An difríocht idir athruithe ar: "An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
Tosaíonn an leabhar le cúirt an draoi Gandalf ar Bhiolbó Baigín, Hobad de chuid an Chnoic, agus tugtar cuireadh do Bhiolbó tabhairt faoi thoraíocht, ach diúltaíonn Biolbó, atá sona agus compordach lena shaol. An lá dar gcionn, tagann Tóirín agus a chompánaigh, dosaen abhac, ar cúirt chuig Biolbó agus iad ag ceapadh go bhféadfadh sé cabhair leo ar a dtóraíocht chuig an Sliabh Uaigneach chun a saibhris dhúchasach a fháil ar ais ó Smóg an dragan. Tuigeann Bhiolbó gurb é Gandalf atá taobh thiar don tóiraíocht seo agus gur tugadh fios chuig na habhaic go ndéanfaidh Biolbó gadaí den scoth. Go drogallach agus mar thoradh comhairle Gandalf, téann Biolbó leo. Teann an grúpa amach sa domhan mór, ag taisteal trasna Críocha na Hobad i dtreo an tSléibhe Uaignigh. Bíonn Biolbó go síoraí ag machnamh ar an gcinneadh a rinne sé faoi dheifir, i ndiaidh léargas a fháil ar fhiántas an domhain. I dtalamh na Críocha Uaigneacha tagann said ar throill, a gabhann na habhaic agus a chuireann i málaí iad, agus é i gceist acu iad a róstáil agus a ithe. Éiríonn le Biolbó agus Gandalf iad a shábháil agus faigheann said claimhte i bpoll na dtroll, i ndiaidh cuardaigh.
 
[[File:Bilbo Bolsón.png|thumb|Biolbó Baigín - ealaíon leantóra]]
 
Taistealaíonn siad ar aghaidh go Gleann na Scoilte, daingean na nEalbh, atá faoi cheannaireacht Elrond. Aistríonn Elrond na rúnscríobhínní atá ar na claímhte; má ghlactar le, is cinn sean-ealbha iad. Aistríonn sé léarscáil Thóirín freisin, ag léiriú tábhacht Lá Dhúirín, an chéad lá den athbhliain Abhaic, don tóraíocht seo. I ndiaidh coicíse, tosaíonn an taisteal arís, ach i gcaitheamh stoirme agus iad ag dul tríd na sléibhte ó thuaidh téann siad ar fhothaínn in uachais na bPúcaí, agus gabhtar iad. Ag úsáid Glamdring (ceann de na claímhte), maraíonn Gandalf rí na bPúcaí agus scaoilean sé saor na habhaic, ach cailleann Biolbó a mhothú. Nuair a dhúisíonn sé, tagann sé ar fháinne agus bualann sé le Golam, créatúr an dorchadais. Bíonn comórtas ceisteanna acu agus tagann tuiscint ar Gholam go bhfuil an fáinne, ‘a sstóirín’, ag Biolbó. Cuireann Biolbó an fáinne air agus feiceann sé go bhfuil cumhacht draíochta aige mar go bhfuil sé dofheicthe. I ndiaidh éalú ó Gholam, tagann sé ar a chompánaigh arís. Ritheann siad ón sliabh chun bheith saor ó na púcaí agus cabhraíonn na hIolair, cairde Ghandalf, leo agus iad ionsaithe ag mic tire na foraoise. Caitheann siad an oíche i dteach Béorn, cabhraíonn seisean leo agus ansin tá orthu dul isteach sa Mhodarchoill, foraois na nEalbh. Fágann Gandalf iad agus i ndiaidh dóibh troid a dhéanamh in aghaidh damháin alla na foraoise cuirtear na habhaic faoi ghlas, gabhlaithe ag an rí Ealbh ina halla. Baineann Biolbó úsáid as cumhacht an fháinne agus éiríonn leis na habhaic a scaoileadh saor tríd iad a chur I mbairillí fíona agus a chur isteach san abhainn.