An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Rúise roimh Pheadar Mór"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
litriú
Líne 11:
Deir an Chroinic gur gaireadh rí nó ruire de chineál éigin den taoiseach Lochlannach darbh ainm Rurik - ''Hrærekur'' in [[Íoslainnis]] an lae inniu, ''Rörek'' as [[Sualainnis]] - agus go ndeachaigh sé i gceannas ar an gcathair úd Novgorod. Faoin taca céanna - sa naoú haois - ghabh beirt taoiseach eile [[Cív]] in [[An Úcráin|Úcráin]] an lae inniu le húsáid na bunáite a bhaint aisti agus iad ag ionsaí [[Cathair Chonstaintín|Chathair Chonstaintín]].
 
Chuir Rurik bun le rítheaghlach a ainmnítear as féin - na ''Rurikovichy'' nó [[Clann Rurik]]. Fuair Rurik bás sa bhliain 879, ach má fuair féin, chrom a mhuintir ar obair an chogaidh ar áit na mbonn le tuilleadh tailte a ghabháil don tír a bhí bunaithe ag mo dhuine. Bhí luí ar leith ag Oleg (''Helgi'' as Íoslainnis, ''Helge'' i Sualainnis an lae inniu) le cogaíocht, agus d'éirigh leis bás an bheirt taoiseach a thabhairt a bhí i seilbh Chíév. Rinne sé a phríomhchathair féin de Chíév agus d'fhág sé mac Rurik, Igor (Ingvar i dteanga na Lochlannach) ag rialú Novgorod le cleachtadh a fháil ar ghnóthaí an taoisigh.
 
B'iad na hUigingigh seo a bhaist a hainm ar an Rúis. ''Rus'' a thugann Croinic Neastóir ar an treibh ar leith de Lochlannaigh a hiarradh isteach leis na Rúisigh a rialú, agus deirtear go gcaithfidh sé go bhfuil baint ag an ainm seo le [[Roslagen]], ceantar i dtuaisceart na [[An tSualainn|Sualainne]]. Thairis sin, tugtar Ruotsi ar thír na Sualainne i d[[Fionlainnis|teanga na Fionlainne]], agus tá go leor tuairimíochta á dhéanamh thart timpeall ar an dóigh a mbaineann an focal áirithe seo leis an dá cheann eile.