An difríocht idir athruithe ar: "An tAerchaidéal"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q10481 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 23:
mí = Aibreán |
nótaí =}}
Is [[réaltbhuíon]] réasúnta nua í '''an tAerchaidéal''' óir ní ceapadh go dtí an [[18ú haois|18ú aois]] í, ós rud é go raibh sí ródhoiléir lena admháil ag na seanghréagaigh. Ghlac an [[IAU]] léi mar cheann den 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Ag tosú i dtuaisceart na réaltbhuíne, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá timpeall an Aerchaidéil: [[an Phéist Uisce]], [[Compás an Mhairnéalaigh]], [[na Seolta]], agus faoi dheireadh [[an Ceinteár]].
 
Tugtar '''Antlia''' mar ainm [[An Laidin|Laidine]]e ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "[[aerchaidéal]]".
 
 
Líne 43:
 
== Stair ==
Ba é an réalteolaí Francach an tAb [[Nicolas Louis de Lacaille]] a chruthaigh réaltbhuíon an Aerchaidéil. Chaith Lacaille na blianta [[1751]] agus [[1752]] san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] agus é ag clárú réaltaí [[Sféar neamhaí|an leathsféir theas]]. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain [[1756]] ach ní raibh ann ach [[plánaisféar]] agus é sa teanga [[FraincisAn Fhraincis|Fraincise]]e. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain [[1763]], bliain amháin tar éis bhás Lacaille. '''Coelum Australe Stelliferum''' an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an [[An Laidin|Laidin]], agus chuir sé trí réaltbhuíon [[An Chíle|na Cíle]], [[na Seolta]] agus [[Deireadh na Loinge|Dheireadh na Loinge]] in áit [[An Long|Argo Navis]] (nó '''Le Navire''', mar a thug sé air sa chéad eagrán).
 
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an tAerchaidéal ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an [[an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
 
'''La Machine Pneumatique''' agus '''Antlia pneumatica''' (.i. an t-ainm Fraincise agus an t-ainm Laidine ar an [[aerchaidéal]] a chum an t-eolaí [[Éire]]annach [[Robert Boyle]]) na h-ainmneacha a thug Lacaille uirthi ar dtús, ach giorraíodh idir sin is tráthas an ceann Laidine; dá bhrí sin tugtar '''an tAerchaidéal''' ar an réaltbhuíon seo as [[An Ghaeilge|Gaeilge]].
 
Is suimiúil a thabhairt faoi deara nach ndearna Lacaille aon iarracht de réir cosúlachta na [[téarmaíocht réaltach|litreacha Bayer]] a dháileadh ar na réaltaí de réir a ngile dealraithí.
 
== Miotaseolaíocht ==
Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Aerchaidéil go dtí an [[18ú haois|18ú aois]], níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an Aerchaidéal ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.