An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 6:
== Stádas Polaitiúil na Téaváine ==
{{Príomhalt|Poblacht na Síne}}
Is é stádas polaitiúil na Téaváine inniu ná gurb ionann an t-oileán (in éineacht le roinnt oileán beag ina timpeall) agus [[Poblacht na Síne]], poblacht a mhaíonn gurb í an t-oidhre ceart don stát a bhí ag rialú na Síne sular bhuaigh na [[Cumannachas|Cumannaigh]] an cogadh cathartha sa bhliain 1949. Maidir le rialtas [[DaonphoblachtDaon-Phoblacht na Síne|Dhaonphoblacht na Síne]] ar an mórthír, áfach, is é a dtuiscint ar an scéal nach bhfuil sa Téaváin ach cúige de chuid na Síne a bhfuil lucht ceannairce ina sheilbh.
 
Ní hionann, go beacht, an Téaváin agus Poblacht na Síne, nó tá an Phoblacht sin i seilbh roinnt oileán beag timpeall na Téaváine, go háirithe Oileáin Penghu, nó na ''Pescadores'' ("Oileáin na nIascairí"), mar a thug na Portaingéalaigh orthu. Thairis sin, baineann an tOileán Glas nó ''Lü Dao'' agus Oileán na Magairlíní nó ''Lan Yu'' leis an Téaváin.
Líne 14:
== Na Teangacha ==
 
Is í an t[[An tSínis|Sínis]] an [[teanga (cumarsáid)|teanga]] is mó a labhraítear sa Téaváin inniu, ach ar ndóigh, ní aon teanga amháin í. Úsáideann na Téavánaigh leagan den [[MandairínisAn Mhandairínis|Mhandairínis]] mar theanga chaighdeánach, cosúil le muintir na mórthíre, ach ní bhíonn an Mhandairínis ó dhúchas acu. An chuid is mó acu, labhraíonn siad an teanga ar a dtugtar "Téaváinis" go minic. Leagan den chanúint ''Min Nan'' atá ann go bunúsach - canúint a labhraítear i ndeisceart Chúige Fujian sa mhórthír freisin. Is minic a dhearctar ar chainteoirí na canúna seo mar ghrúpa eitneach ar leith, dream ar a dtugtar ''Hoklo''. Thairis sin, tá an chanúint ''Hakka'' ag mionlach mór de na Téavánaigh, canúint a bhíonn á labhairt i bpobail bheaga scartha ar fud dheisceart na Síne.
 
Labhraítear teangacha Formósacha sa Téaváin chomh maith - teangacha beaga a bhfuil gaol acu leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha, cosúil leis [[an Tagálaigis]], [[an Indinéisis]], [[an Mhalaeis]] agus [[an Mhaorais]], mar shampla. Tá na teangacha Formósacha ag géilleadh don tSínis go géar gasta, áfach, agus cé go bhfuil rialtas na Téaváine ag iarraidh iad a athbheochan sna scoileanna inniu, ní féidir mórán athrú a aithint ar an gcuma atá ar an scéal.
Líne 45:
San am chéanna bhí na Seapánaigh ag cogaíocht go brúidiúil le frithbheartaíocht mhuintir an oileáin a chloí. Ar dtús ba iad na treallchogaithe Síneacha a bhí á dtroid acu, agus ina dhiaidh sin, chrom siad ar na bundúchasaigh sna sléibhte a thabhairt chun síochána. Ba é ceannairc na treibhe úd ''Seediq'' i Wushe an teagmháil ab fhuiltí idir na Seapánaigh agus na Téavánaigh dhúchasacha. Mharaigh na ''Seediq'' 130 Seapánach i sráidbhaile Wushe ar an 27 Deireadh Fómhair 1930, agus maraíodh breis is míle ''Seediq'' nuair a tháinig na saighdiúirí Seapánacha ag imirt díoltais ar an treibh.
 
Timpeall na bliana 1935 thosaigh na Seapánaigh ag tabhairt mhuintir na háite chun Seapánachais: chaithfidís cuma na Seapáinise a chur ar a gcuid ainmneacha agus Seapáinis a fhoghlaim is a labhairt le chéile, oiread agus ab fhéidir. Nuair a thosaigh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], chuaigh fiche míle Téavánach sna saighdiúirí i bhfórsaí armtha na Seapáine. Mar shampla, bhí deartháir le Lee Teng-hui (polaiteoir Téavánach arbh é Uachtarán na Téaváine é sna blianta 1988-2000) ina shaighdiúir Seapánach le linn an chogaidh, agus fuair sé bás i bpáirc an áir sna hOileáin Fhilipíneacha. Bhaineadh Cabhlach Impiriúil na Seapáine an-leas as cuanta na Téaváine, agus bhí meitheal smaointe impiriúlachais an Chabhlaigh, "Grúpa an Bhuille Theas", lonnaithe in Ollscoil Impiriúil Taihoku in Taipei. I Mí Dheireadh Fómhair na bliana 1944 cuireadh mór-aerchath ar fud chóstaí thoir na Téaváine, Oileáin Ryukyu, agus Okinawa, idir na Meiriceánaigh agus na Seapánaigh, agus na haerdhíormaí Seapánacha a throid sa chath seo bhí siad lonnaithe sa Téaváin, an chuid is mó acu. Bhíodh na Meiriceánaigh ag buamáil na Téaváine freisin, ó bhí bunáiteanna míleata agus gléasraí tionsclaíochta de chuid na Seapánach san oileán.
 
Ar an 25 Deireadh Fómhair 1945 thug Cabhlach na Stát Aontaithe isteach trúpaí míleata Síneacha - is é sin, trúpaí de chuid Phoblacht na Síne - go Taipei (nó Taihoku, mar a thugadh na Seapánaigh ar an áit) le go bhféadfaidís glacadh le géilleadh na Seapáine go hoifigiúil ansin. Shínigh an Ginearál Rikichi Ando, a bhí i gceannas ar na fórsaí armtha Seapánacha san oileán agus a raibh freagracht air as riarachán uile an oileáin mar Ghobharnóir Ginearáil, shínigh sé an conradh ar a dtugtar an Ionstraim um Ghéilleadh na Seapáine. Ansin, chuaigh an t-údarás ab airde sa Téaváin ó lámh Ando go lámh an Ghinearáil Chen Yi. D'fhógair Chen Yi gurbh é sin Lá Athbhronnta na Téaváine, ach ba é an tátal na gComhghuaillithe go raibh an Téaváin agus Oileáin Penghu faoi fhorlámhas na Seapáine i gcónaí, cé go raibh na hoileáin forghafa go míleata ag na Sínigh. Níor athraigh an dearcadh ach sa bhliain 1953.