An difríocht idir athruithe ar: "An Mhalaeis"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Teangacha Malae-Pholainéiseacha|Teanga Mhalae-Pholainéiseach]] í an '''Mhalaeis''' a labhraítear sa [[An Mhalaeisia|Mhalaeisia]] agus i dtíortha eile ina timpeallacht, go háirithe. Le fírinne, is deacair a rá cé acu aon [[teanga (cumarsáid)|teanga]] amháin nó grúpa teangacha atá ann, agus ón taobh eile de, tá [[an Indinéisis]] chomh cóngarach do Mhalaeis chaighdeánach na Malaeisia is gur féidir a rá nach bhfuil iontu ach canúintí aon teanga amháin. Ón taobh eile de, tá an cineál Malaeise a labhraítear i m[[Brúiné]] chomh difriúil is go bhfuil sé beagnach dothuigthe ag na Malaeisiaigh.
 
''Bahasa Malaysia'' a thugtar ar an gcineál Malaeise a shaothraítear sa Mhalaeisia féin mar [[Teanga oifigiúil|theanga náisiúnta]]. Má táthar ag trácht ar an Malaeis sa chiall fhairsing, is fearr ''Bahasa Melayu'' a thabhairt uirthi. ''Bahasa Indonesia'' a thugtar ar [[an Indinéisis]]. "Teanga" is ciall leis an bhfocal sin ''bahasa'', agus is focal iasachta ón t[[An tSanscrait|Sanscrait]] é.
 
{{síol}}