An difríocht idir athruithe ar: "An Reithe"

Content deleted Content added
m Robot: en:Aries (constellation) is a featured article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 30:
mí = Nollaig |
nótaí=}}
Tá '''an Reithe''' ar cheann de [[réaltbhuíon]]ta an [[stoidiaca]]. ''[[Aries]]'' an t-ainm [[An Laidin|Laidine]]e a thugtar air, a chiallaionn ''[[reithe]]''. Tá an Reithe suite idir [[na hÉisc]], atá ar an taobh thiar de, agus [[an Tarbh]], atá ar an taobh thoir de.
 
== Príomhghnéithe ==
Líne 48:
Má chuirtear san áireamh réaltóga níos doiléire, ach infheicthe ag an tsúil fhornocht, tá dealramh ag ceantar seo na spéire le ceann reithe a bhfuil gnáthchruth cinn fhéariteora air agus adharc bhíseach ar a bharr.
 
I [[miotaseolaíocht na Gréige]], ceaptar gurbh é an reithe a d'iompair [[Fricseas]], mac [[Athamas]], agus a dheirfiúr [[Heillé (miotaseolaíocht)|Heillé]] go [[Coilcís]] le héalú óna leasmháthair [[Ionó]] atá ann. Thit Heillé anuas sa mhuir sin ar tugadh [[Muir Heillé]] ina dhiaidh sin uirthi. Tar éis do Fricseas a theacht slán go Coilcís, d'íobair sé an reithe (go han-dhíomuíoch) agus chroch sé a [[Lomra an Óir|lomra]] i n[[Garrán Airéis]], áit ar thiontaigh sé ina ór; blianta ina dhiaidh sin tháinig [[Iasón]] agus na h[[Argónátaigh]] ar a lorg. De réir cosúlachta, bhí na [[Baibealóinigh]], na [[An Ghréig|Gréagaigh]], na [[Peirsigh]] agus na h[[Éigiptigh]] go léir ar aon intinn le chéile gurbh é ainm na réaltbhuíne seo ná an Reithe.
 
B'fhéidir go mbaineann bunús mhiotas chrios [[Hipilité]] (ceann de [[Dhá Shaothar Déag]] [[Earcail]]) le príomhcheantar na spéire a chomhdhéanann comhartha an Reithe, a chuimsíonn [[an Phléadach]], réaltbhuíon [[Andraiméide (réaltbhuíon)|Andraiméide]] agus páirt de [[na hÉisc]].
Líne 57:
De réir cúpla cosmeolaíocht, tá baint éigin ag an Reithe le [[dúil chlasaiceach]] [[Tine (dúil chlasaiceach)|na Tine]], agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (i dteannta leis [[an Saighdeoir]] agus [[an Leon]]). Is é [[Mars (pláinéad)|Mars]] is pláinéad ceannasach leis. Tá sé freisin ar cheann de na ceithre chomhartha Chairdineálta (i dteannta [[an Mheá|na Meá]], [[an Gabhar|an Ghabhair]], agus [[an Portán|an Phortáin]]). Is é [[an Mheá]] is frithchomhartha polach leis. Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn seo mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Reithe an ceann. Ar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an reithe é féin. I measc tréithe an Reithe áirítear nádúr eisdírithe go hionsaitheach, fiosracht is spraoi naíonda, soineantacht athléimneach, agus macnas míshuaimhneach fiáin; ach cuirtear cúpla drochthréith san áireamh freisin, ina measc giorraisce is sochorraitheacht.
 
Daoine cáiliúla ar rugadh faoin gcomhartha seo iad: Russell Crowe, Ewan McGregor, [[Kofi Annan]], Hans Christian Anderson, [[Vincent van Gogh|Vincent Van Gogh]], [[Heath Ledger]], Elle McPherson, Maya Angelou and Victoria Beckham.
 
== Réaltaí ==