An difríocht idir athruithe ar: "An Mhaorais"

Content deleted Content added
cumasc
m Bot: Fixing redirects
Líne 13:
|iso3=mri
}}
Is [[teanga (cumarsáid)|teanga]] í an '''Mhaorais''' ('''Māori''' nó '''Te Reo Māori'''), nó '''Te Reo''' de ghnáth a labhraítear sa [[an Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainn]]. Ceann de na [[Teanga oifigiúil|theangacha oifigiúla]] sa tír sin is ea í, agus is é an [[An Béarla|Béarla]] an ceann eile. [[Teangacha Polainéiseacha|Teanga Pholainéiseach]] í an Mhaorais, agus is í teanga [[Oileáin Cook]] an ceann is gaolmhaire léi. Le fírinne, "Maorais" a thugann muintir Oileáin Cook ar a dteanga freisin. "Dúchasach" nó "bundúchasach" is brí leis an bhfocal sin "[[Māori (idirdhealán)|māori]]" sa teanga féin.
 
Tá a lán canúintí ann, ach is í an chanúint is difriúla leis an gcuid eile ná canúint an Deiscirt. Is í an difríocht is mó ná go gcuirtear ''k'' in áit an ''ng'' sa Deisceart. Tá caighdeán na Maoraise bunaithe ar chanúint Lár Oileán an Tuaiscirt, agus sna laethanta a bhí, rinne rialtas na Nua-Shéalainne iarrachtaí leis an Maorais chaighdeánaithe a chur i mbéal mhuintir an Deiscirt freisin. Inniu, áfach, baintear úsáid oifigiúil as an gcanúint Dheisceartach sna háiteanna ina labhraítear de ghnáth í. Mar shampla, is é an t-ainm oifigiúil Maoraise atá ar an sliabh is airde sa Nua-Shéalainn inniu ná ''Aoraki'' (''Mount Cook'' an t-ainm Béarla), de réir chanúint an Deiscirt, ós in Oileán an Deiscirt atá sé suite. ''Aorangi'' an t-ainm a úsáideann muintir an Tuaiscirt.