An difríocht idir athruithe ar: "An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Cover_of_An_Hobad,_Irish_translation_of_The_Hobbit.png|175px|thumb|Clúdach an leabhair ''An Hobad'' (2012)]]
[[Úrscéal]] eipiciúil [[fantaisíocht]]a is ea é '''''An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís''''' ([[An Béarla|Béarla]]: ''The Hobbit, or There and Back Again'') leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna [[J. R. R. Tolkien]]. Foilsíodh an leabhar ar dtús as Béarla sa bhliain 1937, agus is leabhar a bhfuil moladh faighte aige ó léirmheastóirí. Ainmníodh an leabhar don bhonn Carnagie agus bhí bua ag an scéal i ngradam an New York Herald Tribune sa rannóg Ficsean D’Ógánaigh is fearr <ref>http://www.smithsonianmag.com/smart-news/the-hobbit-you-grew-up-with-isnt-quite-the-same-as-the-original-published-75-years-ago-today-45448681/?no-ist</ref>. Is leabhar é a bhfuil éileamh mór air go fóill agus aithnítear mar shaothar clasaiceach de litríocht na bpáistí é, agus tá breis is 50 aistriúchán den scéal ar fáil <ref name="telegraph">http://www.telegraph.co.uk/culture/books/booknews/9555838/The-Hobbit-What-has-made-the-book-such-an-enduring-success.html</ref>. Tá an leabhar suite san aois roimh eachtraí Thiarna na bhFáinní, agus is scéal eachtraíochta bunaithe ar thóraíocht Bhiolbó Baigín é, chun scair de shaibhris an Dragan Smóg a fháil. Cabhraíonn Biolbó le Gandalf Draoi agus Toirín an t-abhac, ceannaire dosaen abhac teifeach le ról mar ghadaí a thógáil sa chomplacht. Is iad téamaí lárnacha an leabhair ná éabhlóid agus fás pearsanta, teacht in aois, chomh maith le téamaí de shaint, laochas agus misneach de shaghsanna éagsúla.
 
== Achoimre an Phlota ==
Líne 20:
== Cumadh agus Tionchar ==
 
Thosaigh Tolkien obair ar an leabhar le linn na 1930s, i ndiaidh breacadh síos an chéad line don leabhar ‘In a hole in the ground there lived a hobbit’, agus scrúdaithe á gceartú aige. Críochnaíodh an scéal agus faoi 1932 roinn sé an lámhscríbhinn le cairde, C.S Lewis san áireamh. D’fhoilsigh George Allen & Unwin an leabhar i ndiaidh deá-léirmheas ó pháiste an foilsitheora {{cite book |last=Carpenter |first=Humphrey |title=Tolkien: A Biography}}
 
 
== Leagain Aistrithe ==
 
Is leabhar sár-léite é an Hobad, le breis is 100 milliúin cóip díolta agus breis is 50 aistriúchán ar fáil <ref name="telegraph" />. [[Nicholas Williams]] a chuir Gaeilge ar an leabhar; [[Alan Titley]] a bhí ina eagarthóir ar an leabhar. Chuir Evertype [http://www.evertype.com/books/hobad.html an chéad eagrán] ar fáil in 2012 (ISBN 978-1-904808-90-9).