An difríocht idir athruithe ar: "An tSaighead"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 23:
mí = Lúnasa |
nótaí=}}
An tríú [[réaltbhuíon]] is lú is ea '''an tSaighead'''; i measc na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an t[[Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta|ARI]] leo ní lú ná í ach [[an Capall Beag]] agus [[an Chros|Cros an Deiscirt]]. Chuir [[Tolamaes]] san áireamh í ar a chatalóg cháiliúil, i dteannta 47 seanréaltbhuíon eile. Sna laethanta úd, áfach, bhí an réaltbhuíon seo nios lú fós, gan ach 4 chéim chearnach á dtomhas ina réisí. '''Sagitta''' an t-ainm [[An Laidin|Laidine]]e a thugtar uirthi, a chiallaíónn ''[[saighead]]''.
<br />
Ós rud é go bhfuil an réaltbhuíon seo suite beagán ó thuaidh den [[meánchiorcal neamhaí|mheánchiorcal neamhaí]], tá sí infheicthe ó gach uile áit den Domhan ach amháin na ceantair is faide ó dheas.
Líne 61:
== Miotaseolaíocht ==
 
Cé nach bhfuil aon réaltaí gile ar an réaltbhuíon seo, aithníodh mar shaighead í ag a lán cultúr [http://borghetto.astrofili.org/costellazioni/sagitta.JPG], ina measc na [[anAn PheirsIaráin|Peirsigh]], [[na hEabhraigh]], [[na Gréagaigh]] agus na [[An Róimh|Rómhánaigh]]. Mar sin de, is iomaí scéal atá ann chun brí na Saighde a léiriú. Tá baint éigin ag an dá scéal is tábhachtaí le dhá réaltbhuíon theorantacha, .i. [[Earcail (réaltbhuíon)|Earcail]], a d'ionannaítí fadó le fia bairr, (ar an taobh thiar di) agus [[an tIolar]] (ar an taobh thoir di).
 
De réir an chéad scéil, ghoid an [[Tíotán]] [[Proiméitéas]] tine ó na déithe agus thug sé don chine daonna í. Chuir an gníomh seo an méid sin fearg ar [[Séas|Shéas]] gur cheangal sé [[Proiméitéas]] de charraig le slabhra, áit ar d'itheadh iolar (.i. réaltbhuíon [[an iolar|an Iolair]]) a ae gach lá. Ó tharla go raibh [[Proiméitéas]] neamhbhásmhar, áfach, d'athfhásadh a ae gach oíche, agus ar ais leis an iolar an lá arna mhárach chun é a ithe arís; mar sin de ní raibh deireadh lena phian riamh. Tharrtháil [[Earcail]] ón bpeannaid shíoraí seo é i rith [[an Dá Shaothar Déag]] trí an t-iolar a mharú le saighead agus an [[Tíotán]] a scaoileadh saor.