An difríocht idir athruithe ar: "Suíceachas (reiligiún)"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 99 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q9316 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Íomhá:Khanda1.svg|thumb|right]]
Reiligiún is ea é an '''Saíceachas''' a tháinig ar an bhfód i dTuaisceart na h[[An India|India]] sa [[15ú haois|chúigiú haois déag]]. Tá an Saíceachas bunaithe ar theagaisc an Ghurú Nanak, a chuir bun leis an [[Creideamh|gcreideamh]], chomh maith le naonúr [[Gurú|gurúnna]] eile a lean sna sálaí aige. Thairis sin, is gnách leis na Saícigh dearcadh ar a leabhar naofa mar "ghurú beo". Is é an t-ainm a thugann siad ar an scrioptúr seo ná Guru Granth Sahib.
 
Tá an focal féin ''Saíceach'' nó ''Sikh'' bunaithe ar an téarma [[SanscraitAn tSanscrait|Sanscraite]]e ''Śiṣya'', a chiallaíonn "deisceabal" nó "dalta". Creideann na Saícigh i nDia, a dtugann siad ''Vāhigurū'' nó "An Tiarna Iontach" air. An dóigh a samhlaítear Dia do na Saícigh, áfach, níl Sé daonchruthach, nó is féidir a rá gurb ionann É agus an ollchruinne ar fad. Tá blas pandiachais ar an Saíceachas mar sin. Is é an dóigh a lorgann na Saícigh an slánú ná an mharana dhiansmachtúil in ainm Dé.
 
Caithfidh an Saíceach fíréanta aird a thabhairt ar theagasc na nGurúnna, chomh maith le Gurú Granth Sahib, an "gurú i bhfoirm leabhair", nó scrioptúr naofa na Saíceach. Is éard atá ann ná díolaim téacsanna le scríbhneoirí éagsúla, ar aithin Gurú Arjan Shev, cúigiú Gurú an tSaíceachais, fiúntas reiligiúnda nó morálta iontu. B'é Gobind Singh, an deichiú Gurú, a shocraigh téacs deifnideach an scrioptúir.