An difríocht idir athruithe ar: "An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 14:
== Téamaí an leabhair ==
Téamaí lárnacha an leabhair ná fás agus teacht chun cinn Bhiolbó; is charachtar é ag tús an leabhair atá paróisteach agus compordach leis an saol ciúin atá aige sa Chnoc, go duine atá fásta agus taithí ar an domhan. Luaitear téamaí Bildungsroman sa Hobad go rialta, sin le rá scéal fáis agus teacht in aois. Luaitear freisin na cosúlachtaí (agus difríochtaí) idir An Hobad agus saothair miotaseolaíochta clasaiceacha ar nós Beowulf, ceann de na scéalta is sine as Béarla atá ar an bhfód agus ar scéal é a chuaigh go mór i bhfeidhm ar Tolkien, ina bhfuil téama na crógachta mar chuid lárnach de (agus ach go háirithe ról dragan mar chréatúr cliste, agus cruálach, seachas meafarach).

[[File:Beowulf and the dragon.jpg|thumb|'Beowulf and the dragon, cumtha ag J.R Skelton]]

Téama láidir eile ná leithleas agus na foirmeacha éagsúla de: idir sin Tóirín a shaibhris dúchasach a thógáil ar ais, grá d’ór an dragan Smóg agus an dúil don fháinne atá i ndiaidh Golam a scriosadh. Léiríonn gluaiseacht na n-arm ag deireadh an leabhair i ndiaidh báis Smóg an leithleas do ghach ciníocha sa leabhar, an damáiste a dhéantar don chreatlach sóisialta, agus gur gá carachtair a bhfuil croí glan acu chun a leithead a stopadh agus an leithleas a shárú.