An difríocht idir athruithe ar: "An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Cover_of_An_Hobad,_Irish_translation_of_The_Hobbit.png|175px|thumb|Clúdach an leabhair ''An Hobad'' (2012)]]
[[Úrscéal]] eipiciúil [[fantaisíocht]]a is ea é '''''An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís''''' ([[An Béarla|Béarla]]: ''The Hobbit, or There and Back Again'') leis an Ollamh le Léann na Meánaoiseanna [[J. R. R. Tolkien]]. Foilsíodh an leabhar ar dtús as Béarla sa bhliain 1937, agus is leabhar a bhfuil moladh faighte aige ó léirmheastóirí. Ainmníodh an leabhar don bhonn Carnagie agus bhí bua ag an scéal i ngradam an New York Herald Tribune sa rannóg Ficsean D’Ógánaigh is fearr <ref>http://www.smithsonianmag.com/smart-news/the-hobbit-you-grew-up-with-isnt-quite-the-same-as-the-original-published-75-years-ago-today-45448681/?no-ist</ref>. Is leabhar é a bhfuil éileamh mór air go fóill agus aithnítear mar shaothar clasaiceach de litríocht na bpáistí é, agus tá breis is 50 aistriúchán den scéal ar fáil <ref name="telegraph">http://www.telegraph.co.uk/culture/books/booknews/9555838/The-Hobbit-What-has-made-the-book-such-an-enduring-success.html</ref>. Tá an leabhar suite san aois roimh eachtraí [[ Tiarna na bhFáinní |Thiarna na bhFáinní]], agus is scéal eachtraíochta bunaithe ar thóraíocht Bhiolbó Baigín é, chun scair de shaibhris an Dragan Smóg a fháil. Cabhraíonn Biolbó le Gandalf Draoi agus Toirín an t-abhac, ceannaire dosaen abhac teifeach le ról mar ghadaí a thógáil sa chomplacht. Is iad téamaí lárnacha an leabhair ná éabhlóid agus fás pearsanta, teacht in aois, chomh maith le téamaí de shaint, laochas agus misneach de shaghsanna éagsúla.
 
== Achoimre an Phlota ==