Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

m
Bot: Fixing redirects
Stát [[Cumannachas|cumannach]] ab ea é '''Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha''', nó ''An tAontas Sóivéadach'' ([[An Rúisis|Rúisis]]: ''Союз Советских Социалистических Республик/Soyuz Sovetskikh Sotsialisticheskikh Respublik'') agus é suite san [[An Eoráise|Eoráise]], a mhair ón mbliain [[1922]] go dtí an bhliain [[1991]]. Ón mbliain [[1945]] go lá a scoir, bhí an tAontas Sóivéadach ina mhórchumhacht dhomhanda nach raibh ach na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] inchomórtais léi, agus bhí an dá thír seo [[An Cogadhcogadh Fuar|ag déanamh téisclim chogaidh]] in aghaidh a chéile an chuid ba mhó den am i ndiaidh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]].
[[Íomhá:Flag of the Soviet Union.svg|mionsamhail|260px|Bratach an Aontais Shóivéadaigh le corrán agus casúr an Chumannachais]]
 
== Achoimre ==
[[Íomhá:Coat of arms of the Soviet Union.svg|deas|160px]]
Is iomaí duine a shíleann gur tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód a thúisce is a [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair|shealbhaigh]] [[Vlaidímír Leinín|Vlaidímír Léinín]] agus na [[Boilséivigh]] an chumhacht sa [[An Rúis|Rúis]], ach ní mar sin a bhí. Mhair [[Cogadh Cathartha na Rúise]] ar feadh trí bliana, ar a laghad, i ndiaidh na réabhlóide, agus níor gaireadh "Aontas Sóivéadach" den Rúis sula raibh an cogadh thart le tamall maith anuas, ar an tríochaidiú lá de Mhí na Nollag sa bhliain [[1922]]. D'athraigh críocha geografacha na tíre ó am go ham, ach nuair a nascghabhadh Oirthear na Polainne, Oirthear na Rómáine (an Bheasaráib), [[an Eastóin]], [[an Laitvia]] agus [[an Liotuáin]], chomh maith le críocha áirithe eile, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an tAontas Sóivéadach tar éis an chuid ba mhó de na tailte a fhorghabháil a raibh baint acu le h[[Impireacht na Rúise]] go gairid roimh an Réabhlóid. B'iad [[an Fhionlainn]] agus [[an Pholainn]] (a raibh fágtha di) an t-aon dá thír amháin nár nascghabhadh, cé gur cuid den Rúis a bhí iontu roimh an mbliain [[1918]].
 
I mblianta an [[An Cogadh Fuar|Chogaidh Fhuair]], b'é an tAontas Sóivéadach prótaitíopa na stát Cumannach go léir. Ní raibh ach aon pháirtí polaitiúil amháin ceadaithe sa tír, is é sin, [[Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh]].
 
Ní raibh ach ceithre Phoblacht Shóivéadach ann nuair a bunaíodh an tAontas, ach sa bhliain [[1953]], bhí cúig cheann déag acu, is é sin, [[An Airméin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAirméine]], [[An Asarbaiseáin (tír)|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine]], [[An Bhealarúis|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise]], [[An Eastóin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hEastóine]], [[An tSeoirsia|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Seoirsia]], [[An Chasacstáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Casacstáine]], [[An Chirgeastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Cirgeastáine]], [[An Laitvia|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Laitvia]], [[An Liotuáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Liotuáine]], [[An Mholdóiv|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive]], [[An Rúis|Poblacht Shóivéadach Fheidearálach Shóisialach na Rúise]], [[An Táidsíceastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Táidsíceastáine]], [[An Tuircméanastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Tuircméanastáine]], [[An Úcráin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine]], agus [[An Úisbéiceastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚisbéiceastáine]]. Cé go raibh rialtas dúchais ag na poblachtaí éagsúla go hoifigiúil, bhí an chumhacht go léir i [[Moscó]], agus na poblachtaí ag comhlíonadh gach ordú ó Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh, arbh é fíor-rialtas an stáit Shóivéadaigh ar fad é, go humhal is go hurramach. Mar shampla, cé go raibh stádas oifigiúil ag an teanga réigiúnda i ngach poblacht, is é an chuma a tháinig ar na cúrsaí i rith na mblianta ná go bhfuair an Rúisis an lámh in uachtar ar an gcuid ba mhó de theangacha na bpoblachtaí. Sa Bhealarúis, mar shampla, níor tháinig mórán bisigh ar an teanga náisiúnta i ndiaidh na mblianta Sóivéadacha féin.
== Stair ==
[[Íomhá:Soviet Union, Lenin (55).jpg|mionsamhail|Léinín ag gríosú na sluaite]]
Is gnách a cheapadh gurbh é an tAontas Sóivéadach a tháinig i gcomharbas ar Impireacht na Rúise, mar stát. Mhair an Sár deireanach, [[Nioclás II na Rúise|Nioclás a Dó]], ag rialú na tíre sin go dtí Márta 1917, agus sa chéad bhliain eile, dhúnmharaigh na Boilséivigh é agus a theaghlach. I Mí na Nollag 1922, fógraíodh an tAontas Sóivéadach, mar aontas a raibh an Rúis, an Úcráin, an Bhealarúis agus an [[Poblacht Shóivéadach Fheidearálach Shóisialach na Tras-Chugaise|Phoblacht Thras-Chugasach]] ina mbaill de. Bhí na poblachtaí seo ar fad á rialú ag páirtithe Boilséiveacha.
 
=== An Réabhlóideachas Rúiseach ===
=== Réabhlóid Dheireadh Fómhair ===
 
Tháinig [[Rialtas Sealadach na Rúise (1917)|Rialtas Sealadach]] i gceannas ar an Rúis, ach níor mhair sé i bhfad. Ní raibh lucht an Rialtais Shealadaigh sásta scor den chogadh - an Chéad Chogadh Domhanda - ina raibh an tír sáite, nó bhí siad meáite ar an gcogadh a thabhairt chun críche agus an phoblacht liobrálach a chur ar bun ina dhiaidh sin. Níor shásaigh an dearcadh seo an chosmhuintir, áfach, nó bhí na Rúisigh dubh dóite den chogadh cheana. Thosaigh na saighdiúirí, na scológa agus an lucht oibre ag bunú comhthionóil iomaíochta dá gcuid féin - sóivéidí (is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd ''Совет/Sovet'' ná "comhairle"). Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". I Réabhlóid Dheireadh Fómhair, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht agus chaith siad an Rialtas Sealadach i dtóin phríosúin. San am sin, bhí eite chlé an [[Páirtí Sóisialachna Réabhlóideach naSóisialaithe RúiseRéabhlóideacha|Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh]] ag tacú leo go fóill, ach sa deireadh thiar thall, bhí siad sin féin lena stádas a chailleadh mar pháirtí dlíthiúil.
 
=== An Cogadh Cathartha ===
[[Íomhá:Lenin portrait.jpg|mionsamhail|[[Vlaidímír LéinínLeinín|Vlaidimír Ilits Léinín]], a chuir bun leis an stát Sóivéadach]]
Ní raibh gach duine sa Rúis sásta an chumhacht a fhágáil ag lucht leanúna Léinín, áfach, agus phléasc cogadh fuilteach cathartha amach i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éirigh leis na Boilséivigh an cogadh a bhuachan le lámh láidir, agus iad go mór i dtuilleamaí cineál colúin reatha - an ''Cheka'' (giorrúchán is ea é an t-ainm seo a sheasann do na focail Rúisise ''чрезвычайная комиссия/Chrezvychaynaya Komissiya'', is é sin, an Coimisiún Neamhghnách - nó "Coimisiún Neamhghnách uile-Rúiseach na Troda in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta", leis an ainm iomlán Rúisise a aistriú go Gaeilge).
 
19,799

edits