An difríocht idir athruithe ar: "An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10:
Taistealaíonn siad ar aghaidh go Gleann na Scoilte, daingean na nEalbh, atá faoi cheannaireacht Elrond. Aistríonn Elrond na rúnscríobhínní atá ar na claímhte; má ghlactar le, is cinn sean-ealbha iad. Aistríonn sé léarscáil Thóirín freisin, ag léiriú tábhacht Lá Dhúirín, an chéad lá den athbhliain Abhaic, don tóraíocht seo. I ndiaidh coicíse, tosaíonn an taisteal arís, ach i gcaitheamh stoirme agus iad ag dul tríd na sléibhte ó thuaidh téann siad ar fhothaínn in uachais na bPúcaí, agus gabhtar iad. Ag úsáid Glamdring (ceann de na claímhte), maraíonn Gandalf rí na bPúcaí agus scaoilean sé saor na habhaic, ach cailleann Biolbó a mhothú. Nuair a dhúisíonn sé, tagann sé ar fháinne agus bualann sé le Golam, créatúr an dorchadais. Bíonn comórtas ceisteanna acu agus tagann tuiscint ar Gholam go bhfuil an fáinne, ‘a sstóirín’, ag Biolbó. Cuireann Biolbó an fáinne air agus feiceann sé go bhfuil cumhacht draíochta aige mar go bhfuil sé dofheicthe. I ndiaidh éalú ó Gholam, tagann sé ar a chompánaigh arís. Ritheann siad ón sliabh chun bheith saor ó na púcaí agus cabhraíonn na hIolair, cairde Ghandalf, leo agus iad ionsaithe ag mic tire na foraoise. Caitheann siad an oíche i dteach Béorn, cabhraíonn seisean leo agus ansin tá orthu dul isteach sa Mhodarchoill, foraois na nEalbh. Fágann Gandalf iad agus i ndiaidh dóibh troid a dhéanamh in aghaidh damháin alla na foraoise cuirtear na habhaic faoi ghlas, gabhlaithe ag an rí Ealbh ina halla. Baineann Biolbó úsáid as cumhacht an fháinne agus éiríonn leis na habhaic a scaoileadh saor tríd iad a chur I mbairillí fíona agus a chur isteach san abhainn.
 
Baineann siad Baile an Locha amach, baile atá plódaithe ag an gcine daoine. Caitheann an grúpa roinnt ama ansin ach bogann siad ar aghaidh chuig an Sliabh Uaigneach, ar an taobh eile den Loch. Agus Lá Dhúirín tagtha, tagann Biolbó ar fhreagra na ceiste ag leac an dorais, castar an eochair agus téann na habhaic isteach sa sliabh. Is anseo a bhuaileann Biolbó le Smóg ina aonar, agus bíonn comhrá acu. Is mór an fhearg a thagann ar Smóg nuair a thógann Biolbó cupán óir, ach tuigeann Biolbó go bhfuil laige éigin i gcraiceann an dragain ón gcomhrá. Tagann Biolbó freisin ar an Lómharchloch, cloch rí na n-Abhac. Spréacha le fearg, fágann Smóg an sliabh agus scriosann sé Baile an Locha. Maraíonn Bard, boghdóir an bhaile, Smóg, trí shaighead a chur ina chraiceann san áit is laige. Anois agus saibhris Smóg anois gan cosaint, tagann airm éagsúla don Sliabh Uaigneach, idir ealbha na Modarchoille, na fír ó Bhaile an Locha, abhaic ó na sléibhte, atá ag tacú le Tóirín, agus púcaí, chomh maith leis na mic tire. Is ansin bíonn cath na gcúig arm, agus bíonn an bua ag na hAbhaic, Ealbha agus fír. Tógtar Biolbó go Tóirín, mar go bhfuil Tóirín ag fáil bháis, agus tar éis a bhás socraítear an Lómharchloch agus claíomh Ealbha a chur in uaimh leis. Roinntear saibhris an tsléibhe agus réitíonn Biolbó é féin lena bhealach a dhéanamh ar ais chuig an gCnoc, agus é ag taistil le Gandalf, Rí na nEalbh agus Béorn. Caitheann siad seal an geimhreadh le Béorn, agus nuair a thagann sé abhaile tá sé níos saibhre ná riamh.
 
== Téamaí an leabhair ==