An difríocht idir athruithe ar: "An tIolar"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q10586 (translate me)
m Bot: Fixing redirects
Líne 30:
mí = Iúil |
nótaí=}}
Tá '''an tIolar''' (nó '''Aquila''', an focal [[An Laidin|Laidine]]e ar ''[[Iolar]]'') ar cheann de na 48 [[réaltbhuíon]] a liostaigh [[Tolamaes]] agus atá páirteach chomh maith anois sa liosta oifigiúil de na 88 réaltbhuíon a nglacann an [[ARI|tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] leo. Tá sé suite ar an [[meánchiorcal neamhaí]], nó mar sin. Tá an réalt is gile, [[Altair]], ar cheann de thrí [[rinn]] "[[Triantán an tSamhraidh|Thriantán an tSamhraidh]]" mar a deirtear leis.
 
 
Líne 36:
Tá go leor réaltréimsí saibhre san Iolar, atá suite i [[Bealach na Bó Finne|mBealach na Bó Finne]].
 
* [[Altair|α Aql]]: dá ngairtear freisin [[Altair]] (ó fhocal [[An Araibis|Araibise]]e a chiallaíonn "eitilt"); is [[ilréalta]] í, le 3 chomhbhall; tá sí ar [[méid dhealraitheach|amharcmhéid]] 0.77 agus is é A7 V a [[aicme speictreach|haicme speictreach]].
 
* [[Beta Aquilae|β Aql]]: G8 IV a haicme speictreach agus soilsíonn sí le gile dhealraitheach ar méid 3.71. Cosúil le Altair, is ilréalta í chomh maith le trí chomhbhall.
Líne 70:
 
== Miotaseolaíocht ==
Tá dealramh éin ar an réaltbhuíon seo, éin leathansciathánaigh eadarbhuasaigh ghearrmhuineálaigh, a d'ionannaítí muintir an tseansaoil le hiolar [http://borghetto.astrofili.org/costellazioni/aquila.JPG]. I [[miotaseolaíocht na Gréige]], d'ionannaítí le hiolar é a d'iompraíodh caora tine [[Séas|Shéas]] agus leis an iolar ar chuir an dia sin é leis an aoire óg [[Gainiméide (miotaseolaíocht)|Gainiméide]], ar thit Séas i ngrá leis, a fhuadach; iompraíodh Gainiméide, léirithe ag réaltbhuíon cóngarach [[an tUisceadóir|an Uisceadóra]], go [[Oilimpeas|hOilimpeas]], áit ar rinneadh dáileamh do na déithe go léir de. Sin é an fáth a ngairtear [[Gainiméide (gealach)|Gainiméide]] den [[satailítsaitilít nádúrtha|ghealach]] is mó de chuid [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatair]], ar mbeith ina ainm Rómhánach a thugtar ar Shéas [[Iúpatar (miotaseolaíocht|d'Iúpatar]].
 
Thugtaí ''Vultur volans'' ar an réaltbhuíon seo ag na [[an tSean-Róimh|Sean-Rómhánaigh]], gan é a thógáil in abhraíocht ''Vultur cadens'' a thugaidís ar an réaltbhuíon a dtugtar [[an Lir]] anois uirthi.