An difríocht idir athruithe ar: "An Gasúr a Chaith na Pitseámaí Stríocacha"

m
no edit summary
m
 
 
== Achoimre ar an bPlota ==
Díríonn an scéal seo ar bhuachaill darbh ainm Bruno atá ag fás aníos i mBeirlín na Gearmáine lena thuistí agus a dheirfiúir. Bogann siad go dtí an Pholainn le linn tréimhse fhrith-Ghiúdach sa Ghearmáin agus an Dara Cogadh Domhanda faoi lánseol. Déantar an bogadh seo mar gurb é athair Bruno ceannfort ar champa géibhinn (campa báis) in [[:en:Auschwitz]]. D’ainneoin sin, déanann athair Bhruno cinnte de go bhfuil gnáthshaol den chuid is mó aige, ach is léir go bhfuil go leor ceisteanna aige agus tugann a chuid fiosrachta é go fál sreinge deilgní Auschwitz. Is ann a bhuaileann Bruno le Schmuel, buachaill maol, tanaí a shuíonn ar an taobh eile den fhál i bpitseámaí le stríocacha gorma is bána orthu. <ref>{{cite book|author=Boyne, John |year=2006 |title=The Boy In The Striped Pyjamas | publisher=Dublin: David Fickling Books}}</ref> [[File:Sachsenhausen clothes.jpg|thumb|SachsenhausenÉadaí clothesSachsenhausen]]
 
Cruthaítear cairdeas eatarthu, cairdeas a choimeádann siad faoi cheilt ó dhaoine eile thart timpeall orthu. Labhrann na buachaillí faoin saol aisteach atá acu agus deir Schmuel gur tháinig sé agus a theaghlach anseo chun obair a dhéanamh, ach gur scaradh óna chéile iad ag an tús agus nach bhfuil a thuismitheoirí ná aon duine eile dá theaghlach feicthe aige ó shin.