An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

m
Bot: Fixing redirects
m (Bot: Migrating 12 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q129968 (translate me))
m (Bot: Fixing redirects)
Chuir rialtas na Breataine an t'''Acht um Rialtas na hÉireann''' i bhfeidhm sa bhliain [[1920]]. Bhí an tAcht seo bunaithe ar an gCeathrú Bille um [[Rialtas Dúchais]] na [[Éire|hÉireann]]. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar [[Éire|Éirinn]] tar éis [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag [[David Lloyd George]] agus [[Walter Long]] (ceannaire na n[[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]] i g[[Cúige Uladh]]) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh, ach idir an dá linn, d'athraigh an suíomh in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh. Bhí na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe Éireannacha]] ag éileamh neamhspleáchais agus Poblachta faoin am seo. B'iad Sinn Féin an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, ar an 23 Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille, bhí sé glan as dáta cheana féin.
 
Ba é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd [[Béal Feirste]] agus [[Doire]]. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn. De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag [[Tuaisceart Éireann]], nó an sé chontae seo.
Bhí sé ceaptha go mbeadh [[Fear Ionaid an Rí (Éire)|Fear Ionad an Rí]] - nó an tArd-Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmitheach dílsithe don Choróin, agus ní bheadh [[parlaiminteachas]] ar bith ann. Mar sin, bheadh Fear Ionaid an Rí ag ainmniú na nAirí Rialtais thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordú.
 
Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na Feisirí isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt [[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]] ó [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Choláiste na Tríonóide]] i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan Dáil Éireann, nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.
 
Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an [[Conradh Angla-Éireannach]] sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú [[Dáil Éireann|Dáil]] teacht ina áit.
 
== Cúlra ==
== Coiste Long ==
 
Le linn an chogaidh féin, rinne an Príomh-Aire [[Herbert Henry Asquith]] dhá iarracht leis an Acht a chur i ngníomh. Ar dtús, i mBealtaine 1916, theip air aontú a bhaint as na h[[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]]. Ansin, sa bhliain 1917, chuir sé gairm chruinnithe ar [[Comhdháil na hÉireann|Chomhdháil na hÉireann]], comhthionól a raibh idir Aontachtóirí agus Náisiúnaithe air, agus [[Seán Mac Réamainn|John Redmond]] ina Chathaoirleach air. Ní raibh an Chomhdháil seo féin in ann ach tuairisc a eisiúint le moltaí faoin "tuiscint" cheart ar na cúrsaí conspóideacha. Bhí an Rialtas, a raibh [[David Lloyd George]] i gceannas air anois, dírithe ar an Rialtas Dúchais a chur i ngníomh pé scéal é, le taobhshúil ar thuairisc na Comhdhála. Cheap comh-aireacht na Ríochta Aontaithe coiste ar leith, Coiste na hÉireann, le marana a dhéanamh ar na ceisteanna seo, agus ba é [[Walter Long]], polaiteoir Aontachtach, a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste. Mhol Coiste na hÉireann go mbunófaí ''dhá'' shlánaonad féinrialaitheacha in Oileán na hÉireann, mar atá, Deisceart Éireann agus [[Tuaisceart Éireann]].
 
Chuir Teach na dTiarnaí an leasú seo leis an mBille, ach nuair a chuaigh an Bille faoi bhráid na Parlaiminte le haghaidh an Dara Léamh i Márta 1920, bhí cuid mhór de na Feisirí Éireannacha barúlach nach bhféadfaí comhréiteach ceart a bhunú ar mholtaí Choiste Long. Chaith an Pharlaimint tréimhse fhada ag díospóireacht faoi impleachtaí airgeadais an Bhille, ach ansin, thug formhór mór na bhFeisirí a bhfaomhadh don Bhille sa Tríú Léamh ar an 11 Mí na Samhna 1920. Dhiúltaigh a lán Feisirí Éireannacha don Bhille, ina measc an tAontachtóir Maurice Dockrell agus an Náisiúnaí Seosamh Ó Doibhlin.
20,103

edits