An difríocht idir athruithe ar: "An Spidéal"

Content deleted Content added
No edit summary
m Bot: Fixing redirects
Líne 12:
}}
 
Is baile é '''An Spidéal''' (''Spiddal'' nó ''Spiddle'' as [[An Béarla|Béarla]]) atá suite in iarthar [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]].
 
Tá sráidbhaile an Spidéil thart ar aon mhíle déag nó ocht gciliméadar déag siar an cósta ó [[Gaillimh|Chathair na Gaillimhe]]. Baile an Droichid a thugadh muintir na háite tráth air. Táid ann a deir gurb é an Spidéal príomhbhaile [[Cois Fharraige|Chois Fharraige]]. Síneann Paróiste an Spidéil ó Dhoire Locháin Thoir siar go hAbhainn an Spidéil nó Abhainn Bhoth Loiscthe agus ó thuaidh go Leitir Meas agus Poll. Tugtar 'Ceantar an Spidéil' uaireanta ar cheantar beagán níos fairsinge ná sin, a chuimsíonn Paróiste an Spidéil féin agus an ceantar i bParóiste an Chnoic ó shráidbhaile an Spidéil siar go Sáile Chuanna.
 
[[Íomhá:An_Spidéal_131104-1.jpg|280px|thumb|left|Cuan an Spidéil (An tSeanchéibh) ina lag trá, 13 Samhain 2004]]
Tá an Spidéal suite i nGaeltacht [[Conamara|Chonamara]] agus cé go bhfuil an [[GaeilgeAn Ghaeilge|Ghaeilge]] in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa [[Gaeltachtan Ghaeltacht|nGaeltacht]] ina hiomláine.) Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.
 
Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an ceantar a chur chun cinn.