An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"

Content deleted Content added
m Robot: no:Den europeiske union is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 15:
Is [[eagraíocht idirnáisiúnta]], pholaitiúil agus eacnamaíochta í '''an tAontas Eorpach''' ('''AE'''). Tá ocht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na [[an Eoraip|hEorpa]]. Tá daonra de thuairim is 500 milliún aige. Is é ''Aontaithe san éagsúlacht'' a mhana. Is é an [[euro]] (€) [[Airgead (eacnamaíocht)|an t-airgeadra]] i bhformhór na dtíortha san Aontas Eorpach. Déantar 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar lá na hEorpa.
 
Bunaíodh an tAontas Eorpach sa bhliain 1993 nuair a síníodh [[Conradh Maastricht]]. Is minic go n-úsáidtear an frása "an tAontas Eorpach" agus tagairt á dhéanamh don Aontas Eorpach agus don Chomhphobal Eorpach in éineacht. Is le Conradh Maastricht a athraíodh ainm an Chomhphobail ó [[Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa|Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa]] go dtí an Comhphobal Eorpach. Tiocfaidh deireadh leis an idirdhealú seo má thagann Conradh Liospóin i bhfeidhm. Tá [[margadh aonair]] ag an AE agus forbraíodh é sin trí chóras caighdeánaithe dlíthe atá i bhfeidhm i ngach Ballstát. Ráthaíonn na dlíthe sin saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil. Tá comhbheartas trádála, comhbheartas talmhaíochta, comhbheartas iascaigh chomh maith le beartas forbartha réigiúnaí i bhfeidhm san Aontas. Tá ról ag an AE i mbeartas eachtrach agus mar sin seasann sé dá Bhallstáit san [[Eagraíocht Dhomhanda Trádála]], ag chomhdhálacha [[G8]] agus sna [[Náisiúin Aontaithe]]. Tá 22 thír den AE ina mbaill d’[[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|ECAT]]. Tá ról aige, chomh maith, sa réimse ceartais agus gnóthaí baile ina n-áirítear díothú rialaithe pas idir roinnt Ballstát faoi [[Chomhaontú Schengen]].
 
Oibríonn an AE trí chóras croschineáil – sin meascán idir-rialtais agus fornáisiúnachais. I roinnt réimsí, braitheann an tAontas ar chomhaontú idir na Ballstáit. Ach tá eagrais fornáisiúnacha ann chomh maith agus is féidir leo cinntí a dhéanamh gan aontoilíocht idir gach rialtas náisiúnta. Tá [[Coimisiúin na hEorpa]], [[Parlaimint na hEorpa]], [[Comhairle an Aontais Eorpaigh]], [[An Chomhairle Eorpach]], [[Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach]] agus [[an Banc Ceannais Eorpach]] ar na hinstitiúidí is tábhachtaí san AE. Toghtar an Parlaimint gach cúig bliana agus is iad saoránaigh an AE a vótálann.
 
D'eascair an tAE as an [[an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach|gComhphobail Eorpach do Ghual agus do Chruach]] agus as [[Conarthaí na Róimhe]]. Bunaíodh an CEGC sa bhliain 1951 le sé thír agus síníodh Conarthaí na Róimhe sa bhliain 1957. Síníodh dhá Chonradh sa Róimh, an Conradh CEE agus Conradh Euratom. Ó shin i leith tá méadú ag teacht ar an AE agus ar an gcumhacht atá aige maidir le beartais nua.
 
== Stair ==
Líne 36:
Bunaíodh an tAontas Eorpach go foirmiúil nuair a tháinig [[Conradh Maastricht]] i bhfeidhm an [[1 Samhain]] [[1993]]. I [[1995]] chuaigh [[an Ostair]], [[an tSualainn]] agus [[an Fhionlainn]] isteach san AE. I [[2002]] ghabh nótaí agus boinn euro ionad airgeadraí náisiúnta i 12 de na Ballstáit. Tá méadú tagtha ó shin ar an limistéar euro agus anois tá 17 thír ann. I 2004, tharla an méadú ba mhó go dtí seo nuair a chuaigh [[Málta]], [[an Chipir]], [[an tSlóivéin]], [[an Eastóin]], [[an Laitvia]], [[an Liotuáin]], [[an Pholainn]], [[Poblacht na Seice]], [[an tSlóvaic]] agus [[an Ungáir]] isteach san Aontas.
 
An [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] [[2007]], chuaigh [[an Rómáin]] agus [[an Bhulgáir]] san Aontas agus ghlac an tSlóivéin leis an euro. Shín ceannairí Bhallstáit na hEorpa [[Conradh Liospóin]] i mí na Nollag sa bhliain céanna chun ionad [[Bhunreacht na hEorpa]] a ghabháil. Ar an [[1 Iúil]] [[2013]], chuaigh [[an Chróit]] leis an Aontas, agus anois tá 28 dtír ann.
 
Seo achoimre ar na tíortha a tháinig isteach san Aontas:
* 1973: [[Éire]], [[An Ríocht Aontaithe]] agus [[An Danmhairg]] (dhiúltaigh muintir na h[[An Iorua|Iorua]] i reifreann)
* 1981: [[An Ghréig]]
* 1986: [[An Spáinn]] agus [[An Phortaingéil]]
* 1995: [[An Ostair]], [[An Fhionlainn]] agus [[An tSualainn]] (dhiúltaigh muintir na h[[An Iorua|Iorua]] i reifreann arís)
* 2004: [[An Laitvia]], [[An Liotuáin]], [[Málta]], [[Poblacht na Seice]], [[An Pholainn]], [[An Rómáin]], [[An tSlóivéin]], [[An tSlóvaic]], [[An Chipir]], [[An Ungáir]] agus [[An Eastóin]]
* 2007: [[An Bhulgáir]] agus [[An Rómáin]]
Líne 56:
Tá 28 dtír neamhspleácha ceannasacha san Aontas Eorpach agus tugtar “Ballstáit” orthu. Is iad na tíortha seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: [[an Bheilg]], [[an Bhulgáir]], [[an Chipir]], [[an Chróit]], [[an Danmhairg]], [[an Eastóin]], [[Éire]], [[an Fhionlainn]], [[an Fhrainc]], [[an Ghearmáin]], [[an Ghréig]], [[an Iodáil]], [[an Ísiltír]], [[an Laitvia]], [[an Liotuáin]], [[Lucsamburg]], [[Málta]], [[an Pholainn]], [[an Phortaingéil]], [[an Ostair]], [[an Ríocht Aontaithe]], [[an Rómáin]], [[Poblacht na Seice]], [[an tSlóvaic]], [[an tSlóivéin]], [[an tSualainn]] agus [[an Ungáir]].
 
Tá cúig thír ann atá ina n-iarrthóirí oifigiúla – sin iad [[an Íoslainn]], [[Poblacht na Macadóine|Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine]], [[Montainéagró]], [[an tSeirbia]] agus [[an Tuirc]]. Thug [[an Albáin]] a iarrtas don AE i Mí Aibreáin 2009, agus glactar leis [[an Bhoisnia-Heirseagaivéin]] go hoifigiúil mar iarrthóirí ionchasacha. Tá [[an Chosaiv]] luaite ag an [[gCoimisiún Eorpach]] mar iarrthóir ionchasach ach ní luann sé mar thír neamhspleách í mar ní thugann gach Ballstát aitheantas di mar thír neamhspleách atá scartha ón tSeirbia.
 
Caithfear coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sula bhféadfaidh tír nua dul isteach san AE. Shocraigh an Chomhairle Eorpach na coinníollacha seo i 1993 agus tugtar "[[Critéir Chóbanhávan]]" orthu. Is iad na coinníollacha ná:
Líne 71:
=== Tíreolaíocht ===
 
Ní hionann críoch an AE agus críoch na hEorpa, mar tá cuid den mhór-roinn nach bhfuil san AE, mar shampla an Íoslainn, an Eilvéis, an Iorua agus an [[An Rúis|Rúis]] Eorpach. Níl gach páirt de na Ballstáit san AE cé gur cuid de mhór-roinn na hEorpa iad (mar shampla [[Oileáin Mhuir nIocht]] agus [[Oileáin Fharó]]). Cé go bhfuil roinnt críoch ann nach bhfuil i limistéar geografach na hEorpa ach a bhfuil socruithe comhlachais eatarthu agus na Ballstáit, níl siad san AE féin (mar shampla [[an Ghraonlainn]], [[Aruba]], [[Aintillí na hÍsiltíre]], agus tíortha Chomhlathas Briotanach na Náisiún). Tá roinnt críoch thar lear ar cuid den AE iad cé nach bhfuil siad i limistéar geografach na hEorpa – mar atá [[na hAsóir]], [[na hOileáin Chanáracha]], [[Ceuta]], [[Guáin na Fraince]], [[Guadeloupe]], [[Maidéara]], [[Martinique]], [[Melilla]] agus [[La Réunion]].
 
Is 4,422,773 ciliméadar cearnach achar an Aontais Eorpaigh. Níl ach sé tír ar domhan níos mó ná críoch iomlán an AE. Is é [[Mount Blanc]] sna [[na hAlpa|hAlpa]] an bhinn is airde san Aontas agus tá sé 4,807 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá 69,342 ciliméadar de chósta ag an AE. Is ag an Aontas atá an dara cósta is faide ar domhan (is é cósta Cheanada an ceann is faide). Roinntear teorainn an Aontais le 20 thír eile nach Ballstáit den Aontais iad. Tá 13,454 ciliméadar de theorainn ann – an cúigiú teorainn is faide ar domhan.
Líne 143:
Tá 7.3% de dhaonra an domhain ina gcónaí san AE ach ní chlúdaíonn an AE ach 3% de thalamh an domhain. Tá dlús daonra de 113km² (44 míle cearnach) ag an AE. Tá an trian de shaoránaigh an AE ina gcónaí i gcathracha a bhfuil thart ar milliún duine iontu agus cónaíonn 80% i limistéir uirbeacha go ginearálta. Tá níos mó cathracha domhanda san AE ná mar atá in aon réigiún eile ar domhan. Tá 16 chathair san AE a bhfuil daonra os cionn milliún duine iontu.
 
Chomh maith le cathracha móra, tá roinnt réigiún san AE a bhfuil dlús ard daonra iontu, áiteanna a bhfuil roinnt cathracha gar dá chéile agus a bhfuil limistéir mhóra ina gceart féin cruthaithe acu: Na réigiúin is mó ná [[Rhine-Ruhr]] ([[Köln]], [[Dortmund]], [[Düsseldorf]] srl.) ina bhfuil timpeall agus 10.5 milliún duine, [[Randstad]] ([[Amstardam]], [[Rottardam]], [[An Háig]], [[Utrecht]] srl.) ina bhfuil timpeall agus 7 milliún duine, an [[Réigiún Frankfurt Rhein-Main]] ([[Frankfurt]], [[Wiesbaden]] srl.) ina bhfuil timpeall agus 5.8 milliún duine, an [[muileata Pléimeannach]] (limistéar uirbeach idir [[Antuairp|Antwerpen]], [[an Bhruiséil]], [[Leuven]] agus [[Gent]]) ina bhfuil timpeall agus 5.5 milliún duine, [[Réigiún Tionsclaíoch na Siléisea Uachtair]] ([[Katowice]], [[Sosnowiec]] srl.) ina bhfuil timpeall agus 3.5 milliún duine agus an [[Réigiún Oresund]] ([[Cóbanhávan]], [[An Danmhairg]] agus [[Malmö]], [[An tSualainn]]) ina bhufuil timpeall agus 2.5 milliún duine.
 
=== Teangacha ===
 
Tá 24 teanga oifigiúil agus oibre ag an AE: [[An Béarla|Béarla]], [[An Bhulgáiris|Bulgáiris]], [[An Chróitis|Cróitis]], [[An Danmhairgis|Danmhairgis]], [[An Eastóinis|Eastóinis]], [[An Fhionlainnis|Fionlainnis]], [[An Fhraincis|Fraincis]], [[An Ghaeilge|Gaeilge]], [[An Ghearmáinis|Gearmáinis]], [[An Ghréigis|Gréigis]], [[An Iodáilis|Iodáilis]], [[An Laitvis|Laitvis]], [[An Liotuáinis|Liotuáinis]], [[An Mháltais|Máltais]], [[An Ollainnis|Ollainnis]], [[An Pholainnis|Polainnis]], [[An Phortaingéilis|Portaingéilis]], [[An Rómáinis|Rómáinis]], [[An tSeicis|Seicis]], [[An tSlóivéinis|Slóivéinis]], [[An tSlóvaicis|Slóvaicis]], [[An Spáinnis|Spáinnis]], [[An tSualainnis|Sualainnis]], agus [[An Ungáiris|Ungáiris]]. Aistrítear doiciméid thábhachtacha, mar shampla reachtaíocht, go gach teanga oifigiúil. Déanann [[Parlaimint na hEorpa]] aistriúchán i ngach teanga ar dhoiciméid agus ar a seisiúin iomlánacha. Ní úsáideann roinnt institiúidí eile ach cúpla teanga mar theangacha inmheánacha oibre. Is iad na Ballstáit atá freagrach as an bpolasaí teanga, ach cuireann institiúidí an AE béim ar theangacha eile a fhoghlaim.
 
Is í an Ghearmáinis an teanga is mó a labhraítear mar theanga dhúchais (timpeall agus 88.7 milliún duine ó 2006), agus ansin leanann Béarla, Iodáilis agus Fraincis. Labhraíonn níos mó ná leath de dhaonra an AE (51%) Béarla agus mar sin is é an teanga iasachta is labhartha san Aontas é. Leanann Gearmáinis agus Fraincis. Is féidir le 56% saoránach Eorpach comhrá a choinneáil i dteanga eile seachas a dteanga dhúchais. [[Na teangacha Ind-Eorpacha|Teangacha Ind-Eorpacha]] is ea formhór theangacha oifigiúla an AE, seachas an Eastóinis, an Fhionlainnis agus an Ungáiris den fhine [[Úralach]] agus Máltais ar [[teanga Seimíteach]] í. Scríobhtar an chuid is mó de theangacha oifigiúla an AE san [[aibítir Laidineach]], seachas Bulgáiris a scríobhtar san [[aibítir Choireallach|aibítir Chirileach]] agus an Ghréigis a scríobhtar san [[aibítir Gréagach]].
 
Chomh maith leis na 24 teanga oifigiúil, tá timpeall 150 teanga réigiúnacha agus neamhfhorleathana san Aontas á labhairt ag timpeall 50 milliún duine. As na teangacha sin, is féidir le saoránaigh comhfhreagras a dhéanamh le príomhinstitiúidí an AE i dteangacha réigiúnacha na Spáinne ([[An Chatalóinis|Catalóinis]], [[An Bhascais|Bascais]] agus [[An Ghailísis|Gailísis]]), i [[nGaeilge na hAlban]] agus sa [[Bhreatnais]]. Cé go dtugann cláir an AE tacaíocht do theangacha réigiúnacha agus neamhfhorleathana, is ceist do na Ballstáit féin é cosaint na dteangacha.
 
Seachas na teangacha réigiúnacha, labhraíonn pobail imirceacha sna Ballstáit a lán teangacha ó chodanna eile den domhan: [[An Tuircis|Tuircis]], [[An Araibis|Araibis]], [[An Rúisis|Rúisis]], [[An Urdais|Urdais]], [[Beangáilis]], [[An Hiondúis|Hiondúis]], [[An Tamailis|Tamailis]], [[An Úcráinis|Úcráinis]], [[An Phuinseáibis|Puinseáibis]] agus [[teangacha Balcánacha]]. Tá a lán seanphobal imirceach dátheangach. Níl aon aitheantas nó stádas foirmiúil ag teangacha imirceacha san AE nó i dtíortha an AE, ach ó 2007 tá na teangacha sin i dteideal tacaíocht a fháil ó rannóg teagaisc teangacha an AE, Clár Foghlama Saoil 2007-2013.
 
=== Creideamh ===
Líne 159:
Is comhlacht tuata é an AE agus mar sin níl aon nasc foirmiúil aige le haon chreideamh agus ní luaitear aon chreideamh in aon chonradh atá faoi láthair ann nó atá beartaithe. I rith pléití faoi dhréacht-téacsanna an [[Bhunreachta don Eoraip]] agus níos déanaí [[Conradh Liospóin|Chonraidh Liospóin]], bhí tograí ann chun [[An Chríostaíocht]] agus/nó [[Dia]] a lua i mbrollach an téacs, ach sa deireadh diúltaíodh do na tograí sin.
 
Is é an fáth go bhfuil béim mar sin ar Chríostaíocht ná gurb í an Chríostaíocht an creideamh is fairsinge san Eoraip, agus mar sin san AE. Cuimsítear na reiligiúin seo a leanas leis an gCríostaíocht: an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach]], iomad [[an Protastúnachas|eaglaisí Protastúnacha]] (go háirithe i dtuaisceart na hEorpa) agus an [[Eaglais Cheartchreidmheach]] (in oirdheisceart na hEorpa). Tá creidimh eile san AE mar [[An tIoslam|Ioslam]] agus [[An Giúdachas|Giúdachas]]. Measadh go raibh daonra Moslamach de 16 mhilliún duine san Eoraip i 2006 agus daonra Giúdach de níos mó ná milliún duine.
 
De réir pobalbhreitheanna [[Eurobarometer]] ó [[Eurostat]], tá claonadh éigin i dtreo an chreidimh ag formhór shaoránaigh an AE, ach ní mheasann ach 21% díobh gur rud tábhachtach é. Tá an méid [[Aindiachasan tAindiachas|aindiachaithe]] i measc an phobail i gcoitinne san Eoraip ag méadú agus tá laghdú ag teacht ar an mballraíocht in eaglaisí agus freastal ar sheirbhísí diaga. Dar le Eurobarometer i 2005, as na 25 Ballstát ag an am sin, chreid 52% de na daoine i nDia, chreid 27% i spioradáltacht éigin agus ní raibh aon chineál chreidimh ag 18% de na daoine. Ba iad Poblacht na Seice agus An Eastóin na tíortha ina raibh an líon daoine ba lú creidimh (19% i bPoblacht na Seice agus 16% san Eastóin). Ba iad Málta, An Chipir agus An Rómáin na tíortha ba reiligiúnda (95% Caitliceach i Málta agus 90% de shaoránaigh na Cipire agus na Rómáine ag creideamh i nDia). Ar fud an AE, ba i measc na mban ba mhí a bhí creideamh le sonrú, agus is airde a céatadán de dhaoine a chreid sna catagóirí seo a leanas: daoine aosta, daoine a fuair oiliúint reiligiúnda, daoine a d'fhág an scoil ag 15 bliana d'aois le hoideachas bunúsach agus na daoine den [[eite dheas]].
 
Creidimh tábhachtacha eile san AE is ea an Búdachas, an Hiondúchas agus an Saíceachas. Tá an Hiondúchas agus an Saíceachas an-láidir sa Ríocht Aontaithe.