An difríocht idir athruithe ar: "An Rómáinis"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 3:
|réigiún=[[An Eoraip Thoir]]
|cainteoirí=26 milliún|rang= 26
|líne_ghinealaigh=[[LíneNa ghinealaighteangacha Ind-EorpaiseEorpacha|Ind-Eorpais]]<br />
&nbsp;[[Teangacha Iodáilice|Iodáilic]]<br />
&nbsp;&nbsp;[[Teangacha Rómánsacha|Rómánsach]]<br />
Líne 12:
|iso1=ro|iso2=rum(B)/ ron(T)|iso3=ron}}
 
[[Teangacha Rómánsacha|Teanga Rómánsach]] í an '''Rómáinis''' agus í ina teanga oifigiúil sa [[An Rómáin|Rómáin]]. Cosúil leis na teangacha Rómánsacha eile, d'fhorbair sí as an [[An Laidin|Laidin]], ach fuair sí cuid mhaith focal iasachta ó na [[teangacha Slavacha]] a labhraítear sna tíortha ina timpeall.
 
Tugtar "Moldóivis" ar an Rómáinis a labhraítear sa [[An Mholdóiv|Mholdóiv]], ach is í an [[teanga (cumarsáid)|teanga]] chéanna í, go bunúsach, a fhad agus atá an caighdeán scríofa i gceist. Nuair a d'fhorghabh na trúpaí [[APSSAn tAontas Sóivéadach|Sóivéadacha]] an Mholdóiv sa bhliain 1940, cuireadh na litreacha [[Aibítir Choireallach|Coireallacha]] i bhfeidhm ar an Rómáinis a bhí á labhairt ansin, agus gaireadh teanga neamhspleách - Moldóivis - di. Ar dtús, rinne na [[teangeolaíocht|teangeolaithe]] Sóivéadacha iarracht tréithe na gcanúintí áitiúla a thabhairt isteach sa chaighdeán scríofa, ach de réir a chéile, d'éirigh siad as an obair seo, agus ghlac siad leis mar phrionsabal go raibh sé ní ba chiallmhaire cloí le norm na Rómáine féin, cé gur mhair na litreacha Coireallacha in úsáid oifigiúil go dtí gur bhain an Mholdóiv amach neamhspleáchas sa bhliain 1989. An chanúint a labhraítear sa Mholdóiv, níl mórán difríochta idir í agus an Rómáinis a chluinfeá sa Rómáin féin, agus is ionann í agus an chanúint sa chuid is cóngaraí don Mholdóiv den Rómáin. Is í an difríocht is mó ná go bhfanann a lán focal [[An Rúisis|Rúisise]]e in úsáid sa teanga labhartha sa Mholdóiv.
 
Scéal eile ar fad go bhfuil dreamanna beaga scaipthe ar fud na mBalcán agus canúintí Rómáinise á labhairt acu atá chomh difriúil leis an teanga chaighdeánach is gur féidir a rá gur teangacha ar leith iad. Is í an Aromúinis, nó an Aromáinis, an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í á labhairt sa [[An Ghréig|Ghréig]] agus sa [[An Mhacadóin|Mhacadóin]]. Tá sí chomh breac le hiasachtaí Gréigise is nach féidir leis an Rómánach mórán adhmaid a bhaint aisti. Ní hionann gramadach an dá theanga ach an oiread. Teanga bheo bhríomhar í an Aromúinis i gcónaí, cé nach bhfuil [[Teanga oifigiúil|stádas oifigiúil]] aici ach in aon chathair amháin sa Mhacadóin.
Líne 30:
== An Tionchar Balcánach ==
 
Tá na teangacha Balcánacha go léir sách cosúil le chéile - is é an téarma a úsáideann na teangeolaithe go minic ná ''Sprachbund'', focal [[GearmáinisAn Ghearmáinis|Gearmáinise]]e a chiallaíonn "comhghuaillíocht teangacha". Cé nach bhfuil dlúthghaol ach ag cuid de na teangacha seo le chéile, is féidir cosúlachtaí a aithint ar ghramadach na dteangacha seo go léir de thoradh an tionchair a bhí acu ar a chéile i rith na gcéadta bliain. "Balcánachas" den chineál seo atá i gceist le saintréithe áirithe gramadúla a aithnítear ar an Rómáinis freisin: cuirtear an t-alt deimhneach le deireadh an fhocail mar a bheadh iarmhír ann: ''codru'' "coill, foraois", ''codrul'' "an choill, an fhoraois"; níl infinideach ag na briathra (ach oiread le briathra na [[An Ghaeilge|Gaeilge]], dála an scéil); agus cruthaítear an aimsir fháistineach trí úsáid a bhaint as leagan ídithe an bhriathair a chiallaíonn, go stairiúil, "is mian liom, teastaíonn uaim": ''voi face'' "déanfaidh mé" (is é ''face'' foirm an tríú pearsa san aimsir láithreach: ''déanann''; agus tá ''voi'' bunaithe ar ''volo'' na Laidine).
 
== Tionchar na dTeangacha Eile ==
 
Tháinig cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha. Glactar leis gur tháinig focal as gach ceathrar sa Rómáinis ón tSlaivis. D'imir [[an Ghréigis]], [[Ungáiris|an Ungáiris]], an Ghearmáinis agus [[an Tuircis]] a dtionchar ar stór focal na teanga freisin.
 
Ón [[19ú haois|naoú haois déag]] ar aghaidh, áfach, tá na Rómánaigh ag iarraidh an teanga a "ath-Rómhánú" agus iad ag tarraingt ar an bh[[An Fhraincis|Fraincis]], ar an [[An Iodáilis|Iodáilis]] agus ar an Laidin le haghaidh téarmaí nua. Tá tionchar na Fraincise ar an teanga láidir go maith, agus dúil ag na Rómánaigh i dteanga agus i gcultúr na Fraince le fada an lá. Chuaigh a lán Rómánach go dtí [[an Fhrainc]] ar lorg na saoirse agus le teacht slán ó na cineálacha éagsúla daorsmachta a bhí ag crá a dtíre, agus bhain scríbhneoirí ón Rómáin clú agus cáil amach leis an máistreacht a bhí acu ar an bhFraincis.