An difríocht idir athruithe ar: "An Lucsambuirgis"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 82 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q9051 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 4:
|cainteoirí=300,000
|rang=~
|líne_ghinealaigh=[[TeangachaNa teangacha Ind-Eorpacha|Ind-Eorpais]]
[[Teangacha Gearmánacha|Gearmáinic]]
[[Teangacha Gearmánacha an Iarthair|Gearmáinic an Iarthair]]
[[Teangacha Ard-Ghearmáinise|Ard-Ghearmáinis]]
[[Teangacha Gearmáinise an Láir-Iarthair|Gearmáinis an Láir-Iarthair]]
'''Lucsambuirgis'''
|teanga_oifigiúil_ginideach=[[Lucsamburg]]
|rialtóir=Conseil Permanent de la Langue Luxembourgeoise (CPLL)
Líne 11:
Is í an '''Lucsambuirgis''' an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] is mó a labhraítear i [[Lucsamburg]], agus í ó dhúchas ag trí chéad míle duine. Go bunúsach, níl ann ach canúint Meán-Ghearmáinise, agus í an-ghaolmhar leis na canúintí Meán-Ghearmáinise eile, cosúil le caint na ndaoine i g[[Köln]], mar shampla.

Níl an Lucsambuirgis ina teanga oifigiúil sa tír ach ón mbliain 1984 i leith. Tá litriú ar leith aici ón mbliain 1946 anuas, ach rinneadh leasuithe air sa bhliain 1999. Baintear úsáid ócáidfhreastalach aisti sna scoileanna le rudaí deacra a mhíniú sa chaint, ach is iad an [[GearmáinisAn Ghearmáinis|Ghearmáinis]] agus an [[FraincisAn Fhraincis|Fhraincis]] na teangacha scríofa a chleachtar. Bíonn an Lucsambuirgis le cloisteáil ar an [[raidió]] agus ar an [[teilifís]] go minic, ach ní bhaintear mórán úsáide aisti sna clómheáin, cosúil leis na nuachtáin agus na leabhair. Is í an Fhraincis teanga an dlí agus na reachtaíochta i Lucsamburg, agus ní thagann leabhar na reacht i gcló in aon teanga eile, cé go bpléann parlaimint Lucsamburg na dlíthe nua trí mheán na Lucsambuirgise. Ní teanga oifigiúil í an Lucsambuirgis san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]] ach an oiread, agus ní chuirtear aistriúchán oifigiúil Lucsambuirgise den reachtaíocht Eorpach ar fáil do na saoránaigh - glactar leis mar phrionsabal go bhfuil an Fhraincis ag cách.

Tá saol poiblí Lucsamburg dírithe ar dhaoine a bhfuil an trí theanga acu idir Lucsambuirgis, Ghearmáinis agus Fhraincis. Is í an Fhraincis teanga na bhfógraí poiblí, ach is í an Ghearmáinis is mó a úsáidtear sna nuachtáin. Má thagraíonn nuachtán d'fhocail a labhair polaiteoir, státseirbhíseach nó boc mór éigin eile as Lucsambuirgis nó Fraincis, is sa teanga sin a thabharfar na focail, agus má thráchtar ar an reachtaíocht, ní thabharfar an tagairt ach as Fraincis. Deirtear go bhfuil tríbhéascna (''triglossia'') i bhfeidhm sa tír.

Cé gur canúint de chuid na Gearmáinise í an Lucsambuirgis, tá sí á forbairt ina teanga chaighdeánaithe ar leith, agus is é dearcadh mhuintir Lucsamburg gur siombail lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnta í. Go háirithe le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]], nuair a bhí Lucsamburg forghafa ag na Naitsithe, theastaigh ó mhuintir na tíre tabhairt le fios nach raibh siad ina nGearmánaigh, más ionann a bheith i do Ghearmánach agus a bheith i do [[Naitsíochas|Naitsí]].

Ba é Michel Rodange (1827-1876) a chuir tús le litríocht na Lucsambuirgise, agus is dócha gurb é Josy Braun (a rugadh sa bhliain 1938) an scríbhneoir comhaimseartha is tábhachtaí. Sa bhliain 1997, d'fhoilsigh Braun an chéad úrscéal bleachtaireachta sa teanga.