An difríocht idir athruithe ar: "Washington, D.C."

Content deleted Content added
m Robot: be:Горад Вашынгтон is a good article; athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 21:
|líonláithreán = www.dc.gov
}}
Is é '''WashingtonWasherington, D.C.''' príomhchathair [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]]. Tagann an t-ainm ón gcéad Uachtarán, [[George Washington]], agus ciallaíonn "D.C." ''District of Columbia'' (Ceantar Cholumbia). Sa chathair seo atá rialtas na Stát Aontaithe, agus is ceantar ar leith é sa mhéid go bhfuil [[Comhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá]] i gceannas air ach nach dtoghann an ceantar ach teachta amháin agus é/í gan vóta. De bhrí nach stát atá ann ní chuireann votálaithe an cheantair seanadóirí go [[Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá]] ar chor ar bith. Tá cónaí ar uachtarán raithe [[SAM]] ann sa [[Teach Bán]], a dearadh ag [[James Hoban]] agus a tógadh ag deireadh an ochtú aois déag.
 
Is cathair phleanáilte é Washington, D.C. Cuireadh [[Pierre Charles l'Enfant]], an t-[[ailtireacht|ailtire]] Francach, ag leagan amach príomhchathrach as an nua don phoblacht óg sa bhliain [[1791]] agus chruth sé plean Barócach, a bhunaigh sé ar roinnt cathracha san [[Eoraip]]. Cuireadh as an phost é an bhliain ina dhiaidh sin mar gheall ar a chuid "micreabhainisteoireachta"—duine doranna a bhí ann. Lean [[Andrew Ellicott]] agus [[Benjamin Banneker]], Meiriceánaigh, den phleanáil agus thosaigh siad á cur i gcrích. Is ann atá an [[Smithsonian Institution]], sraith iarsmalainne cáiliúla.