An difríocht idir athruithe ar: "An Tamailis"
Content deleted Content added
No edit summary |
m Bot: Fixing redirects |
||
Líne 1:
Is í an '''Tamailis''' (''தமிழ்'') an ceann is tábhachtaí de na [[teanga (cumarsáid)|teangacha]] [[teangacha Dráivideacha|Dráivideacha]], is é sin, teangacha bundúchasacha Dheisceart na hIndia. Teanga oifigiúil í i stát [[Tamil Nadu]] san [[An India|India]], i [[Srí Lanca]] (in éineacht leis an tSiolóinis), agus i [[Singeapór]] (in éineacht leis an m[[An Béarla|Béarla]], an t[[An tSínis|Sínis]], agus an [[
Ceann de theangacha clasaiceacha na hIndia í an Tamailis. Is é ''Tolkappiyam'', gramadach na Sean-Tamailise, an téacs is sine sa teanga, ach is deacair a rá, cén t-am a scríobhadh é. Cuid de na saineolaithe, tá siad ag áitiú gur breacadh an téacs síos i bhfad roimh bhreith Chríost, agus an chuid eile barúlach go mbaineann sé leis an ochtú haois AD. Dealraíonn sé nach bhfuil sé níos nua ná sin, áfach.
Focal Tamailise sa [[
Cosúil leis na teangacha Dráivideacha eile, is teanga tháite (teanga shintéiseach) í an Tamailis, is é sin, cuirtear a lán iarmhíreanna leis na focail le hiad a dhíochlaonadh nó a réimniú. Tá a haibítir féin aici, cosúil leis na mórtheangacha Dráivideacha eile. Baineann na Tamalaigh úsáid as an aibítir seo nuair a scríobhann siad [[An tSanscrait|Sanscrait]] freisin, agus má scríobhtar teangacha na mionlach eitneach i Stát Tamil Nadu ar aon nós, is í an [[aibítir]] seo a úsáidtear.
{{commons|Category:Tamil language|Tamailis}}
|