An difríocht idir athruithe ar: "Iósaf Stailín"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 21:
== Saol ==
[[Íomhá:Stalin 1894.jpg|clé|150px|thumb|Stailín sa bhliain 1894]]
cunt
Ba i Gori sa tSeoirsia a rugadh é mar bhí sí inaa 'prostatute' agus ba e conor friel an dhaidí de stalin lololo bhi D an bheag aige lfuair an chuid eile dá theaghlach bás go hóg, rud a d'fhág gur tógadh ina leanbh aonair é. Gréasaí ba ea a athair agus ba ghlantóir í a mháthair. Ní raibh a athair ina cheann maith dó, nó bhí dúil nimhe aige san ólachan, agus ba mhinic é ag tabhairt greidimíní dá mhac. Thug Giúdach i Gori, a raibh a mháthair ina seirbhíseach aige, leabhair d'Ioseb óg agus spreag sé chun léinn é. Thug sé an-taithneamh d'úrscéalta rómánsúla Aleksandre Qazbegi faoi stair agus laochra na Seoirsia, ach go háirithe. Ag ocht mbliana d'aois dó, chuaigh Ioseb chun na scoile, áit a raibh air féin agus a chomhdhaltaí [[Rúisis]] a fhoghlaim. Chuir an buachaill óg an-spéis i mbéaloideas a thíre agus ghlac sé an t-ainm cogaidh Koba nuair a chuaigh sé leis an réabhlóideachas, i gcuimhne ar laoch de chuid an bhéaloidis, a bhí ina phríomhcharachtar i gceann de na leabhair a scríobh Kazbeg freisin. D'éirigh go han-mhaith leis ar scoil agus bronnadh scoláireacht air le staidéar a dhéanamh ar an diagacht i gcliarscoil [[Tbilisi|Tiflis]], coláiste de chuid Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise.
 
== ==
He liked tofuck bitches and get money. Foilsíodh dán leis i mbailiúchán de scoth na litríochta as [[Seoirsis]] nuair nach raibh sé ach ina dhalta scoile. Ní raibh spéis ar bith ag Stalin sa chreideamh agus ba ghearr go raibh sé ina bhall den ghluaiseacht shóisialach agus é sa chliarscoil. Mar sin féin, deirtear gur fhág an scoil eaglasta a lorg féin ar a smaointeachas agus ar an dearcadh a bhí aige ar "scríbhinní naofa" na gluaiseachta sóisialaí. Chuir sé spéis i saothar [[Karl Marx]] agus díbríodh as an scoil é. Chaith sé deich mbliana ag obair go rúnda don ghluaiseacht shóisialach, gabhadh go minic é agus chaith sé seal ar deoraíocht sa t[[An tSibéir|Sibéir]]. Bhí sé dílis do cheannaire na gCumannach [[Vlaidímír Léinín]] agus ghlac sé páirt i robáil bancanna chun airgead a bhailiú don pháirtí. Bhí sé ina bhall de lárchoiste na gCumannach ó mhí Eanair 1912. Ba i 1913 a ghlac sé chuige an t-ainm Stalin (ón bhfocal Rúisise ''сталь/stal'', a chiallaíonn "[[Cruach (miotal)|cruach]]", cosúil le "steel" an Bhéarla) mar ainm cogaidh.
 
=== Tar éis na Réabhlóide 1917 ===
[[Íomhá:Lenin and stalin.jpg|deas|150px|thumb|Stailín agus [[Léinín]] le céile i nGorki, 1922]]
Ceapadh ina eagarthóir ar pháipéar na gCumannach, [[Pravda]], é sa bhliain 1917. Ní léir gur thug sé tacaíocht iomlán do na Cumannaigh sa réabhlóid a bhris amach i Mí Feabhra 1917, ach faoin am ar ghabh Lenin forlámhas ar an rialtas réabhlóideach i Réabhlóid Dheireadh Fómhair bhí Stalin ag tacú go díograiseach leis. Bhí cogadh cathartha ann i ndiaidh do na Cumannaigh dul i gceannas ar an tír, agus bhí Stalin gníomhach ina Choimeasár san Arm Dearg.
 
Rinneadh Rúnaí Ginearálta an Lárchoiste de Stalin i 1922 agus d'úsáid sé an post sin chun a chumhacht a mhéadú go dtí go raibh sé ní ba chumhachtaí ná duine ar bith eile san [[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]]. Tuairiscítear go raibh alltacht ar Lenin nuair a thuig sé an oiread cumhachta a bhí ag Stalin agus rinne sé iarracht é a ruaigeadh as oifig. Deirtear, fiú, gurb é sin ba chúis leis an teannas néarógach a thug bás Léinín. Ar aon nós, nuair a dheachtaigh Léinín a thiomna polaitiúil don Pháirtí, chuir sé an-bhéim ar chomh dainséarach a bhí sé a leithéid de chumhacht a fhágáil i lámha aon duine amháin. Ón taobh eile de, is iomaí locht a fuair sé ar na ceannairí Cumannacha eile, agus is deacair a rá, an raibh Stalin ag déanamh ní ba mhó scime dó ná an chuid eile acu. Cibé scéal é, nuair a bhí Léinín básaithe, ní dhearna an Páirtí ach a mholadh dó aird a thabhairt ar an gcáineadh a fuair sé ó Léinín. Mar sin, d'éirigh le Stalin smacht a choinneáil ar an bpáirtí agus gach duine eile a bhí ag iarraidh teacht i gcomharbas ar Lenin a dhíbirt.
 
Agus é ag rialú na tíre, dhírigh Stalin ar an "[[Sóisialachas in Aon Tír Amháin]]" a fhorbairt seachas réabhlóid idirnáisiúnta a spreagadh. Rinne sé géarleanúint orthu siúd nár aontaigh leis, go háirithe [[Leon Trotscaí]], a bhí go mór mór i bhfách leis an réabhlóideachas domhanda. Bhí sé an-chumasach ag cur daoine in aghaidh a chéile, agus de réir a chéile bhí deachtóireacht iomlán aige ar an Aontas Sóivéadach. Ní raibh cead ag duine ar bith é a cheistiú, agus thug sé faoi athruithe ollmhóra a dhéanamh ar thalmhaíocht agus ar thionsclaíocht na Rúise agus na dtíortha eile a bhí faoina smacht. Chuir sé sraith de Phleananna Cúig Bliana ar bun chun spriocanna a bhaint amach agus ba mhór an méid a d'fhulaing na milliún daoine, go háirithe faoin tuath, chun mianta Stalin a shásamh. D'éirigh leis an tionsclaíocht a neartú ach bhí toradh an-tubaisteach ar a pholasaí talmhaíochta, mar gur ruaigeadh na milliún feirmeoirí as an talamh chun feirmeacha ollmhóra stáit a chur ar bun, agus bhí gorta ollmhór ar fud na tíre dá bharr.
 
Bhí arbhar á dhíol thart agus muintir na tuaithe ag fáil bháis den ocras (beart a rinne [[Mao Tse-tung]] sa tSín chomh maith níos déanaí). Meastar go bhfuair idir cúig agus deich milliún daoine bás den ocras sna blianta 1932-33.
 
Rinne Stalin iarracht an eolaíocht agus an t-oideachas a chur chun cinn agus bhí rath áirithe ar a chuid iarrachtaí, ach chuir sé an oiread sin eolaithe agus daoine léannta i bpríosún nó ar deoraíocht nár éirigh lena chuid iarrachtaí go léir. Thairis sin, bhí sé ag iarraidh cúrsaí na heolaíochta a stiúradh de réir phrionsabail an Mharxachais, rud nach raibh ag obair go maith nuair a bhí cúrsaí na bitheolaíochta i gceist. D'fhág sé an bhitheolaíocht faoi [[Trofim Lysenko]], mar shampla. Bhí teoiricí ag Lysenko nach raibh bun ná barr leo, ach amháin go raibh siad ag taithneamh leis an deachtóir. Nuair a cuireadh na teoiricí i bhfeidhm, ní dhearna siad ach damáiste don talmhaíocht Shóivéadach, ach níorbh é Lysenko a bhí thíos leis: cuireadh an milleán orthu siúd a bhí ag cur a chuid polasaithe i bhfeidhm, agus caitheadh na céadta comhairleoirí talmhaíochta i dtóin phríosúin dá réir sin. Bhí brainsí eile na heolaíochta agus an léinn faoi chúram giollaí de chuid an deachtóra a bhí i bhfad ní b'fhearr ag déanamh plámáis le Stalin ná ag taighde is ag staidéar. Ba mhinic a cimíodh fíor-shaineolaithe sciliúla, murar cuireadh chun báis go díreach iad, toisc nach raibh torthaí a saothair ag taithneamh le Stalin ná le lucht a leanúna, agus rinneadh dochar as cuimse don eolaíocht is don léann san Aontas Sóivéadach.
 
Rinneadh cos ar bolg ar lucht eaglaise agus leagadh eaglaisí go talamh nó baineadh úsáid nua astu. Cuireadh ealaíontóirí agus scríbhneoirí faoi smacht nó díbríodh iad chomh maith.
 
Bhí sé de nós ag Stalin oifigigh agus ceannairí a pháirtí féin a chur faoi chois agus a dhíbirt ó am go ham chomh maith chun daoine a choinneáil faoi sceimhle agus dílis dó féin. Bhí droch-cháil ar na trialacha taispeántais a chuir Stalin ar bun chun imeaglú a dhéanamh ar a pháirtí féin agus ar an bpobal i gcoitinne. Ach mar sin féin, bhí ardmheas ag cuid mhaith d'intleachtóirí na hEorpa air agus cuireadh páirtithe Cumannacha ar bun ar fud an domhain a ghlac le horduithe as Moscó. Bhunaigh sé an tIdirnáisiúntán Cumannach, nó an ''Comintern'', chun an Cumannachas a chur chun cinn ar fud an domhain. I measc na ndreamanna a fuair tacaíocht ó Stalin bhí Cumannaigh na Spáinne – chuir sé gunnaí agus eitleáin chucu le linn an [[Cogadh Cathartha na Spáinne|chogaidh chathartha]] sa tír sin, ach má chuir féin, fuair sé ní ba tábhachtaí na Sóisialaigh neamh-Chumannacha sa tír sin a chur faoi chois ná troid a chur ar fhórsaí [[Francisco Franco|Franco]].
 
=== An Dara Cogadh Domhanda ===
Cé go raibh Stalin naimhdeach i leith cheannairí faisisteacha na hEorpa, shínigh sé [[Conradh Ribbentrop agus Molotov|conradh frithionsaí]] le [[Hitler]] sa bhliain 1939. Bhí sé dóchasach go rachadh an Ghearmáin chun cogaidh le tíortha an Iarthair, rud a lagódh an dá thaobh agus a thabharfadh an deis dó a chumhacht a mhéadú ar fud na hEorpa. Roinn an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach tíortha oirthear na hEorpa eatarthu, nó nuair a d'ionsaigh arm na Gearmáine an Pholainn i Mí Mheán Fómhair 1939, tháinig na Sóivéadaigh isteach ón taobh eile, agus sa deireadh, chuaigh críochdheighilt ar an bPolainn de réir na teorainn a bhí socraithe ag an nGearmáin agus ag an Aontas Sóivéadach roimhe sin. Thairis sin, d'áitigh Stailín ar cheannairí na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine a cheadú go gcuirfí fórsaí armtha Sóivéadacha ar garastún sna tíortha seo. Ní ba deireanaí, baineadh úsáid as na fórsaí seo leis an trí thír a fhorghabháil agus a nascadh den Aontas Sóivéadach mar "phoblachtaí Sóivéadacha" nua. Bhí an gabháltas seo socraithe sa chonradh chomh maith, agus mar sin, ní dhearna Hitler a dhath le cur ina aghaidh.
 
Ní raibh na Fionlannaigh sásta a cheadú go mbunófaí bunáiteanna míleata Sóivéadacha ina dtír, agus ó nach raibh, rinne Stalin [[Cogadh an Gheimhridh|ionradh ar an bhFionlainn]] i mí na Samhna 1939. Bhí na Sóivéadaigh ag iarraidh an tír a ghabháil, ach ós rud é nach raibh ag éirí go rómhaith leo, bhí Stailín sásta sa deireadh gan an neamhspleáchas a bhaint den Fhionlainn, cé gur chaill an Fhionlainn cúige na Cairéile in aice leis an teorainn. B'é an tátal a bhain Hitler, mar shampla, as an gcogadh seo nach raibh na saighdiúirí Sóivéadacha réidh chun cogadh nua-aimseartha a fhearadh.
[[Íomhá:Jalta 1945.jpg|deas|200px|thumb|Stailín le [[Winston Churchill|Churchill]] agus [[Franklin D. Roosevelt|Roosevelt]] ag [[Comhdháil Yalta]] sa bhliain 1945.]]
 
Nuair a bhí an Pholainn cloíte ag an nGearmáin agus ag an Aontas Sóivéadach in éineacht, fágadh cuid mhór saighdiúirí Polannacha i mbraighdeanas sa Rúis. Ar an 5 Márta 1940 shínigh [[Lavrentiy Beriya|Beriya]], ceannasaí na bhfórsaí slándála san Aontas Sóivéadach, ordú chun na mílte oifigeach agus sibhialtach Polannach a mharú faoi cheilt. Cuireadh na marbháin i g[[Katyn]] i gcóngar do [[Smolensk]] in Iarthar na Rúise. Is deacair a rá, cé acu a maraíodh ansin, ach is dócha go raibh timpeall ocht míle oifigeach airm agus oiread eile de shibhialtaigh i gceist, ar a laghad.
 
I Meitheamh 1941, bhris Hitler a chonradh le Stailín agus rinne sé ionradh ar an Aontas Sóivéadach - [[Feachtas Barbarossa]], mar a thug sé ar an oibríocht chogaidh seo. Bhí Hitler ag ullmhú ionsaí ar an Rúis ó thús a chaithréime, nó bhí sé tar éis a scríobh ina leabhar, [[Mein Kampf]], go gcaithfeadh an Ghearmáin "spás maireachtála", ''[[Lebensraum]]'', a fháil, agus go raibh flúirse den earra sin sa Rúis. Deirtear fosta gur taibhsíodh do Hitler go raibh Stailín ag brath ar an nGearmáin a ionsaí é féin agus gur mhithid an deis a thabhairt a fhad is a d'fhéadfadh sé. Tá an teoiric áirithe seo bunaithe, thar aon rud, ar thuairimí Viktor Suvorov, an tréigtheoir Sóivéadach a bhí ina ghníomhaire rúnseirbhíse ag Coiste Slándála an Stáit ([[KGB]]) tráth. Níl ach cuid de na staraithe sásta glacadh leis an teoiric, agus tá sí ina cnámh spairne i gcónaí.
 
Cibé scéal é, nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh, ní raibh Stailín ábalta é a chreidiúint ar dtús. Bhí sé ag fáil rabhadh i ndiaidh rabhadh óna chuid gníomhairí rúnda, an Cumannach Gearmánach [[Richard Sorge]] mar shampla, ach rinne sé neamhshuim díobh, agus fiú nuair a bhí an namhaidh ag cur cogaidh cheana féin, d'áitigh sé nach raibh i gceist ach míthuiscint, agus gurbh fhéidir deireadh a chur leis na "scirmisí" seo trí theagmháil taidhleoireachta leis na Gearmánaigh. Nuair a tháinig an tuiscint aige gur mórionsaí míthrócaireach a bhí i gceist, theip a chuid néaróg ar Stailín, agus d'éalaigh sé go dtína theach saoire ar feadh tamaill. Dealraíonn sé gur chreid sé a chluiche caillte ar fad agus an chuma seo ar na cúrsaí.
 
Ní raibh a chuid giollaí sách dána leis an deachtóir a tháinseamh, áfach, agus nuair a thuig Stailín gur amhlaidh a bhí, chrom sé ar ais ar a chuid oibre. An gnáthshaoránach Sóivéadach a bhí tar éis an oiread sin cruatán a fhulaingt faoina chomandracht, ghlac sé le Stailín anois mar shiombail don chath a chuir an náisiún ar a shon féin. Chuaigh Stailín go mór mór i dtuilleamaí an náisiúnachais Rúisigh féin - ar bhealach nach raibh na sean-Chumannaigh go léir sásta leis ar dtús - ina chuid óráidíochta le linn an chogaidh. An chéad óráid a thug sé i ndiaidh ionsaí Hitler, choinnigh muintir an Aontais Shóivéadaigh cuimhne uirthi go lá a mbáis, nó tar éis dó ''A Chomrádaithe'' a rá, chuir sé ceiliúr eile ar fad ar an náisiún: ''A Bhráithre is a Shiúracha'' - mar a bheadh sé i gcónaí sa chliarscoil ag foghlaim sagartóireachta. Bhí an chuid eile den óráid lán le tagairtí do stair na Rúise roimh lá an Chumannachais:
 
''Cruthaíonn an stair nach raibh arm ann riamh nach bhféadfaí bua a bhreith air. Shíltí go raibh arm Napoleon dochloíte, ach ansin, chloígh na Rúisigh é, agus ina dhiaidh sin chloígh na Sasanaigh agus na Gearmánaigh é. Shíltí go raibh arm an Impire Wilhelm sa chéad chogadh impiriúlach dochloíte, ach ansin, bhris na Rúisigh, na Sasanaigh agus na Francaigh cath i ndiaidh catha air, go dtí gur threascair na Sasanaigh agus na Francaigh é. Sin é an chinniúint atá i ndán d'arm Faisisteach Hitler inniu, freisin.''
 
Ar dtús, rinne na Gearmánaigh an-ascnamh, agus go sciobtha, bhí na milliúin saighdiúirí Sóivéadacha maraithe nó cimithe acu. Chuir Arm Dearg an Aontais Shóivéadaigh go fíochmhar ina n-aghaidh, ach mar sin féin, ní raibh foirceadal ceart cosanta acu in aghaidh na nGearmánach dea-oilte, dea-eagraithe.
 
Bhí eagla ar Stailín go mbainfeadh Hitler leas as saoránaigh mhíshásta san Aontas Sóivéadach, go háirithe as na cimí polaitiúla in [[GULag|oileánra na gcampaí géibhinn]]. Mar sin, thug sé ordú don NKVD na cimí a mharú sa chuid den Aontas a bhí ar tí titim leis na Gearmánaigh. Maraíodh timpeall is céad míle príosúnach polaitiúil in Iarthar an Aontais Shóivéadaigh, agus má maraíodh, is minic a rinneadh faoi dheifir is faoi dhriopás é, trí bheaignítí a shá iontu nó trí phléascáin láimhe a chaitheamh isteach an fhuinneog sna cealla a bhí ag cur thar maoil le daoine. Iad siúd nár maraíodh, díbríodh soir iad.
 
Bhí saineolaithe Gearmánacha ag súil leis nach mairfeadh an cogadh ach cúig seachtaine, agus ar dtús, bhí an chuma ar na cúrsaí go raibh an ceart acu. Mar sin féin, chuaigh ascnamh na nGearmánach in abar de réir a chéile, agus sa deireadh thiar, stopadh roimh Mhoscó iad i Mí na Nollag 1941.
 
Is liosta gan áireamh na ciníocha agus na náisiúin a ndearna Stalin géarleanúint orthu, agus níor éalaigh na Giúdaigh féin ach oiread le dreamanna eile.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.marxists.org/reference/archive/stalin/ Cartlann Béarla le téacsanna a scríobh Stailín]