measc na neamh-bhundúchasach. An chuid is mó de na teangacha bundúchasacha tá siad ag géilleadh do na teangacha móra a tháinig ón [[An Eoraip|Eoraip]], is é sin, an [[An Spáinnis|Spáinnis]] agus an [[
De ghnáth, glactar leis gurb ionann an Ghuaráinis agus teanga oifigiúil Pharagua. Tá canúintí eile ann, agus is féidir a rá go bhfuil contanóid nó slabhra canúintí ann. Na canúintí a labhraíonn dreamanna beaga bundúchasacha, ar nós chanúintí Aché agus Mbya, bíonn siad difriúil go maith le caint na sráide sna cathracha Paraguacha, ach ar ndóigh tá Guaráinis na gcathracha breac le focail iasachta ón Spáinnis a bhíonn de dhíth le cur síos a thabhairt ar an saol nua-aimseartha. Ón taobh eile de, is follas gur choinnigh na canúintí bundúchasacha a lán seantéarmaí a bhaineann leis an saol traidisiúnta.
Ar dtús bhunaigh na hÍosánaigh cineál tearmainn nó ''reducciones'' mar a thugtar orthu as Spáinnis le haghaidh na mbundúchasach. Dialathas Caitliceach a bhí i réim sna tearmainn seo, agus an [[
An córas scríbhneoireachta a úsáidtear, freagraíonn sé go maith d'fhuaimeanna na Guaráinise, ach bíonn sé deacair na litreacha speisialta a chlóscríobh. Bíonn an tilde (~) le feiceáil go minic sa Ghuaráinis scríofa. Nuair a chuirtear os cionn an "n" é, is ionann é agus an litir chéanna sa Spáinnis, is é sin, an n caol: Ñ/ñ. (Fuaimnítear an litir seo cosúil leis an "nn" san fhocal Gaeilge "Spáinnis".) Má chuirtear os cionn na litreach guta é, is é is ciall leis ná gur guta srónach faoi bhéim atá ann (ã, ẽ, ĩ, õ, ũ, ỹ). (An guta a scríobhtar leis an y, tá sé cosúil le "ao" na Gaeilge san fhocal "saol"; is é an leagan srónach den ghuta seo an fhuaim is neamhghnáiche sa teanga.) Má chuirtear an tilde os cionn an g, gheofar an litir a fhuaimnítear cosúil le "ng" an Bhéarla agus na Gaeilge: G̃/g̃. Litir é seo nach bhfuil in úsáid in aon teanga eile, agus ní ceann de na litreacha réamhchumtha é sa chóras úd Unicode féin.
|