An difríocht idir athruithe ar: "An Tocáiris"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 45 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q37029 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Íomhá:Tocharian.JPG|thumb|Tocáiris B, téacs atá i dtaisce in Iarsmalann Náisiúnta na Seapáine. Tá an aibítir seo bunaithe ar an scríbhneoireacht Bhrámach, cosúil lena lán córas scríbhneoireachta san India.]]
[[TeangachaNa teangacha Ind-Eorpacha|Teanga Ind-Eorpach]] í an '''Tocáiris''', nó, le bheith beacht, dhá [[Teanga (cumarsáid)|theanga]] a bhfuil gaol dlúth acu le chéile agus a bhíodh á labhairt i lár na hÁise, in Imchuach Tarin, áit a bhfuil réigiún féinrialaitheach Xinjiang in Iarthar na [[An tSín|Síne]] inniu. Ba é [[Marc Aurel Stein]], taiscéalaí [[An Ungáir|Ungárach]] a bhain amach saoránacht na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]], an chéad duine a tháinig trasna ar iarsmaí na Tocáirise, agus é ag déanamh taistil i bhFásach Taklamakan i dtús na [[20ú haois|fichiú haoise]].
 
An dá chineál Tocáirise atá ann, is gnách Tocáiris A agus Tocáiris B a thabhairt orthu. An litríocht atá fágtha againn sa chéad teanga acu, níl ann go bunúsach ach aistriúcháin ar scríbhinní reiligiúnacha [[An Búdachas|Búdaíocha]]. An dara teanga acu, áfach, nó Tocáiris B, tá a lán ábhair shaolta scríofa inti: comhfhreagras idir na mainistreacha Búdaíocha, pasanna do na carbháin, agus dán grá amháin, mar shampla. Cé go bhfuil an dá chineál Tocáirise dlúthghaolmhar le chéile, tá siad chomh difriúil nach raibh siad intuigthe ag cainteoirí a chéile, de réir dhealraimh. Is é an tátal a bhain na teangeolaithe as an iomlán gur féidir gur leagan seanársa den teanga a bhí i gceist le Tocáiris A, teanga naofa a bhí á saothrú ag lucht léinn na mainistreach, agus gurbh í Tocáiris B an teanga a bhí á labhairt mar theanga bheo san am. Níl na saineolaithe go léir ar aon fhocal faoin teoiric seo, áfach.
 
{{síol}}